An difríocht idir athruithe ar: "Béiriút"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
Líne 35: Líne 35:
De réir nach raibh [[daonáireamh]] san [[An Liobáin|Liobáin]] ón bhliain 1932<ref>http://www.moe.gov.lb/NR/rdonlyres/2B3E4CAE-BD18-4106-A6B3-F42DDD72AAC9/0/Chap1Population.pdf</ref>, níl aon duine cinnte cad is daonra an cathair.
De réir nach raibh [[daonáireamh]] san [[An Liobáin|Liobáin]] ón bhliain 1932<ref>http://www.moe.gov.lb/NR/rdonlyres/2B3E4CAE-BD18-4106-A6B3-F42DDD72AAC9/0/Chap1Population.pdf</ref>, níl aon duine cinnte cad is daonra an cathair.


Go stáiriúil b'iad na Moslamaigh Shunnacha, na Críostaithe Ceartchreidmheacha Gréigeacha agus na Críostaithe Caitliceacha Gréigeacha na seicteanna reiligiúnacha ba mhó i mbailte móra an chósta Liobánaigh. Sa dara leath den 19ú aois déag tháinig borradh ar líon na gCríostaithe Marúnacha agus na nDrúsach a d'aistrigh go dtí an chathair óna n-áiteanna dúchais i Sliabh Liobáine. Ó 1915 tá pobail thábhachtacha de Chríostaithe Ceartchreidmheacha Airméanacha agus de Chríostaithe Caitliceacha Airméanacha ina gcónaí sa chathair fosta. Tar éis an dara cogadh domhanda amháin a thosaigh inimirce suntasach ó na réigiúin bhochta imeallacha ina raibh cónaí ar Shíigh na Liobáine, ceantar Jabal Amil i ndeisceart na tíre go háirithe. Tháinig luas faoin inimirce sin le linn an chogaidh chathartha nuair a bhí cúinsí fíor-olc sa dheisceart agus na hIosraelaigh, na Palaistínigh agus dreamanna eile i mbun cogaíochta ann. Anois tá siad ar na seicteanna is líomhaire sa chathair agus an chuid is mó acu in gcónaí i ndeisceart na cathrach, i gceantair bhochta ar a dtugtar Al-Dahiya ("an bruachbhaile"). Bhí roinnt [[Giúdaigh|Giúdach]] ina gcónaí i gceantar beag darbh ainm "Wadi Abu Jamil", i ngaire don lár na cathrach, ach d'imigh siad ón áit sin le linn an chogaidh chathartha. Athosclaíodh sineagóg an cheantair sa bhliain 2010, mar sin féin, tar éis do na húdaráis an díobháil a rinne buamaí Iosraelacha dó a dheisiú. Bíonn an teannas seictiúil ina fhadhb sa chathair ón [[cogadh cathartha|chogadh chathartha]].
Go stáiriúil b'iad na Moslamaigh Shunnacha, na Críostaithe Ceartchreidmheacha Gréigeacha agus na Críostaithe Caitliceacha Gréigeacha na seicteanna reiligiúnacha ba mhó i mbailte móra an chósta Liobánaigh. Sa dara leath den naoiú aois déag tháinig borradh ar líon na gCríostaithe Marúnacha agus na nDrúsach a d'aistrigh go dtí an chathair óna n-áiteanna dúchais i Sliabh Liobáine. Ó 1915 tá pobail thábhachtacha de Chríostaithe Ceartchreidmheacha Airméanacha agus de Chríostaithe Caitliceacha Airméanacha ina gcónaí sa chathair fosta. Tar éis an dara cogadh domhanda amháin a thosaigh inimirce suntasach ó na réigiúin bhochta imeallacha ina raibh cónaí ar Shíigh na Liobáine, ceantar Jabal Amil i ndeisceart na tíre go háirithe. Tháinig luas faoin inimirce sin le linn an chogaidh chathartha nuair a bhí cúinsí fíor-olc sa dheisceart agus na hIosraelaigh, na Palaistínigh agus dreamanna eile i mbun cogaíochta ann. Anois tá siad ar na seicteanna is líonmhaire sa chathair agus an chuid is mó acu ina gcónaí i ndeisceart na cathrach, i gceantair bhochta ar a dtugtar Al-Dahiya ("an bruachbhaile"). Bhí roinnt [[Giúdaigh|Giúdach]] ina gcónaí i gceantar beag darbh ainm "Wadi Abu Jamil", i ngaire don lár na cathrach, ach d'imigh siad ón áit sin le linn an chogaidh chathartha. Athosclaíodh sineagóg an cheantair sa bhliain 2010, mar sin féin, nuair a deisíodh ar deireadh thiar an díobháil a rinne buamaí Iosraelacha dó le linn an chogaidh chathartha. Bíonn an teannas seictiúil ina fhadhb sa chathair ó am an [[cogadh cathartha|chogaidh chathartha]] i leith.


== Tagairtí: ==
== Tagairtí: ==

Leagan ó 01:32, 25 Meán Fómhair 2010

Teimpléad:Bosca Sonraí - Cathracha

Is í Béiriút (Araibis: بيروت, traslitriú: Bayrūt) príomhchathair agus príomhphort na Liobáine, agus is í an chathair is mó sa tír. Tá cónaí ar 1.2 milliún daoine sa chathair agus 2.1 milliún sa chúlchríoch.

