An difríocht idir athruithe ar: "Nicolas Sarkozy"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Líne 65: Líne 65:
[[gv:Nicolas Sarkozy]]
[[gv:Nicolas Sarkozy]]
[[he:ניקולא סרקוזי]]
[[he:ניקולא סרקוזי]]
[[hi:निकोला सार्कोज़ी]]
[[hr:Nicolas Sarkozy]]
[[hr:Nicolas Sarkozy]]
[[hsb:Nicolas Sarkozy]]
[[hsb:Nicolas Sarkozy]]

Leagan ó 10:55, 28 Meán Fómhair 2010

Teimpléad:Bosca Sonraí Polaiteoir Is é Nicolas Sarkozy 23ú uachtarán na Fraince (rugadh Nicolas Paul Stéphane Sarközy de Nagy-Bocsa ar an 28 Eanáir 1955, 17ú arrondissement, Páras, An Fhrainc). Fuair sé an ceann is fearr ar Ségolène Royal sa dara babhta den toghchán uachtaránachta ar an 6 Bealtaine 2007. Tháinig sé i gcomharbacht ar Jacques Chirac ar an 16 Bealtaine 2007. Is comhPhrionsa na hAndóra é ex officio freisin.

Roimh a uachtaránacht, ba é ceannaire an UMP (Aontacht chun Gluaiseachta Coitianta) é. Ceapadh mar Aire Gnóthaí Baile é sa chéad dá rialtas de chuid Jean-Pierre Raffarin ó Bealtaine 2002 go Márta 2004 agus ansin ceapadh mar Aire Airgeadais é i rialtas deireanach Raffarin ó Márta 2004 go Bealtaine 2005. Ceapadh arís mar Aire Gnóthaí Baile é i rialtas Dominique de Villepin (2005-2007).

Ba Uachtarán Chomhairle Ginearálta départment (contae) Hauts-de-Seine é ó 2004 go 2007 agus ba mhéara é ar Neuilly-sur-Seine, ceann de na communes (bailte) is saibhre sa Fhrainc ó 1983 go 2002. Ceapadh é mar Aire Cáinaisnéise é i rialtas Édouard Balladur (RPR, réamhtheachtaí an UMP) i rith téarma deireanach Francois Mitterand.

Tá Sarkozy go mór i bhfábhar dlí agus oird agus ba mhaith leis geilleagar na Fraince a athbheochan. Gheall sé go neartófar an entente cordiale leis an Ríocht Aontaithe agus go mbeadh níos mó comhoibrithe leis na Stáit Aontaithe.

Tugtar an leasainm Sarko air go forleathan.

Teimpléad:Nasc AR