An difríocht idir athruithe ar: "Veiniséala"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m robot Adding: to:Venisuela
Líne 61: Líne 61:
* [http://www.venezuelatuya.com/eng.htm www.venezuelatuya.com/eng.htm]
* [http://www.venezuelatuya.com/eng.htm www.venezuelatuya.com/eng.htm]


[[catagóir:Meiriceá Theas]]
[[Rang:Tíortha]]
[[Rang:Tíortha]]



Leagan ó 06:35, 16 Iúil 2006

Teimpléad:Bosca Sonraí Tíre

Is tír ar chósta thuaidh Mheiriceá Theas é Veiniséala. Spáinnis an teanga oifigiúil. Is é Caracas an phríomchathair. Ba é Diego de Losada a bhunaigh an chathair i 1567 tar éis dó na pobail áítiúla a threascairt i gcogadh. Meastar go bhfuil daoine ina gcónaí sa réigiún le os cionn deich míle bliain. Cruthaíodh an tír nuair a thit Gran Colombia as a chéile i 1830 tar éis do na coilíneachtaí saoirse a bhaint den Spáinn i 1811. Ba sa bhliain 1522 a bunaíodh an chóilíneacht Spáínneach agus is í an Spáinnis príomhtheanga na tíre ó shin.

Ba é an cócó príomhtháirge na tíre ar feadh cúpla céad bliain, agus tháinig daoine anois ón Spáinn chun dul i mbun feirmeoireachta. Bhain siad úsáid as sclábhaire ón Afraic chomh maith, agus rinneadh forbairt ar bharraí eile ar nós cadás, siúcra, caifé agus [tobac]]. Is cuid thábhachtach de chultúr Veineiséala traidisiúin, ceol agus amhráin na sclábhaithe.

Rinne Francisco de Miranda, a chaith seal in arm na Spáinne, agus a bhí páirteach i gcogadh saoirse Stáit Aontaithe Mheiriceá agus i Réabhlóid na Fraince, iarracht neamhspleáchas a bhaint amach do Veiniséala, ach ní raibh aird ar bith air, agus níor tháinig gluaiseacht na saoirse chun cinn go dtí gur ghabh Napoleon seilbh ar an Spáinn. D'úsáid lucht rachmais Veiniséala an t-ionradh sin mar leithscéal chun neamhspleáchas a fhógairt i mí Iúil 1811. Bhí Simon Bolivar i measc na réabhlóidithe agus scaip sé soiscéal na réabhlóide ar fud Mheiriceá Theas. Rinne na Spáinnigh iarracht na coilínigh a athghabháil nuair a bhí Napoleon ruaigthe as a dtír féin acu, agus troideadh cogadh fada fuilteach, ach faoi 1821 bhí neamhspleáchas Veiniséala buanaithe.

Tháinig ceannairí éagsúla míleata i gcomharbacht ar a chéile sa tréimhse ar a dtugtar an 'Caudillismo' agus bhí cogadh cathardha sa tír idir na coimeádaigh agus na liobrálaigh sna blianta 1859-1863. Ba iad na liobrálaigh a bhuaigh an cogadh sin, ach ba iad na ginearáil a choinnigh an chumhacht.

Sa chuid ba mhó den bhfichiú haois bhí saighdiúirí i gceannas na tíre, ach cuireadh rialtas daonlathach ar bun i 1959. Is é Hugo Chavez an t-uachtaráin atá ann ó 1999. Iarshaighdiúir a rinne iarracht an rialtas a chur dá chois, ach a toghadh go daonlathach ó shin faoi dhó. Cuireadh as oifig é in éirí amach den eite dheis, a fuair tacaíocht ó na Stáit Aontaithe, ach de bharr léirsithe ollmhóra b'éigean don lucht ceannairce cumhacht a ghéilleadh dó arís.

Mar gheall ar an gcur isteach ó Mheiriceá tá dlúthcheangal déanta ag Chavez le rialtas Chúba agus fógraítear go bhfuil "sóisialachas don 21ú haois" i réim sa tír. Tá an-chuid airgid ag an rialtas mar gheall ar na tobair ola atá go flúirseach inti agus caithtear cuid mhór airgid ar chúinsí sláinte agus oideachais na mbocht a fheabhsú.

Acharl 912,050 ciliméadar cearnach, 30,000 ciliméadar cearnach faoi uisce. Aeráid the theochreasach atá sa tír.

Daonra: 25,375, 281 (2005)

Nascanna seachtracha