23,381
edits
[[File:Nancy Pelosi official portrait.jpg|thumb|upright|Nancy Pelosi]]
Is polaiteoir [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Meiriceánach]] í '''Nancy Patricia D'Alesandro Pelosi''' (ar [[26 Márta]], [[1940]] a rugadh í). Ionadaí í de chuid an [[Páirtí Daonlathach (Stáit Aontaithe)|Pháirtí Dhaonlathaigh]] chuig [[Teach Ionadaithe na Stát Aontaithe]], ar son an Ochtú Ceantar Comhdhála i g[[California]], a chuimsíonn an chuid is mó de chathair [[San Francisco]]. Ceannaire Comhairle an Teach Ionadaithe atá inti faoi láthair sa 111ú Comhdháil. Thogh a comhbhaill Dhaonlathacha sa Teach í mar Cheannaire an Mhionlaigh don 112ú Comhdháil, a thosnóidh i mí Eanáir, 2011.
Mar Cheann Comhairle, is í an dara duine (i ndiaidh an leasuachtaráin) mar chomharba ar uachtarán na Stát Aontaithe mura mbeadh sé seo ábalta a chuid cúraimí a chomhlíonadh. Is í an chéad bhean san oifig
Saolaíodh i m[[Baltimore, Maryland|Baltimore]], [[Maryland]] í mar Nancy Patricia D'Alesandro. Ba iad Anunciata M. (“Nancy”) agus Thomas D’Alesandro a tuismitheoirí. Ba bhall de Chomhdháil na Stát Aontaithe é a hathair. Bhí sé ina mhéara ar Baltimore freisin, roimhe sin. D’fhreastail Nancy Pelosi ar an Institute of Notre Dame, ardscoil Chaitliceach do chailíní, i mBaltimore. Bhain sí céim bhaitsiléara san eolaíocht pholaitiúil amach ag Trinity College (Ollscoil Trinity Washington inniu) i Washington, D.C. sa bhliain 1962.
|