An difríocht idir athruithe ar: "Vicipéid:Conas alt a chur in eagar"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
Líne 21: Líne 21:
Is minic is fusa an téacs a chóipeáil ar phróiseálaí focal, athruithe a dhéanamh ann agus an litriú a sheiceáil, agus é a chóipeáil arís ar do bhrabhsálaí chun réamhamharc a fháil air. D'fhéadfá cóip áitiúil bhreise a dhéanamh mar sin chun athruithe a dhéanamh uirthi as-líne.
Is minic is fusa an téacs a chóipeáil ar phróiseálaí focal, athruithe a dhéanamh ann agus an litriú a sheiceáil, agus é a chóipeáil arís ar do bhrabhsálaí chun réamhamharc a fháil air. D'fhéadfá cóip áitiúil bhreise a dhéanamh mar sin chun athruithe a dhéanamh uirthi as-líne.


G
== Athrach Cló ==

Is féidir athrach cló a dhéanamh le húsáid na n-uaschamaí ( ' ).

*Déantar ''téacs a íodáiliú'' trí dhá uaschama a chur ar gach taobh.

*Déanann trí uaschama '''an téacs''' a thromú.

*Déanann cúig uaschama '''''an téacs''''' a thromú agus a iodáiliú.

(Ní dhéanann ceithre uaschama faic.)


== Síniú ==
== Síniú ==

Leagan ó 10:18, 7 Meán Fómhair 2010

Is vici (WikiWiki) í an Vicipéid. Is é an bhrí atá leis sin go bhfuil cead ag gach duine leathanach a chumadh nó a fheabhsú, agus go gcuirfear ar taispeáint láithreach aon athrú a dhéantar. Cuireann an leathanach seo síos ar an scríobhchód mearshuímh. B'fhéidir gur mian leat tuilleadh a fhoghlaim faoi na rudaí a leanas:


Cruthú agus Ceartú

Tá sé an-éasca leathanach mearshuímh a chur in eagar. Lean an nasc "Athraigh" ag barr an ailt. Osclaíonn leathanach agus leagan so-athraithe den téacs ann. (Calibri 11 an cló.)

Clóscríobh d'alt, achoimrigh na hathruithe sa bhosca beag thíos, agus cliceáil ar "Sábháil"! Is féidir leat réamhamharc a fháil ar do chuid athruithe.

Dé réir an chórais atá agat, b'fhéidir go mbeadh an toradh Sábhála ann nuair a bhuaileann tú Iontráil agus nach mbeadh an bosca athraithe gníomhach (agus gan cúrsóir clóscríofa ann).

Bí neamhchlaonta agus tú ag scríobh, agus luaigh do chuid foinsí chun go bhféadfadh daoine eile ar scríobh tú a sheiceáil agus cur leis.

Is minic is fusa an téacs a chóipeáil ar phróiseálaí focal, athruithe a dhéanamh ann agus an litriú a sheiceáil, agus é a chóipeáil arís ar do bhrabhsálaí chun réamhamharc a fháil air. D'fhéadfá cóip áitiúil bhreise a dhéanamh mar sin chun athruithe a dhéanamh uirthi as-líne.

G

Síniú

Is cóir duit do chuid tuairimí a shíneáil ar na leathanaigh phléite trí roinnt tildí ( ~ ) a bhreacadh ag deireadh na teachtaireachta:

  • Tugann trí thilde d'ainm úsadóra.
  • Tugann ceithre thilde d'ainm úsadóra, an dáta agus an t-am.
  • Tugann cúig thilde an dáta agus an t-am.

Mírchinn

Is féidir leis an mbogearra Vicí clár ábhair a chumadh uaidh féin as na mírchinn.

Fomhír

Is féidir fomhír a chumadh trí shíní cothroime ( = ) a chur ar gach taobh d'abairt nó d'fhocal:

( == ): Litreacha móra.

( ==== ): Litreacha measartha mór.

Déantar eangú má chuirtear idirstad ( : ) roimh líne nó roimh pharagraf. Úsáidtear idirstad amháin chun eangú aon uair amháin, úsáidtear dhá idirstad chun eangú dhá uair agus mar sin de.

Má chruthaítear nasc le leathanach nach bhfuil ann (fós) beidh an nasc sin dearg: An Cat Glas. Is féidir an leathanach úd a chruthú trí chliceáil ar an nasc; nochtfaidh leathanach folamh agus is féidir leat alt a scríobh ann.

Más mian leat an córas a thástáil gan dochar a dhéanamh, is féidir leat é a dhéanamh ar an gClár Dubh

Féach ar an lámhleabhar do MediaWiki i mBéarla chun eolas reatha a fháil.

Ranna, Paragraif, Liostaí agus Línte

Liostaí

Má theastaíonn uait liosta a chruthú, cuir * roimh gach mír sa liosta.

Mar shampla, taispeáinfear:
*An Iodáil
*Éire
mar:
  • An Iodáil
  • Éire.

Má theastaíonn uait liosta le huimhreacha a chruthú, cuir # roimh gach mír sa liosta.

Mar shampla: Taispeáinfear:
#An Iodáil
#Éire
mar:
  1. An Iodáil
  2. Éire.

Línte

Má theastaíonn uait líne a chruthú, scríobh: ----.

Naisc, Seoltaí URL, Íomhánna

Naisc

Má theastaíonn uait nasc a chruthú, cuir [[ ]] timpeall an fhocail.

Mar shampla: Taispeáinfear [[Litríocht na hIodáilise]] mar Litríocht na hIodáilise.

Má tá tú ag iarraidh nasc a cheangal le teideal ailt trí fhocal atá difriúil leis, scríobh an teideal idir lúibíní cearnacha dúbailte ([[) agus líne ingearach ( | ); ansin scríobh an focal agus cuir lúibíní cearnacha ina dhiaidh.

Mar shampla: Taispeáinfear [[Litríocht na hIodáilise|madra]] mar madra.

Má tá nasc eile ón Vicipéid á chruthú agat, cuir [[:cód teanga:teideal an ailt]] ar an leathanach

Mar shampla: Taispeáinfear [[:en:Irish]] mar en:Irish.

Seoltaí URL

Má theastaíonn uait nasc Idirlín a chruthú, scríobh an seoladh iomlán leis an http:// ag an tús.

Mar shampla: Taispeáinfear http://www.wikipedia.org mar http://www.wikipedia.org

Má theastaíonn uait nasc Idirlín a chruthú ach níor mhaith leat an URL a léiriú, cuir [ ] thimpeall an tseolaidh.

Mar shampla: Taispeáinfear [http://www.wikipedia.org] mar [1]