An difríocht idir athruithe ar: "Carbocsailghrúpa"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: cs ag baint: en ag mionathrú: de, eo
m róbat ag suimiú: et:Karboksürühm
Líne 9: Líne 9:
[[de:Carboxygruppe]]
[[de:Carboxygruppe]]
[[eo:Karboksila grupo]]
[[eo:Karboksila grupo]]
[[et:Karboksürühm]]
[[fr:Carboxyle]]
[[fr:Carboxyle]]
[[ko:카복실기]]
[[ko:카복실기]]

Leagan ó 08:30, 16 Eanáir 2011

Carbocsailaigéad

Is é is carbocsailghrúpa ann ná feidhmghrúpa ceimiceach a bhfuil adamh carbóin amháin, dhá adamh ocsaigine agus adamh hidrigine amháin ann. Is mar -COOH is minicí a scriobhtar i bhfoirmlí simplí struchtúrtha é. Is dual don fheidhmghrúpa seo prótalú a dhéanamh, is é sin, prótón a thabhairt uaidh agus imoibriú a dhéanamh le substaintí alcaileacha (bunata). Mar sin, is feidhmghrúpa aigéadach é an carbocsailghrúpa. Ar an gcarbocsailghrúpa a aithnítear an chuid is mó de na haigéid orgánacha, is é sin, na carbocsailaigéid. Carbocsailaigéid shimplí iad an t-aigéad formach HCOOH (aigéad na seangán), an t-aigéad aicéiteach CH3COOH (aigéad an fhínéagair), agus an t-aigéad bútaireach CH3CH2CH2COOH (aigéad an ime).