An difríocht idir athruithe ar: "Óglaigh Uladh"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m robot Adding: fi:UVF
m robot Adding: simple:UVF
Líne 10: Líne 10:
[[fi:UVF]]
[[fi:UVF]]
[[pl:Ulster Volunteer Force]]
[[pl:Ulster Volunteer Force]]
[[simple:UVF]]

Leagan ó 06:22, 9 Iúil 2006

Eagraíocht mhíleata a bunaíodh i 1912 chun cur i gcoinne Féinriail d'Éirinn is ea Óglaigh Uladh (UVP, nó as Béarla, na Ulster Volunteers, agus tar éis sin an Ulster Volunteer Force). Bhunaigh an dlíodóir Edward Carson, James Craig, agus ceannairí aontachtaithe agus dílseacha i gCúige Uladh na hÓglaigh agus bhagair siad éirí amach fuilteach dá mbunófaí parlaimint i mBaile Átha Cliath. 'Home Rule is Rome Rule' agus 'Ulster will fight and Ulster will be right' na manaí a bhí acu. Shínigh os cionn dhá chéad míle duine Cúnaint agus cuireadh eagar míleata orthu. Ceannaíodh na mílte gunnaí agus armlón as Hamburg sa Ghearmáin agus tugadh isteach go Latharna iad. Dhiúltaigh oifigigh de chuid Arm na Breataine in Éirinn gníomhú in éadan na bparamhíleatach seo, agus bunaíodh Óglaigh na hÉireann (IRA an lae inniu) faoi cheannas cheannaire an Pháirtí Náisiúnta, John Redmond, mar fhreagra ar a mbagairt don fhéinriail. Nuair a ceadaíodh an fhéinriail faoi dheireadh i 1920 rinneadh críochdheighilt ar Éirinn agus tugadh a bparlaimint féin d'aontachtóirí Uladh, agus flaitheas aici ar shé chinn de chontaetha Chúige Uladh.

Tháinig eagraíocht sceimhlitheoireachta sheicteach chun cinn sna 1960í faoin ainm Ulster Volunteer Force (UVF); d'úsáid siad pléascáin agus feallmharú in aghaidh an phobail Chaitlicigh, agus tá neart fianaise ann go bhfuil siad gníomhach go fóill, go háirithe i smugláil agus i ndíol drugaí. Is ar éigean gur éirigh leo aon ionadaíocht a bhaint amach i dtoghcháin le blianta anuas. An Páirtí Aontachtach Forásach an grúpa polaitiúil is gaolta leis an UVF fao láthair.