An difríocht idir athruithe ar: "Banc Angla-Éireannach"
Agsmaoineamh (plé | dréachtaí) mNo edit summary |
m róbat ag suimiú: bat-smg, de, fr, nl, pt, ru ag mionathrú: en |
||
Líne 15: | Líne 15: | ||
[[Catagóir:Bainc na hÉireann]] |
[[Catagóir:Bainc na hÉireann]] |
||
[[ |
[[bat-smg:Anglo Irish Bank]] |
||
[[de:Anglo Irish Bank]] |
|||
[[en:Anglo Irish Bank]] |
|||
[[fr:Anglo Irish Bank]] |
|||
[[nl:Anglo Irish Bank]] |
|||
[[pt:Anglo Irish Bank]] |
|||
[[ru:Anglo Irish Bank]] |
Leagan ó 04:35, 22 Nollaig 2010
Is banc Éireannach é Banc Angla-Éireannach nó Anglo-Irish Bank sa Bhéarla. Tá ceannáras an bhainc lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Cuireadh an banc i seilbh an stáit i mí na Nollag, 2008. Is í baincéireacht thrádalach príomhghnó an bhainc agus de réir sin níl a lán brainse miondíol ag an mbanc i gcathracha na hÉireann. Ta roinn bhainisteoireach saibhris agus roinn cistíochta ag an mbanc freisin.
Ba é iasachtaí do thógálaithe agus d'fhorbróirí eastát réadach an chuid is mó de ghnó Bhanc Angla-Éireannach agus buaileadh an banc go trom i dtitim mhargadh maoine in Éireann sa bhliain 2008. D'fhógair rialtas na hÉireann i mí na Nollag 2008 go raibh siad chun 1.5 billiún euro a chur isteach sa bhanc agus go dtógfaidís úinearacht ar 75% den bhanc. Stopadh trádáil i scaireanna an bhainc ar na stoc-mhalartáin i mBhaile Átha Cliath agus i Londain ar an bpointe. Ba é €0.22 an praghas deireanach, titim 98% ón bpraghas is airde. (Ceaptar nach bhfuil luach ar bith ar na scaireanna anois.)
Dúirt an Taoiseach, Brian Ó Comhain, ar 16 Eanáir 2009 go raibh "gnó mar is gnáth" ar siúl sa bhanc agus rinne sé iarracht an phobal a athdheimhniú gur banc sócmhainneach a bhí ann. Idir mí Meithimh agus mí Meán Fomhair sholáthraigh an tAire Airgeadais, Brian Ó Luineachán, 4 billiún euro capitil don bhanc. I ráiteas ar 30 Márta 2009, d'fhógair Ó Luineachán go raibh sé chun 8.3 billiún euro sa bhreis a chur isteach sa bhanc agus go mbeadh suas go 10 billiún euro eile ag teastáil ag an mbanc mar gheall ar chaillteanais a dhéadfadh tarlú sa todhchaí.
Tháinig roinnt conspóidí chun solais ó tharla náisiúnú an bhainc:-
- iasachtaí do stiúrthóirí an bhainc
- iasachtaí a thug an banc do deichniúr custaiméirí chun scaireanna a bhainc a bhí ag grúpa Quinn a cheannach
Ar 31 Márta 2010 d'fhógraíodh go raibh caillteanas €12.7 billiún ag an mbanc (brabús oibriúcháin €2.4 billiún curtha le bearnúcháin €15.1 billiún). Ba é an caillteanas is mó riamh ag comhlucht Éireannach.
Dearbhaigh iar-chathaoirleach an bhainc, Seán Fitzpatrick, ina fhéimheach in Ardchúirt na hÉireann ar 12 Iúil 2010.