An difríocht idir athruithe ar: "Na Sléibhte Creagacha"
m róbat ag suimiú: my:ရော့ကီး တောင်တန်း; cosmetic changes |
m róbat ag mionathrú: az:Qayalı dağlar |
||
Líne 51: | Líne 51: | ||
[[arz:جبال روكى]] |
[[arz:جبال روكى]] |
||
[[ast:Montes Rocosos]] |
[[ast:Montes Rocosos]] |
||
[[az:Qayalı |
[[az:Qayalı dağlar]] |
||
[[bat-smg:Oulėnē kalnā]] |
[[bat-smg:Oulėnē kalnā]] |
||
[[be:Скалістыя горы]] |
[[be:Скалістыя горы]] |
Leagan ó 20:57, 28 Nollaig 2010
Sliabhraon mór is ea na Sléibhte Creagacha (Rocky Mountains nó Rockies). Tá siad suite in iarthar Mheiriceá Thuaidh, idir tuaiscart British Columbia in iarthar Cheanada agus New Mexico in iardheisceart Stáit Aontaithe Mheiriceá. Tá an sliabhraon 3,000 míle (4,830 km) ar fhad. Tá sé 70-300 míle ar leithead (110 - 480 km). Is é Mount Elbert i gColorado an sliabh is airde sna Rockies: 4,440 troigh (4,401 m). Cruthaíoodh na Rockies tuairim is 76 milliún bliain ó shin sa Tréimhse Chailceach. Réigiún turasóireachta atá ann, go mór mhór fánaiocht, campáil, iascaireachta, sciáil agus clársciáil.
Tíreolas
Is é an Liard River in British Columbia teorainn thuaidh na Rockies agus is é an Rio Grande i New Mexico an teorainn theas. Tá sliabhraonta eile ann amhail an Selwyn Range i Yukon agus an Brooks Range in Alaska ar an taobh thuaidh den Liard, agus an Sierra Madre i Meicsiceo. Níl siadsan sna Rockies, áfach, cé go bhfuil siad san American Cordillera. Dar leis na Meiriceánaigh, tá na Cabinet agus na Salish Mountains in Idaho agus Montana sna Rockies, cé go bhfuil an chuid díobh ar an taobh thuaidh den Kootenai River, na Columbia Mountains, lasmuigh de na Rockies dar leis na Ceanadaigh.
Stair
I measc na mbundúchasach sa cheantar áirítear Apache, Arapaho, Bannock, Blackfoot, Cheyenne, Crow, Flathead, Shoshone, [[]], Ute, Kutenai (Ktunaxa i gCeanada), Sekani, Dunne-za. Shroich grúpa faoi cheannas Spáinnigh darbh ainm Francisco Vásquez de Coronado an réigiún sa bhliain 1540, agus tháinig meath mór ar na bundúchasaigh ina dhiaidh sin.
Ba é Sir Alexander MacKenzie an chéad Eorpach a thrasnaigh na Rockies, sa bhliain 1793. Shroich sé cósta an Aigéan Chiúin i mBella Coola in oirthear British Columbia.
Ba é turas taiscéalaíochta Lewis agus Clark (1804–1806) an chéad reconnaissance eolaíoch ar na Rockies.
Bhí go leor mountain men, Francaigh, Spáinnigh agus Briotanaigh ach go háirithe, sna Rockis ó 1720 go 1800, sa tóir ar fhionnaidh agus ar fhosuithe mianna. Bhunaigh an North West Company Rocky Mountain House mar phost trádála in Alberta sa bhliain 1799 agus bhunaigh an Hudson's Bay Company Acton House sa cheantar céanna. ón naoú haois déag ar aghaidh, chuir go lor Meiriceánaigh agus Ceanadaigh de phór na hEorpa fúthu sna Rockies.
Turasóireacht
Tagann na milliúin turasóir chun na Rockies gach bliain. Is é an Béarla príomhtheanga an réigiúin, ach labhraítear Spáinnis agus teangacha na mbundúchasach i gceantar áirithe agus is teanga oifigiúil í an Fhraincis i bpáirceanna náisiúnta Cheanada.
Sna Stáit Aontaithe, tá clú agus cáil ar
- Pikes Peak
- Royal Gorge
- Rocky Mountain National Park
- Yellowstone National Park
- Grand Teton National Park
- Glacier National Park (U.S.)
- Sawtooth National Recreation Area
Seo iad na páirceanna náisiúnta sa chuid Cheanadach de na Rockies
- Banff National Park
- Jasper National Park
- Kootenay National Park
- Waterton Lakes National Park
- Yoho National Park
Tá Glacier National Park in Montana agus Waterton Lakes National Park in Alberta ag críochantacht lena chéile agus Waterton-Glacier International Peace Park a thugtar air seo.
Naisc
- [http://rmgsc.cr.usgs.gov/rmgsc U.S. Geological Survey