An difríocht idir athruithe ar: "Páras"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m r2.7.1) (róbat ag mionathrú: ko:파리 (프랑스)
m róbat ag mionathrú: ilo:Paris
Líne 133: Líne 133:
[[id:Paris]]
[[id:Paris]]
[[ie:Paris]]
[[ie:Paris]]
[[ilo:Paris, Francia]]
[[ilo:Paris]]
[[io:Paris]]
[[io:Paris]]
[[is:París]]
[[is:París]]

Leagan ó 17:49, 19 Eanáir 2011

Teimpléad:Bosca Sonraí - Cathracha Is é Páras (Fraincis: Paris) príomhchathair na Fraince agus í ar an gcathair is mó sa Fhrainc. Tá sé suite cois Seine i dtuaisceart na Fraince i lár an réigiúin darb ainm “Île de France” (tugtar “Réigiún Pháras” air chomh maith; Fraincis: Région parisienne). Tá 2.153.600 duine ina gcónaí taobh istigh de theorainn na cathrach (daonáireamh 2005) agus tá 11.769.433 duine ina gcónaí i mórcheantar uirbeach Pháras (aire urbaine). Mar sin, tá Páras ar ceann de na mórcheantair uirbeacha san Eoraip.

Bhí Páras ina áit lonnaithe thábhachtach le dhá mhílaois anuas agus sa lá atá inniu ann tá sé ar cheann de na príomhionaid maidir le cúrsaí gnó agus cultúrtha ar domhan. Tá tionchar aige ó thaobh chúrsaí polaitíochta, oideachais, siamsaíochta, meán, faisin, eolaíochta agus ealaíon de agus cuireann an méid seo lena stádas mar cheann de na príomhchathair dhomhanda ar domhan.

Is é Páras ceann de na cinn scríbe turasóireachta is coitinne sa domhan. Téann breis is 45 milliún turasóir gach bliain go dtí Réigiún Pháras. Tá roinnt sainchomharthaí tíre íocónacha sa chathair mar aon le hinstitiúidí aithnidiúla agus páirceanna coiteanna.

Sanasaíocht

Tagann an t-ainm "Paris" ó ainm a áitritheoirí, treibh Ghallach darb ainm "Parisii". Tugadh "Lutetia" (nó Lutetia Parisiorum, "Lutetia na bParisii" san iomlán) ar an gcathair le linn fhorghabháil na Rómhánach sa chéad aois go dtí an séú haois. Ach le linn réimeas Julian an Fealsamh (360-363) athainmníodh an chathair mar "Paris".

Measann daoine eile go dtagann ainm na treibhe Parisii ón bhfocal Gaillise parisio, a chiallaíonn "an lucht oibre" nó "na ceardaithe". Ó thús na fichiú haoise, tugtar Paname, focal béarlagair as Fraincis, ar Pháras chomh maith.

Tá a lán leasainmneacha ag Páras, ach is é "La Ville-Lumière" an leasainm is coitinne. Aistrítear é seo mar "Cathair an tSolais" de ghnáth. Tagann an leasainm seo ó chlú na cathrach i rith Ré na hEagnaíochta mar lárionad oideachais, agus níos déanaí mar gheall ar shoilsiú sráide a glacadh go luath sa chathair.

Ceantair na Cathrach

Tá Páras roinnte i gceantair éagsúla. I measc na gceann is cáiliúla, tá:

Place de la Concorde


Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR