An difríocht idir athruithe ar: "Gearóid Ó Cuinneagáin"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
 
Mioncheartuithe, go háirithe botúin chló. Tríd is tríd, is iontach an t-alt é, áfach.
Líne 1: Líne 1:
1910-1991. Duine de na daoine ba chonspóidí i ngluaiseacht na Gaeilge ar feadh na mblianta.
1910-1991. Duine de na daoine ba chonspóidí i ngluaiseacht na Gaeilge ab ea é '''Gearóid Ó Cuinneagáin''' ar feadh na mblianta.


Rugadh i mBéal Feirste é ar an 2 Eanáir 1910. Bhí sé in aon-rang leis an scríbhneoir [[Séamus Ó Néill]] i scoil na m[[Bráithe Críostaí]] i Sráid Duibhise.
Rugadh i mBéal Feirste é ar an 2 Eanáir 1910. Bhí sé in aon rang leis an scríbhneoir [[Séamus Ó Néill]] i scoil na m[[Bráithe Críostaí]] i Sráid Duibhise.


Chuaigh sé ag obair sa Stáiseirbhís i m[[Baile Átha Luain]] i 1927 mar oifigeach cánach, chaith sé tamall gearr i g[[Caisleán an Bharraigh]] agus timpeall trí bliana sa Roinn Cosanta. D'éirigh sé as a phost nuair a diúltaíodh saoire leathbhliana chun tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht. Chaith sé cúpla bliain i Rinn na Feirste i dTír Chonaill sular thosaigh sé leis an iriseoireacht sa pháipéar An tÉireannach ach ní léir cén slí bheatha a bhí aige nuair a theip ar na bpáipéar sin go dtí gur bhunaigh sé páipéar dá chuid féin, Aiséirí, sna daichidí.
Chuaigh sé ag obair sa Státseirbhís i m[[Baile Átha Luain]] i 1927 mar oifigeach cánach, chaith sé tamall gearr i g[[Caisleán an Bharraigh]] agus timpeall trí bliana sa Roinn Cosanta. D'éirigh sé as a phost nuair a diúltaíodh é faoi shaoire leathbhliana chun tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht. Chaith sé cúpla bliain i [[Rinn na Feirste]] i d[[Tír Chonaill]] sular thosaigh sé leis an iriseoireacht sa pháipéar [[An tÉireannach (páipéar)|An tÉireannach]], ach ní léir cén tslí bheatha a bhí aige nuair a theip ar an bpáipéar sin go dtí gur bhunaigh sé páipéar dá chuid féin, Aiséirí, sna daichidí.


Ar an 26 Meán Fómhair 1940 bhunaigh sé Craobh na hAiséirí de Chonradh na Gaeilge, craobh a raibh daoine cáiliúla go leor ina mbaill de: [[Donncha Ó Súilleabháin]], Pádraig Ó Drisceoil, [[Séamus Ó Néill]], [[Sorcha Ní Ghuairim]], [[Aogán Brioscú]], [[Annraoi Ó Liatháin]], [[Seán Ó hÉigeartaigh]], [[Ciarán Ó Nualláin]] agus daoine eile. Ba í seo an chraobh ba dhíograisí sa Chonradh le cruinnithe sráide, agóidíocht, drámaí, taispeántais, oícheanta áirneála, ranganna agus foilseachán á n-eagrú go tiubh acu. Tugadh lánchumhacht mar stiúrthóir don Chuinneagánach ag mórchruinniú na craoibhe i 1941 agus ainmníodh é mar iarrthóir do uachtaránacht an Chonradh. Níor éirigh lena iarracht, ach toghadh ar Chosite Gnó an Chonradh é agus bhí buíon beag díograiseach dá chuid in aontíos le chéil ag obair ar son na cúise.
Ar an 26 Meán Fómhair 1940 bhunaigh sé [[Craobh na hAiséirí]] de [[Conradh na Gaeilge|Chonradh na Gaeilge]], craobh a raibh daoine cáiliúla go leor ina mbaill de: [[Donncha Ó Súilleabháin]], Pádraig Ó Drisceoil, [[Séamus Ó Néill]], [[Sorcha Ní Ghuairim]], [[Aogán Brioscú]], [[Annraoi Ó Liatháin]], [[Seán Ó hÉigeartaigh]], [[Ciarán Ó Nualláin]] agus daoine eile. Ba í seo an chraobh ba dhíograisí sa Chonradh le cruinnithe sráide, agóidíocht, drámaí, taispeántais, oícheanta áirneáin, ranganna agus foilseachán á n-eagrú go tiubh acu. Tugadh lánchumhacht mar stiúrthóir don Chuinneagánach ag mórchruinniú na craoibhe sa bhliain [[1941]] agus ainmníodh é mar iarrthóir d'uachtaránacht an Chonradh. Níor éirigh lena iarracht, ach toghadh ar Choiste Gnó an Chonartha é agus bhí buíon beag díograiseach dá chuid in aontíos le chéile ag obair ar son na cúise.


Bhí eití eile den eagraíocht amhrasach faoi Ghearóid agus a chuid aidhmeanna áfach, agus cuireadh a chraobh amach as an Chonradh. Rineadh Glúin na Buaidhe as an eagraíocht a d'eascair as "Ailtirí na hAiséirí", iarracht a rinne Ó Cuinneagán chun páirtí polaitiúil a bhunú. Sheas iarrthóirí in olltoghchán 1944 ach níor éirigh le duine ar bith acu.
Bhí eití eile den eagraíocht amhrasach faoi Ghearóid agus a chuid aidhmeanna áfach, agus cuireadh a chraobh amach as an gConradh. Rinneadh [[Glúin na Buaidhe]] as an eagraíocht a d'eascair as "Ailtirí na hAiséirí", iarracht a rinne Ó Cuinneagán chun páirtí polaitiúil a bhunú. Sheas iarrthóirí in olltoghchán na bliana [[1944]] ach níor éirigh le duine ar bith acu.


Ba ina pháipéar seachtainiúil, Aiséirí, a chuir an Cuinneagánach a dhearcadh polaitiúil in iúl, agus ionsaithe fíochmhara á ndéanamh aige ar fhimínteacht pholaiteoirí na hÉireann. "Éire saor, Gaelach, agus fíorChríostúil" a bhí uaidh agus d'fhógair sé gur cheart an lámh láidir a úsáid chun na Sasanaigh a ruaigeadh as Éirinn agus 'Impireacht Chríost sa domhan a chosaint, a neartú agus a leathnú' teachtaireacht a bhí róghar don Fhaisisteachas don mhórchuid de na Gaeil.
Ba ina pháipéar seachtainiúil, Aiséirí, a chuir an Cuinneagánach a dhearcadh polaitiúil in iúl, agus ionsaithe fíochmhara á ndéanamh aige ar fhímínteacht pholaiteoirí na hÉireann. "Éire shaor, Ghaelach, agus fhíor-Chríostúil" a bhí uaidh, agus d'fhógair sé gur cheart an lámh láidir a úsáid chun na Sasanaigh a ruaigeadh as Éirinn agus "Impireacht Chríost sa domhan a chosaint, a neartú agus a leathnú", teachtaireacht a bhí róghar don Fhaisisteachas don mhórchuid de na Gaeil.


Ba i mBéarla a bhí formhór an ábhair in 'Aiséirí' mar gur beag scríbhneoir Gaeilge a bhí sásta tacú leis. Ach bhí ábhar measartha maith san iris a bhunaigh sé, 'Deirdre, iris na mBan'.
Ba i mBéarla a bhí formhór an ábhair in 'Aiséirí' mar gur beag scríbhneoir Gaeilge a bhí sásta tacú leis. Ach bhí ábhar measartha maith san iris a bhunaigh sé, 'Deirdre, iris na mBan'.


Bhí baint éigin aige le cúrsaí gnó, agus gnó foilsitheoireachta aige darbh ainm Cló Grianréime, ach bhí sé bocht go leor ar feadh a shaoil.
Bhí baint éigin aige le cúrsaí gnó, agus gnó foilsitheoireachta aige darbh ainm Cló Grianréime, ach bhí sé bocht go leor ar feadh a shaoil.


Phós sé Síle Ní Chochláin i 1945 agus bhí seisear clainne acu.
Phós sé Síle Ní Chochláin i 1945 agus bhí seisear clainne acu.
Fuair sé bás ar an 13 Meitheamh 1991
Fuair sé bás ar an 13 Meitheamh 1991.

Leagan ó 16:21, 17 Meitheamh 2006

1910-1991. Duine de na daoine ba chonspóidí i ngluaiseacht na Gaeilge ab ea é Gearóid Ó Cuinneagáin ar feadh na mblianta.

Rugadh i mBéal Feirste é ar an 2 Eanáir 1910. Bhí sé in aon rang leis an scríbhneoir Séamus Ó Néill i scoil na mBráithe Críostaí i Sráid Duibhise.

Chuaigh sé ag obair sa Státseirbhís i mBaile Átha Luain i 1927 mar oifigeach cánach, chaith sé tamall gearr i gCaisleán an Bharraigh agus timpeall trí bliana sa Roinn Cosanta. D'éirigh sé as a phost nuair a diúltaíodh é faoi shaoire leathbhliana chun tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht. Chaith sé cúpla bliain i Rinn na Feirste i dTír Chonaill sular thosaigh sé leis an iriseoireacht sa pháipéar An tÉireannach, ach ní léir cén tslí bheatha a bhí aige nuair a theip ar an bpáipéar sin go dtí gur bhunaigh sé páipéar dá chuid féin, Aiséirí, sna daichidí.

Ar an 26 Meán Fómhair 1940 bhunaigh sé Craobh na hAiséirí de Chonradh na Gaeilge, craobh a raibh daoine cáiliúla go leor ina mbaill de: Donncha Ó Súilleabháin, Pádraig Ó Drisceoil, Séamus Ó Néill, Sorcha Ní Ghuairim, Aogán Brioscú, Annraoi Ó Liatháin, Seán Ó hÉigeartaigh, Ciarán Ó Nualláin agus daoine eile. Ba í seo an chraobh ba dhíograisí sa Chonradh le cruinnithe sráide, agóidíocht, drámaí, taispeántais, oícheanta áirneáin, ranganna agus foilseachán á n-eagrú go tiubh acu. Tugadh lánchumhacht mar stiúrthóir don Chuinneagánach ag mórchruinniú na craoibhe sa bhliain 1941 agus ainmníodh é mar iarrthóir d'uachtaránacht an Chonradh. Níor éirigh lena iarracht, ach toghadh ar Choiste Gnó an Chonartha é agus bhí buíon beag díograiseach dá chuid in aontíos le chéile ag obair ar son na cúise.

Bhí eití eile den eagraíocht amhrasach faoi Ghearóid agus a chuid aidhmeanna áfach, agus cuireadh a chraobh amach as an gConradh. Rinneadh Glúin na Buaidhe as an eagraíocht a d'eascair as "Ailtirí na hAiséirí", iarracht a rinne Ó Cuinneagán chun páirtí polaitiúil a bhunú. Sheas iarrthóirí in olltoghchán na bliana 1944 ach níor éirigh le duine ar bith acu.

Ba ina pháipéar seachtainiúil, Aiséirí, a chuir an Cuinneagánach a dhearcadh polaitiúil in iúl, agus ionsaithe fíochmhara á ndéanamh aige ar fhímínteacht pholaiteoirí na hÉireann. "Éire shaor, Ghaelach, agus fhíor-Chríostúil" a bhí uaidh, agus d'fhógair sé gur cheart an lámh láidir a úsáid chun na Sasanaigh a ruaigeadh as Éirinn agus "Impireacht Chríost sa domhan a chosaint, a neartú agus a leathnú", teachtaireacht a bhí róghar don Fhaisisteachas don mhórchuid de na Gaeil.

Ba i mBéarla a bhí formhór an ábhair in 'Aiséirí' mar gur beag scríbhneoir Gaeilge a bhí sásta tacú leis. Ach bhí ábhar measartha maith san iris a bhunaigh sé, 'Deirdre, iris na mBan'.

Bhí baint éigin aige le cúrsaí gnó, agus gnó foilsitheoireachta aige darbh ainm Cló Grianréime, ach bhí sé bocht go leor ar feadh a shaoil.

Phós sé Síle Ní Chochláin i 1945 agus bhí seisear clainne acu. Fuair sé bás ar an 13 Meitheamh 1991.