An difríocht idir athruithe ar: "Suíomh Oidhreachta Domhanda"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
RedBot (plé | dréachtaí)
m róbat ag mionathrú: eu:Gizateriaren ondare
Líne 42: Líne 42:
[[es:Patrimonio de la Humanidad]]
[[es:Patrimonio de la Humanidad]]
[[et:UNESCO maailmapärandi nimistu]]
[[et:UNESCO maailmapärandi nimistu]]
[[eu:Gizateriaren Ondare]]
[[eu:Gizateriaren ondare]]
[[ext:Patrimoñu la Umaniá]]
[[ext:Patrimoñu la Umaniá]]
[[fa:میراث جهانی یونسکو]]
[[fa:میراث جهانی یونسکو]]

Leagan ó 15:28, 11 Samhain 2010

Chuir Eagraíocht na Náisiún Aontaithe UNESCO ar bun chun oidhreacht nádúrtha agus cultúrtha an domhain a chosaint agus a chaomhnú. Aithníodh go raibh séadchomharthaí ann a bhí chomh luachmhar sin gur bhain siad le pobal an domhain uile, agus tugadh Suíomh Oidhreachta Domhanda ar shuíomh dá leithéid. Spreagadh UNESCO chun na hoibre seo nuair a cinneadh Damba ollmhór a thógáil ar an Níl, abhainn mhór na hAfraice. Chruthófaí tascumar ollmhór uisce i ngleann Abu Simbel na hÉigipte, áit a raibh teampaill ársa. Bunaíodh feachtas idirnáisiúnta chun tochailt sheandálaíoch a dhéanamh sa cheantar i 1959, agus baineadh teampaill Abu Simbel agus Philae as a chéile chun iad a atógáil ar thalamh tirim. Chosain an feachtas timpeall US$80 milliún ag an am, agus rinne timpeall 50 tír maoiniú air.

As sin tháinig feachtais chosainte eile, sa Veinéis mar shampla, cathair álainn Iodálach atá i mbaol a báite, sa Phacastáin agus san Indinéis, agus tá liosta fada ionad, idir cheantair leochaileacha nádúrtha agus suíomhanna cultúrtha, ainmnithe anois mar shuíomhanna oidhreachta domhanda.

In Éirinn tá Séadchomharthaí cheantar seandálaíoch na Bóinne, Sceilg Mhíchíl agus Clochán na bhFomórach ar an liosta oidhreachta. Tá ocht suíomh déag i Stáit Aontaithe Mheiriceá, 38 sa Spáinn, agus os cionn dhá scór san Iodáil Liosta : Suíomhanna Oidhreachta Domhanda

Suíomh Oidhreachta Domhanda in Éirinn

Sceilig Mhichil
Newgrange - Brú na Bóinne