An difríocht idir athruithe ar: "Micheál Ó Domhnaill"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
m Athainmníodh Micheal O'Domhnaill mar Micheal Ó Domhnaill: Ceartúchán ar an litriú
m Athainmníodh Micheal Ó Domhnaill mar Micheál Ó Domhnaill
(No difference)

Leagan ó 18:53, 15 Iúil 2006

Ceoltóir. Rugadh é i gContae na Mí ar an 7 Deireadh Fómhair 1952. Bhí a athair, Aodh Ó Domhnaill, as Rann na Feirste i dTír Chonaill, agus d'fhoghlaim sé go leor de thraidisiún ceoil a shinsir agus é ina ghasúr.

Bhí dúil mhór sa spórt aige i gcónaí agus d'imir sé peil do Chontae na Mí mar mhionúr, ach díbríodh é as a bheith ag imirt rugbaí chomh maith nuair a bhí toirmeasc ar a leithéid. Bronnadh giotár air nuair a bhí sé tinn san ospidéal agus é dhá bhliain déag d'aois agus bhain sé ardscil amach san uirlis sin. Thosaigh sé ag seinm leis an ngrúpa Skara Brae (Mícheál Ó Domhnaill, Tríona Ní Dhomhnaill, Dáithí Sproule agus Maighréad Ní Dhomhnaill) nuair a bhí sé fiche bliain d'aois agus bhí baint aige féin agus ag a dheirfiúracha Tríona agus Maighréad le grúpaí cáiliúla eile ar feadh na mblianta ina dhiaidh sin. Bhí sé ina bhall bunaidh de The Bothy Band i 1974 agus ardcháil air ar son a chuid amhránaíochta agus a chuid ceoil ar an ngiotár. Chuaigh sé leis an ngrúpa Relativity ar feadh tamaill sna hochtóidí. Rinne sé an-chuid taighde ar amhráin dhúchais a mhuintire, go háirithe lena aintín Neilí Ní Dhomhnaill, agus ar amhráin na hAlban agus Shasana.

Fuair sé bás ar an 7 Iúil 2006.