An difríocht idir athruithe ar: "An tSlóivéin"
Luckas-bot (plé | dréachtaí) m r2.5.2) (róbat ag suimiú: tk:Sloweniýa |
m róbat ag suimiú: st:Slovenia |
||
Líne 202: | Líne 202: | ||
[[sr:Словенија]] |
[[sr:Словенија]] |
||
[[ss:Siloveni]] |
[[ss:Siloveni]] |
||
[[st:Slovenia]] |
|||
[[stq:Slowenien]] |
[[stq:Slowenien]] |
||
[[sv:Slovenien]] |
[[sv:Slovenien]] |
Leagan ó 11:47, 4 Eanáir 2011
Teimpléad:Bosca Sonraí Tíre Tír bheag i lár na hEorpa, in oirthear na nAilpe is ea an tSlóivéin (Slóivéinis: Slovenija), go hoifigiúl Poblacht na Slóivéine (Slóivéinis: Republika Slovenija), le teorannacha leis an Ostair , an Iodáil, an Ungáir agus an Chróit. Bhí tailte na Slóivéine mar chuid den Impireacht Naofa Rómhánach agus d'Impireacht na hOstaire go dtí 1918 nuair a chuaigh na Slóivéinigh i bpáirt leis na Seirbigh agus na Cróátaigh chun stát nua ilnáisiúnta, an Iúgslaiv a bhunú. D'fhan an tSlóivéin ina cuid den Iúgslaiv tar éis an Dara Cogadh Domhanda, faoi rialtas Cumannach, ach i 1991 d'éirigh léi a neamhspleáchas a bhaint amach tar éis chogadh deich lá. Mar gheall ar na naisc stairiúla le tíortha ar nós na hIodáile agus na hOstaire, ní raibh sé deacair don tSlóivéin dul i bpáirt arís leo, agus glacadh isteach san Aontacht Eorpach agus in ECAT í sa bhliain 2004.
Achar iomlán 20,273 ciliméadar cearnach. Cósta: 46.6 km.
Aeráid mheánmhuirí ar an gcósta, aeráid Alpach sa réigiún sléibhtiúil in aice na hIodáile agus na hOstaire.
Daonra (2005): 2,011,070, ag titim go mall.