An difríocht idir athruithe ar: "Liam Ó Flaithearta"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Amirobot (plé | dréachtaí)
m [r2.5.2] róbat ag suimiú: ca:Liam O'Flaherty
m rinneadh athsheoladh de Liam Ó Flaithbheartaigh go Liam Ó Flaithearta: Seo an leagan is coitianta
(No difference)

Leagan ó 16:15, 5 Eanáir 2011

Liam Ó Flaithbheartaigh.

Scríbhneoir Éireannach ab ea Liam Ó Flaitheartaigh ( 28 Lúnasa 1896 - 7 Meán Fómhair, 1984). Ba i mBéarla a scríobh sé formhór a shaothair, ach d'fhoilsigh sé leabhar gearrscéalta, Dúil, mar aon le roinnt dánta ó am go chéile as Gaeilge. Tugtar Liam Ó Flaithearta, nó Liam O'Flaherty as Béarla, air freisin. Ba scríbhneoir freisin é Tom O'Flaherty, deartháir leis.

Saol

Rugadh an Flaitheartach ar an 28 Lúnasa 1896 i nGort na gCapall in Árainn. Chuaigh sé ar meánscoil i gColáiste Charraig an Tobair i gContae Thiobraid Árann agus Coláiste na Carraige Duibhe i mBaile Átha Cliath, agus as sin go Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Ach níor lean sé i bhfad ann. Chuaigh sé in arm Shasana sa Chéad Chogadh Domhanda, ach cuireadh as an líne é mar go raibh 'shell shock' air. Rinne sé roinnt mhaith taistil ar an mór-roinn ina dhiaidh sin. Níos deireanaí, bhí plé aige le cumannachas, agus bhí páirt aige in éirí amach sóisialach sa Rotunda i mBaile Átha Cliath, nár mhair ach lá nó dhó. Chuaigh sé go Stáit Aontaithe Mheiriceá freisin, áit ar mhol a dheartháir, Tom, dó dul ag scríobh, i dtús báire d'iris Chumannach a bhí á cur in eagar aige féin.

Saothair

Bhain sé an-cháil amach ó na fichidí anonn mar scríbhneoir ghearrscéalta agus úrscéalta. Scríobh sé roinnt filíochta freisin. I measc a chuid úrscéalta, tá Famine, The Black Soul, Return of the Brute, The Informer, The Assassin, The Martyr, Land, The Pilgrim, Insurrection, The Wilderness, Thy Neighbour's Wife, Mr Gilhooley, agus Skerritt. Cuireadh trí leabhar beathaisnéise leis i gcló, I went to Russia, Two Years of my Life, agus b'fhéidir an ceann is suimiúla acu, Shame the Devil. I measc a leabhair gearrscéalta, tá Spring Sowing, Two Lovely Beasts agus cnuasaigh éagsúla eile, mar aon le ceann amháin Gaeilge, Dúil. Scríobh sé an dán 'Na Blátha Craige' ina léiríonn sé a ghrá don dúlra, ag úsáid íomhánna ón nádúr in Árainn. Fásann na blátha craige, bláthanna beaga bán-dearg ar thalamh nó ar charraigeacha aolchloiche.