An difríocht idir athruithe ar: "An tSicilis"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: pnb:سسلین
Líne 61: Líne 61:
[[sq:Gjuha siciliane]]
[[sq:Gjuha siciliane]]
[[sv:Sicilianska]]
[[sv:Sicilianska]]
[[ta:சிசிலிய மொழி]]
[[th:ภาษาซิซิลี]]
[[th:ภาษาซิซิลี]]
[[tr:Sicilyaca]]
[[tr:Sicilyaca]]

Leagan ó 16:56, 10 Deireadh Fómhair 2010

Teanga Rómánsach í an Sicilis a labhraítear sa tSicil. Tá an chanúint sin le cloisteáil ar fud na Sicile agus na n-oileán beag ina timpeall. Thairis sin, labhraítear canúintí gaolmhara i gcodanna de réigiúin Puglia agus Calabria ar an mórthír. Ar ndóigh, is féidir teacht trasna ar imirceánaigh ón tSicil i dtíortha móra an Bhéarla, na Stáit Aontaithe ach go háirithe, a bhfuil an teanga go líofa acu i gcónaí.

Fuair an tSicilis cuid mhaith focal ar iasacht ón nGréigis, ón Araibis, ón tsean-Fhraincis. Is deacair a rá, áfach, cathain a thosaigh sí á forbairt. Níl na teangeolaithe cinnte, ar mhair aon leagan den Laidin thruaillithe á labhairt nuair a bhí na hArabaigh i seilbh an oileáin, nó ar cuireadh an chéad síol leis an tSicilis i ndiaidh bhlianta an Arabachais. Tá sé sábháilte a rá nach bhfuil an tSicilis leath chomh sean leis an tSairdínis, ach mar sin féin, maireann cupla focal sa teanga a bhfuil an-seanchuma orthu. Más fíor nár tháinig an Laidin thruaillithe, as ar fáisceadh an tSicilis, - más fíor nár tháinig sí go dtí an tSicil ach i ndiaidh imeacht na nArabach, b'as Cúige Campania ba mhó a tháinig sí, agus blas na gcríoch sin uirthi.

Ní úsáidtear mórán Sicilise i litríocht inniu, ach amháin ar mhaithe leis an gcanúnachas. Ina dhiaidh sin féin, tá traidisiún liteartha ag an gcanúint a théann siar a fhad leis an dara nó an tríú haois déag. Sna blianta sin, bhí scoil filíochta ag cumadh dánta agus laoithe Sicilise san oileán in aithris ar fhilíocht na dtrúbadóirí i nDeisceart na Fraince.

Bhí an-tionchar ag an tSicilis ar an Máltais. Araibis ab ea í an Mháltais ar dtús, ach ghlac sí leis na mílte iasachtaí ón tSicilis, i gcruth is nach bhfuil ann inniu ach focail Sicilise agus iad fáiscthe isteach i bhfráma na gramadaí Araibise. Fiú na focail a fuair an Mháltais ón Iodáilis chaighdeánaithe, is dual don Mháltach iad a fhuaimniú mar a d'fhuaimneodh an Sicileach iad, agus a chuma sin ar an litriú Máltaise. Mar shampla, teatru is ea é an focal Máltaise ar an "amharclann", agus ní teatro.

Níltear cinnte, an bhfuil mórán todhchaí i ndán don tSicilis, áfach. De réir mar atá an scoil ag cur na hIodáilise caighdeánaithe i mbéal na ndaoine óga, tá an tSicilis ag imeacht. Is dócha gurb é Mafia an chosaint is fearr atá ag an teanga, íorónta go leor. Nó is léir go bhfuil sé ag teacht isteach úsáideach ag na coirpeoirí teanga rúnda a bheith acu nach bhfuil intuigthe ag na péas.