An difríocht idir athruithe ar: "Géineolaíocht"
Luckas-bot (plé | dréachtaí) m róbat ag suimiú: be-x-old:Генэтыка |
Luckas-bot (plé | dréachtaí) m [r2.5.2] róbat ag suimiú: sw:Jenitikia |
||
Líne 109: | Líne 109: | ||
[[su:Genetika]] |
[[su:Genetika]] |
||
[[sv:Genetik]] |
[[sv:Genetik]] |
||
[[sw:Jenitikia]] |
|||
[[ta:மரபியல்]] |
[[ta:மரபியல்]] |
||
[[te:జన్యుశాస్త్రం]] |
[[te:జన్యుశాస్త్రం]] |
Leagan ó 03:37, 30 Samhain 2010
Is disciplín bitheolaíochta í an Ghéineolaíocht (ón Sean-Ghréigis γενετικός genetikos, "ginideach" agus ó γένεσις genesis "bunús" [1][2][3]), ina ndéantar staidéar ar oidhreacht agus éagsúlachtaí.[4][5] Bhí an fhíric go bhfaigheann orgánaigh bheo tréithe oidhreachtúla óna dtuismitheoirí úsáidte ó am réamhstairiúil chun feabhas a chur ar phlandaí agus ainmhithe trí phórú roghnaíoch. Mar sin féin, cuireadh tús leis an eolaíochta nua-aimseartha, sé sin an Ghéineolaíocht, a dhéanann iarracht tuiscint a fháil ar phróiseas an oidhreachtúlachta, le hobair Gregor Mendel i lár an naoú haois déag. [6] Cé nach raibh bun fisiciúil na hoidhreachta ar eolas aige, thug Mendel faoi deara go bhfaigheann orgánaigh tréithe trí aonaid discréideacha oidhreachtúla, a dtugtar anois géinte orthu. Fhreagraíonn na géinte do réigiúin laistigh den aigéad dí-ocsairibeanúicléasach (ADN), móilín comhdhéanta de shlabhra le ceithre chineálacha éagsúla núicléitídí - bíonn fáisnéis ghéiniteach na n-órgánach a fhaightear le hoidhreacht ionchódaithe i seicheamhna na núicléitídí seo. Tarlaíonn ADN go nádúrtha i bhfoirm chaslíne dhúbailte, le núicléitídí i ngach caslíne comhlántach ar a chéile. Is féidir le gach caslíne gníomhú mar teimpléad le haghaidh sraith comhpháirtí nua a chruthú-is é seo an modh fisiciúil ina gcóipeáilter géinte inoidhreachta. Aistríonn cealla seicheamh núicléitídí na géine chun slabhraí aimínaigéid, agus déantar próitéiní- bíonn caidreamh idir ord na n-aimínaigéad sa phróitéin agus ord na núicléitídí sa ghéin. Tugtar an cód géiniteach ar an gcomhchaidreamh áirithe seo. Socraíonn na haimínaigéid sa phróitéine an tslí ina fhilltear é i gcruth tríthoiseach; bíonn an struchtúr seo, ina dhiaidh sin, freagrach as feidhm na próitéine. Comhlíonann próitéiní na feidhmeanna go léir beagnach a bhíonn riachtanach chun beatha na gceall.
Stair
Réimsí taighde
Amlíne
- 1866 - Gregor Mendel, manach Ostarach agus a chuid píseanna, an páipéar Versuche über Pflanzenhybriden
- 19ú haois - Francis Galton col ceathrar Charles Darwin agus eugenics
- 1901 - Hugo de Vries agus sócháin
- 1953 - Fógraíonn James Watson agus Francis Crick staidéar ar nádúr agus struchtúr DNA - an héilics dúbalta - i bpáipéar san iris Nature.
Leathanaigh eile
Tagairtí
- ↑ Genetikos, Henry George Liddell, Robert Scott, "A Greek-English Lexicon", at Perseus
- ↑ Genesis, Henry George Liddell, Robert Scott, "A Greek-English Lexicon", at Perseus
- ↑ Online Etymology Dictionary
- ↑ "An Introduction to Genetic Analysis" (2000). New York: W. H. Freeman.
- ↑ Hartl D, Jones E (2005)
- ↑ "Historical study: Johann Gregor Mendel 1822–1884." (1991). American journal of medical genetics 40 (1): 1–25; discussion 26. doi:PMID 1887835. .
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |