An difríocht idir athruithe ar: "Aigéad carbocsaileach"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m róbat ag mionathrú: el:Καρβοξυλικά οξέα; cosmetic changes
m róbat ag mionathrú: vi:Axít cacboxylic
Líne 65: Líne 65:
[[tr:Karboksilik asit]]
[[tr:Karboksilik asit]]
[[uk:Карбонові кислоти]]
[[uk:Карбонові кислоти]]
[[vi:Axit cacboxylic]]
[[vi:Axít cacboxylic]]
[[zh:羧酸]]
[[zh:羧酸]]

Leagan ó 02:14, 22 Meán Fómhair 2010

Aigéid orgánacha iad na haigéid charbocsaileacha. Is é is comhartha sóirt dóibh go léir ná an grúpa adamhach úd -COOH (an grúpa carbocsaile), is é sin, tá grúpa carbóinile -CO- ann agus grúpa hiodrocsaile -OH nasctha le adamh carbóin an ghrúpa carbóinile. Is aigéid iad na haigéid charbocsaileacha de réir theoiric Brønsted-Lowry, is é sin, is deontóirí prótóin iad - ó tharraingíonn an dá adamh ocsaigine sa ghrúpa carbocsaile na leictreoin chucu, tá sé de chlaonadh san ian hidrigine H+ sa ghrúpa carbocsaile an grúpa a thréigean le nasc a cheangal de leictreondís shaor i móilín éigin eile. Ní aigéid láidre iad de ghnáth.

Roinnt aigéad carbocsaileach

  • aigéad beansóch C6H5COOH. Is é an t-áigead beansóch an t-aigéad carbocsaileach aramatach is simplí, agus an grúpa carbocsaileach nasctha den fháinne aramatach.
  • aigéad ocsalach HOOCCOOH, nó (COOH)2 - tá móilín an aigéid seo comhdhéanta as dhá ghrúpa carbocsaileach.
  • aigéad citreach HOOCCH2CHOH(COOH)CH2COOH - aigéad atá ar fáil sna horáistí agus sna torthaí citris eile, agus é tábhachtach i ríospráid ceallach an duine féin (timthriall an aigéid chitrigh)