An difríocht idir athruithe ar: "Medellín"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m r2.5.2) (róbat ag mionathrú: id:Medellín
No edit summary
Líne 6: Líne 6:
|méid_íomhá = 240px
|méid_íomhá = 240px
|teideal_íomhá =
|teideal_íomhá =
|léarscáil = MunsAntioquia Medellin.png
|léarscáil = Colombia - Antioquia - Medellín.svg
|méid_léarscáil = 240px
|méid_léarscáil = 240px
|coord = {{comhor cn|6|14|N|75|34|W|Thuaidh|Thiar|type:city}}
|coord = {{comhor cn|6|14|N|75|34|W|Thuaidh|Thiar|type:city}}

Leagan ó 05:53, 25 Nollaig 2010

Teimpléad:Bosca Sonraí - Cathracha Is é Medellín (Spáinnis: IPA:[með̞eˈʝin] nó [með̞eˈʎin], go hoifigiúil Municipio de Medellín) an dara baile is mó sa Cholóim. Tá sé suite i nGleann Aburrá, ceann de na gleannta is faide ó thuaidh sa Cordillera Central (sliabhraon de chuid na nAindéas) agus tá sé déroinnte ag an abhainn an Rio Medellín, a shreabhann tríd. De réir dhaonáireamh na bliana 2005, bhí 2,223,078 duine ina gcónaí ann. Is é Mórcheantar Uirbeach Mhedellín an 91ú achar cathrach is mó ar domhan.

Mar phríomhchathair na Roinne, tá ceanncheathrú Rialtas Antioquia lonnaithe ann, ina measc tá Tionól na Roinne (La Asamblea Departamental ), Cúirt na Roinne (La Tribunal Departamental), an Limistéar Cathrach, Oifig an Ard-Aighne (La Fiscalía General), agus Institiúidí agus Gníomhaireachtaí an Stáit.

Chomh maith leis sin, tá an chathair ina ceanncheathrú oifigiúil de chuid na gcuideachtaí cosúil le EDATEL, Teleantioquia; agus roinnt comhlachtaí bardasacha, mar shampla, Empresas Públicas de Medellín (EPM) agus Telemedellín. I dtéarmaí eacnamaíochta, aithnítear an áit mar ionaid mór airgeadais agus mar lár-limistéar mór tionsclaíoch sa Cholóim, baile ina bhfuil go leor chomhlachtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta .

Ina theannta sin, seasann an chathair amach mar cheann de na mór-ionaid chultúrtha sa Cholóim. Tá taithí leathan agus aitheantas go háitiúil go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta bainte amach aige, mar óstach d'féilte móra. Bíonn béim chomh maith ar ngníomhaíocht acadúil agus eolaíocha ann, agus tá ceanncheathrú sa chathair ag roinnt de na hollscoileanna is tábhachtaí sa Cholóim.

Sanasaíocht an ainm Medellín

Mariana na hOstaire.

Bhí Medellín ainmnithe as an baile Metellium , Hispania. Bhunaigh Quintus Caecilius Metellus Pius é sa bhliain 75 R.Ch. Tá Metellium nó Medellín an lae inniu suite gearr do Badajoz, cúige de chuid Extremadura, sa Spáinn.

Bhí cúig ainm ag an lonnaíocht bhunaidh Spáinneach roimh an ceann reatha, mar atá: Aburrá de los Yamesíes, San Lorenzo de Aburrá, San Lorenzo de Aná, Valle de San Bartolomé, agus Villa de la Candelaria de Medellín.

D'iarr an Cunta Count Pedro Portocarrero y Luna, Uachtarán Chomhairle na nIndiacha Thiar (Consejo de Indias), ar mhonarcacht na Spáinne ainm a bhaile, Medellín in Extremadura, a thabhairt don lonnaíocht nua i Meiriceá. Glacadh leis an t-iarratas ar an 22 Samhain, sa bhliain 1674, nuair a d'fhógair an Leasrí Mariana na hOstaire go mbeadh an t-ainm Villa de Nuestra Señora de Medellín feasta ar an chathair. Thug an Gobharnóir, Miguel Aguinaga y Mendiogoitia, an forógra oifigiúil amach , ar an 2 Samhain, sa bhliain 1675. Dheonaigh Mariana armas chun na cathrach ar an 24 Meitheamh, 1676.

Stair

Indiaigh Mheiriceá

Tá fianaise sheandálaíochta ann go raibh daoine ina gcónaí i nGleann Aburrá ó 10,500 bliain ó shin, agus gurbh fhiagaithe cnuasaitheoirí iad. D'aimsigh coilínigh Spáinneacha treibheanna ar nós na hAburrá, na Yamesí, na Pequé, na hEbejico, na Norisco, agus na Maní a chónaigh sa ghleann ón chúigiú haois. Thug na hAburrá a n-ainm don ghleann. B'fheirmeoirí iad a d'fhás pónairí, arbhar Indiach, agus cadás. D'fhigh siad agus mhaisigh siad teicstílí. Dhíol siad salainn agus ba ghaibhneoirí óir iad. Faoi riail na Spáinne, chaill siad a gcuid talún a bhí faoi réir chóras feodach rialtais. Cuireadh go leor díobh chun na mianach. Chuaigh siad in éag, ar a laghad ón ghleann, de bharr na breoiteachta a thionscain na hEorpaigh, chomh maith leis an obair chrua agus an chóir mhífhabhrach a fuair siad. Is féidir teacht ar dhaoine a bhaineann leis na hAburrá fós i réigiúin eile Stáit Antioquia, mar na hUrabá agus sna réigiún san iarthair agus ó dheas.

Fionnachtain Spáinneach an ghleanna

An Marascal Jorge Robledo.

I mí Lúnasa sa bhliain 1541, bhí an Marascal Jorge Robledo san áit ar a dtugtar Heliconia air an lá atá inniu ann nuair a chonaic sé i gcéin uaidh áit a cheap sé a bhí ina gleann. Chuir sé Jerome Louis Tejela ar aghaidh chun taiscéaladh a dhéanamh ar an chríoch, agus le linn oíche an 23 Lúnasa shroich Tejela an mhá ar a bhfuil Medellín anois. Thug na Spáinnigh Ghleann Naomh Bairtliméid (el valle de San Bartolomé) ar an áit.