An difríocht idir athruithe ar: "Cathal Ó Sándair"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Catagóirí agus idirvicí
m Weston-super-mare --> Weston-super-Mare
Líne 1: Líne 1:
Scríbhneoir Gaeilge ab ea é '''Cathal Ó Sándair''' ([[15 Iúil]], [[1922]] - [[18 Feabhra]] [[1996]]). Áirítear gur scríobh sé timpeall 160 leabhar, eachtraí gearra don óige a bhformhór. Rugadh é i [[Weston-super-mare]], [[Sasana]], mac le dornálaí darbh ainm Simon "Darkey" Saunders, agus le Florence Elliot as Baile Átha Cliath. Bhí triúr deartháireacha agus deirfiúr amháin ag Cathal. Ba duine acu an dornálaí clúiteach Jack a bhuaigh craobh na hÉireann i meáchain éagsúla sna blianta 1937 agus 1938. D'aistrigh an teaghlach go hÉirinn agus chuaigh Simon Saunders isteach in arm an t[[Saorstát Éireann|Saorstáit]]. Chaith sé seal mar thiománaí ag an Aire [[Caoimhín Ó hUiginn]].
Scríbhneoir Gaeilge ab ea é '''Cathal Ó Sándair''' ([[15 Iúil]], [[1922]] - [[18 Feabhra]] [[1996]]). Áirítear gur scríobh sé timpeall 160 leabhar, eachtraí gearra don óige a bhformhór. Rugadh é i [[Weston-super-Mare]], [[Sasana]], mac le dornálaí darbh ainm Simon "Darkey" Saunders, agus le Florence Elliot as Baile Átha Cliath. Bhí triúr deartháireacha agus deirfiúr amháin ag Cathal. Ba duine acu an dornálaí clúiteach Jack a bhuaigh craobh na hÉireann i meáchain éagsúla sna blianta 1937 agus 1938. D'aistrigh an teaghlach go hÉirinn agus chuaigh Simon Saunders isteach in arm an t[[Saorstát Éireann|Saorstáit]]. Chaith sé seal mar thiománaí ag an Aire [[Caoimhín Ó hUiginn]].


[[Íomhá:Dúnmharbhú.jpg|deas|mion|150px|''Eachtraí Réics Carló'', Uimh. a Ceathair: ''Dúnmharbhú i bPáirc an Chrócaigh'' ([[1944]])]]Fuair Cathal a chuid meánoideachais i Sráid Synge leis na [[Bráithre Críostaí]]. Fiú agus é sa bhunscoil bhí spéis ag Cathal sa [[Gaeilge|Ghaeilge]] agus cuireadh chun na Gaeltachta é agus é deich mbliana d'aois. Scríobh sé gearrscéal Gaeilge a foilsíodh in iris óige na mBráithre, Our Boys, ag aois a sé bliana déag. Chuaigh sé isteach san [[An tAerchór|Aerchór]] tar éis dó an scoil a fhágáil agus chaith sé na blianta ina dhiaidh sin ag obair mar státseirbhíseach. Bhí sé ag scríobh don pháipéar nuachta [[Inniu]] agus gníomhach i n[[Glúin na Buaidhe]].
[[Íomhá:Dúnmharbhú.jpg|deas|mion|150px|''Eachtraí Réics Carló'', Uimh. a Ceathair: ''Dúnmharbhú i bPáirc an Chrócaigh'' ([[1944]])]]Fuair Cathal a chuid meánoideachais i Sráid Synge leis na [[Bráithre Críostaí]]. Fiú agus é sa bhunscoil bhí spéis ag Cathal sa [[Gaeilge|Ghaeilge]] agus cuireadh chun na Gaeltachta é agus é deich mbliana d'aois. Scríobh sé gearrscéal Gaeilge a foilsíodh in iris óige na mBráithre, Our Boys, ag aois a sé bliana déag. Chuaigh sé isteach san [[An tAerchór|Aerchór]] tar éis dó an scoil a fhágáil agus chaith sé na blianta ina dhiaidh sin ag obair mar státseirbhíseach. Bhí sé ag scríobh don pháipéar nuachta [[Inniu]] agus gníomhach i n[[Glúin na Buaidhe]].

Leagan ó 21:28, 19 Meitheamh 2006

Scríbhneoir Gaeilge ab ea é Cathal Ó Sándair (15 Iúil, 1922 - 18 Feabhra 1996). Áirítear gur scríobh sé timpeall 160 leabhar, eachtraí gearra don óige a bhformhór. Rugadh é i Weston-super-Mare, Sasana, mac le dornálaí darbh ainm Simon "Darkey" Saunders, agus le Florence Elliot as Baile Átha Cliath. Bhí triúr deartháireacha agus deirfiúr amháin ag Cathal. Ba duine acu an dornálaí clúiteach Jack a bhuaigh craobh na hÉireann i meáchain éagsúla sna blianta 1937 agus 1938. D'aistrigh an teaghlach go hÉirinn agus chuaigh Simon Saunders isteach in arm an tSaorstáit. Chaith sé seal mar thiománaí ag an Aire Caoimhín Ó hUiginn.

Eachtraí Réics Carló, Uimh. a Ceathair: Dúnmharbhú i bPáirc an Chrócaigh (1944)

Fuair Cathal a chuid meánoideachais i Sráid Synge leis na Bráithre Críostaí. Fiú agus é sa bhunscoil bhí spéis ag Cathal sa Ghaeilge agus cuireadh chun na Gaeltachta é agus é deich mbliana d'aois. Scríobh sé gearrscéal Gaeilge a foilsíodh in iris óige na mBráithre, Our Boys, ag aois a sé bliana déag. Chuaigh sé isteach san Aerchór tar éis dó an scoil a fhágáil agus chaith sé na blianta ina dhiaidh sin ag obair mar státseirbhíseach. Bhí sé ag scríobh don pháipéar nuachta Inniu agus gníomhach i nGlúin na Buaidhe.

Foilsíodh a chéad leabhar do pháistí, Tríocha Píosa Airgid, sa bhliain 1942, agus thosaigh sé ar shraith de scéalta bleachtaireachta le Na Mairbh a d'Fhill an bhliain a bhí chugainn. Tuairim is céad leabhar a scríobh sé faoin mbleachtaire Réics Carló agus bhí díol an-mhór orthu ar feadh breis agus fiche bliain. Bhí sraitheanna eile ag freisin, faoi shirriam in Iarthar Fhián Mheiriceá, Réamonn Óg, an spástaistealaí an Captaen Spéirling agus laochra eile. D'éirigh sé as a phost sa bhliain 1953 agus chuaigh leis an scríbhneoireacht go lánaimseartha, an t-aon scríbhneoir Gaeilge dáiríre ar éirigh leis é sin a dhéanamh. Ach tar éis deich mbliana den sclábhaíocht a bhain leis sin chuaigh sé ar ais sa státseirbhis ina oifigeach custaim.

Bhí sé pósta le Máire McGeown as Ard Mhacha agus bhí ceathrar clainne acu. Fuair sé bás ar an 18 Feabhra 1996.