An difríocht idir athruithe ar: "Aimsitheoir Aonfhoirmeach Acmhainne"
Luckas-bot (plé | dréachtaí) |
m r2.5.2) (róbat ag mionathrú: ko:통합 자원 지시자 |
||
Líne 58: | Líne 58: | ||
[[km:URL]] |
[[km:URL]] |
||
[[kn:ಯು.ಆರ್.ಎಲ್]] |
[[kn:ಯು.ಆರ್.ಎಲ್]] |
||
[[ko: |
[[ko:통합 자원 지시자]] |
||
[[lb:Uniform Resource Locator]] |
[[lb:Uniform Resource Locator]] |
||
[[lv:Vienotais resursu vietrādis]] |
[[lv:Vienotais resursu vietrādis]] |
Leagan ó 08:23, 26 Nollaig 2010
Is éard is aimsitheoir aonfhoirmeach acmhainne (Béarla: uniform resource locator, URL) ná cineál aitheantóir aonfhoirmeach acmhainne a chuireann in iúl cá bhfuil acmhainn áirithe le fáil agus conas is féidir teacht ar an acmhainn sin. Sa ghnáthchaint, is minic a thugtar URL ar an seoladh gréasáin, cé go bhfuil an úsáid sin beagáinín mícheart.
Ba é Tim Berners-Lee a d'fhorbair comhréir an aimsitheora aonfhoirmigh acmhainne, mar chuid den aitheantóir aonfhoirmeach acmhainne, thiar sa bhliain 1994. Níl sé sásta inniu leis an dóigh a mbaintear úsáid as na poncanna san aimsitheoir, agus é den bharúil go mbeadh sé níos fearr fanacht i dtuilleamaí na slaiseanna amháin. Níl sé sásta leis an tslais dhúbailte a chuirtear ar lorg an http: sna seolta gréasáin ach an oiread.
Cibé scéal é, is mar seo a chuirtear an t-aimsitheoir tipiciúil i dtoll le chéile:
- I dtús, tugtar ainm an phrótacail a úsáidtear, nó an scéimainm;
- agus ansin, ag brath ar an scéim a úsáidtear, an t-óstainm (ainm an óstríomhaire) nó an seoladh prótacail idirlín (seoladh IP);
- an uimhir phoirt;
- ainm cosáin an chomhaid atá le breathnú nó an ríomhchláir atá le rith;
- teaghrán iarratais, le haghaidh ríomhchláir áirithe ar nós na scripteanna comhéadain choitinn geataí;
- agus, más comhad HTML atá ann, is féidir go bhfuil ancaire ann: ansin, in áit an comhad a thaispeáint ó thús, rachfar san áit den chomhad a bhfuil an t-ancaire ag tagairt di.
Mar sin:
- cineál_acmhainne://ainm_úsáideora:pasfhocal@fearann:port/ainmanchosáingodtíancomhad?teaghrán_iarratais#ancaire
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |