An difríocht idir athruithe ar: "Saitō Ryokuu"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Leathanach cruthaithe le 'thumb|200px|Saitō Ryokuu Údar agus criticeoir Seapánach ba ea '''Saitō Ryokuu''' (斎藤 緑雨 ) (24 Eanáir 1868 - 13 Aibreán 1904) a bh...'
 
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Líne 12: Líne 12:


== Naisc sheachtracha ==
== Naisc sheachtracha ==
* [http://www.aozora.gr.jp/index_pages/person565.html 作家別作品リスト:斎藤 緑雨] [[Aozora Bunko]] page for Saitō Ryokuu
* [http://www.aozora.gr.jp/index_pages/person565.html 作家別作品リスト:斎藤 緑雨] Leathanach Saitō Ryokuu ag Aozora Bunko

Leagan ó 06:54, 13 Eanáir 2011

Saitō Ryokuu

Údar agus criticeoir Seapánach ba ea Saitō Ryokuu (斎藤 緑雨 ) (24 Eanáir 1868 - 13 Aibreán 1904) a bhí beo sa ré Meiji. Ainm cleite ba ea Saitō Ryokuu; baisteadh é mar Saitō Masaru (斎藤 賢).

Beatha

Sa bhliain 1896 bhunaigh Ryokuu Mezamashi gusa (めさまし草), iris liteartha, in éineacht le Mori Ōgai (森 鷗外) agus Kōda Rohan (幸田 露伴). San iris seo a foilsíodh Takekurabe (たけくらべ), scéal le Ichiyō Higuchi (Higuchi Ichiyō]] 樋口 一葉) ar mhol na léirmheastóirí go hard é. Cailleadh Ichiyō i Mí Samhna 1896 agus chuidigh Ryokuu lena máthair agus lena deirfiúr teacht i dtír, cé nach raibh sé ró-theann i gcuid is i maoin é féin.

Bhí Shūsui Kōtoku (Kōtoku Shūsui 幸徳 秋水), Baba Kochō (馬場孤蝶) agus Tekkan Yosano (Yosano Tekkan 与謝野 鉄幹) ar a chuid cairde liteartha.

B'fhada eitinn ar Ryokuu agus sa bhliain 1904 chuaigh sí i gcinseal air. Agus é ag saothrú an bháis thug sé dialanna Ichiyō, a raibh sé ag brath ar iad a fhoilsiú, do Kochō. Fuair sé bás ar 13 Aibreán 1904.

Ní chuireadh Ryokuu fiacail ann mar chriticeoir agus ba nathánaí suntasach é.

Naisc sheachtracha