Bhí Béiriút ar na hionaid chultúrtha agus tráchtála ba thábhachtaí sa Mheánoirthear ó lár na naoiú haoise déag i leith. Sa bhliain 1866 chuir misinéirí Meiriceánacha an Coláiste Protastúnach Siriach ar bun sa chathair agus é ar na chéad institiúidí ardléinn ar mhúnla Iartharach sa réigiún; mar fhreagair air sin d'oscail na hÍosánaigh Ollscoil San Iósaf sa bhliain 1875. Ó na 1920idí i leith tháinig preas beoga as Araibis agus Fraincis araon chun cinn sa chathair. Ionad tábhachtach don fhoilseoireacht as Araibis ab í Béiriút freisin, go háirithe i ndiaidh na 1950idí nuair a tháinig deachtóireachtaí chun cumachta i dtíortha eile sa réigiún. Bhí tionscnamh baincéireachta an Mheánoirthir lonnaithe don chuid is mó i mBéiriút go dtí na 1970idí.

Ní hamháin muintir na Liobáine ó dhúchas a chuir le daonra na cathrach ach dhá ghluaiseacht mhór teifeach fosta: na hAirméanaigh a theith ó shléachtanna na nOtamánach sa bhliain 1915 agus a chuir faoi i dtuaisceart na cathrach, ag Burj Hammoud, agus na Palaistínigh a díbríodh óna n-áiteanna dúchais nuair a bunaíodh Stát Iosrael sa bhliain 1948 agus a chuir faoi i roinnt campaí ar a n-áiríodh Burj al-Barajneh, Karantina, Tell az-Zaatar, Sabra agus Chatila.

D'imir Cogadh Cathartha na Liobáine scrios ar chuid mhaith de Bhéiriút. Sa chogadh sin throid mílístí Críostaí i gcoinne mílístí Moslamacha agus forsaí armtha Palaistíneacha; ghlac an tSiria agus Iosrael páirt sa chogadh fosta. D'éirigh leis na fórsaí Críostaí smacht a chur ar oirthear na cathrach, agus bhí na Palaistínigh agus fórsaí an Ghluaiseachta Náisiúnaigh Liobánaigh i gceannas ar an taobh ó thiar. Scriosadh an chuid ba mhó de shean-lár na cathrach, a bhí suite ar an bhfronta idir an dá leath. Mhair an cogadh ó 1975 go 1990. Tosaíodh ar atógáil na cathrach ina dhiaidh, le hairgead an bhilliúnaí Rafik Hariri, a bhí ina phríomhaire freisin. Sa phróiséas sin, leagadh a raibh fágtha de sheanfhoirgintí chroílár Bhéiriút agus bhí conspóid ann maidir leis an bhealach a cúitíodh na hiar-áitritheoirí.

D'fhulaing an chathair ruathair bhuamála Iosraelacha i mí Iúil agus i mí Lúnasa 2006 agus iad siúd ag iarraidh an ruaig a chur ar fhórsaí Hisbollah i ndeisceart na Liobáine. Rinneadh ionsaí ar aerfort Rafik Hariri ar an 13ú Iúil agus dúnadh é go deireadh na comhraice.

Déimeagrafaic:

De réir nach raibh daonáireamh san Liobáin ón bhliain 1932[1], níl aon duine cinnte cad is daonra an cathair.

Go stáiriúil b'iad na Moslamaigh Shunnacha, na Críostaithe Ceartchreidmheacha Gréigeacha agus na Críostaithe Caitliceacha Gréigeacha na seicteanna reiligiúnacha ba mhó i mbailte móra an chósta Liobánaigh. Sa dara leath den naoiú aois déag tháinig borradh ar líon na gCríostaithe Marúnacha agus na nDrúsach a d'aistrigh go dtí an chathair óna n-áiteanna dúchais i Sliabh Liobáine. Ó 1915 tá pobail thábhachtacha de Chríostaithe Ceartchreidmheacha Airméanacha agus de Chríostaithe Caitliceacha Airméanacha ina gcónaí sa chathair fosta. Tar éis an dara cogadh domhanda amháin a thosaigh inimirce suntasach ó na réigiúin bhochta imeallacha ina raibh cónaí ar Shíigh na Liobáine, ceantar Jabal Amil i ndeisceart na tíre go háirithe. Tháinig luas faoin inimirce sin le linn an chogaidh chathartha nuair a bhí cúinsí fíor-olc sa dheisceart agus na hIosraelaigh, na Palaistínigh agus dreamanna eile i mbun cogaíochta ann. Anois tá siad ar na seicteanna is líonmhaire sa chathair agus an chuid is mó acu ina gcónaí i ndeisceart na cathrach, i gceantair bhochta ar a dtugtar Al-Dahiya ("an bruachbhaile"). Bhí roinnt Giúdach ina gcónaí i gceantar beag darbh ainm "Wadi Abu Jamil", i ngaire don lár na cathrach, ach d'imigh siad ón áit sin le linn an chogaidh chathartha. Athosclaíodh sineagóg an cheantair sa bhliain 2010, mar sin féin, nuair a deisíodh ar deireadh thiar an díobháil a rinne buamaí Iosraelacha dó le linn an chogaidh chathartha. Bíonn an teannas seictiúil ina fhadhb sa chathair ó am an chogaidh chathartha i leith.

Tagairtí:

  1. http://www.moe.gov.lb/NR/rdonlyres/2B3E4CAE-BD18-4106-A6B3-F42DDD72AAC9/0/Chap1Population.pdf

Teimpléad:Nasc AR