An difríocht idir athruithe ar: "An Ostair-Ungáir"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Líne 87: Líne 87:
* Ríocht na hUngáire. Tabhair faoi deara go raibh a lán teangacha éagsúla agus náisiúntachtaí éagsúla sa ríocht seo, ach ní raibh stádas ar bith acu san Ungáir. Mar shampla, bhí a ríocht agus a gcoróin féin ag na Seicigh sa Bhoihéim, ach ní raibh aon chineál stáit ná fiú stát soip ag na Slóvacaigh san Ungáir. Ba í Búdaipeist an phríomhchathair, ar ndóigh.
* Ríocht na hUngáire. Tabhair faoi deara go raibh a lán teangacha éagsúla agus náisiúntachtaí éagsúla sa ríocht seo, ach ní raibh stádas ar bith acu san Ungáir. Mar shampla, bhí a ríocht agus a gcoróin féin ag na Seicigh sa Bhoihéim, ach ní raibh aon chineál stáit ná fiú stát soip ag na Slóvacaigh san Ungáir. Ba í Búdaipeist an phríomhchathair, ar ndóigh.


* Ríocht na Cróite agus na Slavóine. Bhí féinrialtas éigin ag an ríocht seo, agus cineál dáil nó tionól réigiúnach aici - rud neamhghnách san Ungáir. Agram an phríomhchathair - nó Zagreb. Is é Zagreb príomhchathair na Cróite inniu.
* Ríocht na Cróite agus na Slavóine. Bhí féinrialtas éigin ag an ríocht seo, agus cineál dáil nó tionól réigiúnach aici - rud neamhghnách san Ungáir. Agram an phríomhchathair - nó Zagreb, mar a thugtar uirthi as Cróitis. Is é Zagreb príomhchathair na Cróite inniu.


* Fiume - is é sin, an chathair úd Fiume agus na tailte ina timpeall. Inniu, tugtar Rijeka ar Fiume, agus is cuid den Chróit í. Ciallaíonn an dá ainm "abhainn": focal Iodáilise é ''fiume'', agus focal Cróitise é ''rijeka''.
* Fiume - is é sin, an chathair úd Fiume agus na tailte ina timpeall. Inniu, tugtar Rijeka ar Fiume, agus is cuid den Chróit í. Ciallaíonn an dá ainm "abhainn": focal Iodáilise é ''fiume'', agus focal Cróitise é ''rijeka''.

Leagan ó 11:32, 24 Lúnasa 2010

Íomhá:Location-Austria-Hungary-01.png
Impireacht na hOstaire agus na hUngáire sa bhliain 1913

Aontas monarcaí idir coróin Impireacht na hOstaire agus coróin Ríocht na hUngáire ab í An Ostair-Ungáir, a dtugtaí Impireacht na hOstair-Ungáire, an Démhonarcacht, Monarcacht na Danóibe, nó an Mhonarcacht Impiriúil Ríoga (kaiserlich und königlich, nó k. u. k.) uirthi chomh maith. Bhí sí suite i lár na hEorpa. Bunaíodh an t-aontas le Comhréiteach (Ausgleich) na bliana 1867. De réir an chomhréitigh seo, thoiligh Rítheaghlach Ostarach Hapsburg an chumhacht a chomhroinnt le rialtas na hUngáire, agus mar sin rinneadh tír ar leith de Ríocht na hUngáire a raibh an ceann stáit. cuid de na ranna rialtais agus forais áirithe i bpáirt aici leis an Impireacht Ostarach. Sin an chúis a dtugtaí monarcacht Impiriúil Ríoga ar an Ostair-Ungáir: thagair an chéad aidiacht acu do ról an rialtóra mar Impire san Ostair, agus an dara ceann acu bhí sé ag trácht ar a ról mar Rí san Ungáir.

Mhair an démhonarcacht ar feadh 51 bliain. Tháinig deireadh léi sa bhliain 1918, nuair a briseadh an Chéad Chogadh Domhanda ar na Cumhachtaí Láir (Impireacht na Gearmáine agus an Démhonarcacht). Ba ansin a tháinig na gluaiseachtaí náisiúnta chun tosaigh i measc na náisiúntachtaí beaga a raibh an Impireacht comhdhéanta astu, agus bhunaigh siad stáit nua dóibh féin.

Ní mór an giorrúchán k.u.k. (kaiserlich und königlich, "Impiriúil agus Ríoga") a aithint thar an ngiorrúchán k.k. (kaiserlich königlich, "Impiriúil Ríoga"). Tagraíonn an chéad ghiorrúchán d'údaráis na tíre go léir, idir an Ostair agus an Ungáir. Maidir leis an dara giorrúchán, tráchtann sé ar údaráis na hOstaire, nó is amhlaidh go raibh an tImpire ag rialú Ríocht na Boihéime (inniu: Poblacht na Seice) mar rí, freisin.

Struchtúr agus ainm na tíre

Na tailte a bhí á rialú ag an monarc Hapsburgach i ról Impire na hOstaire[1], ba iad na tailte thuaidh agus thiar, nó Impireacht na hOstaire, an Tír ar an taobh abhus d'Abhainn Leitha (Cisleithanien) nó na Tailte le hIonadaíocht sa Reichsrat (Die im Reichsrat vertretenen Länder)[2]. I ról Rí na hUngáire, bhí an monarc ag rialú Ríocht na hUngáire, nó an Tír taobh thall d'Abhainn Leitha (Transleithanien), nó Tíortha Coróin Stiofáin Naofa[2]. Is éard a bhí i gceist le Leitha ná craobh-abhainn de chuid na Danóibe, agus í ina teorainn, a bheag nó a mhór, idir an Ostair agus an Ungáir.

Nuair a bhí an Démhonarcacht ann, bhí Impireacht Naofa Rómhánach an Náisiúin Ghearmánaigh ann ó thaobh an dlí de. Ní raibh ach an Ostair suite taobh istigh de theorainneacha na himpireachta sin - bhí an Ungáir neamhspleách ar an Impireacht Naofa.

Bhí féinrialtas ag an Ungáir, ach bhí an monarc, an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus an Roinn Chogaidh i bpáirt ag an dá stát, chomh maith leis an gcuid den Roinn Airgeadais a raibh freagracht uirthi as maoiniú na bhfórsaí armtha agus na taidhleoireachta.[3]

Ba iad Vín agus Búdaipeist an dá príomhchathair: Vín san Ostair agus Búdaipeist san Ungáir.[2] Ba í an Ostair-Ungáir an dara tír is mó san Eoraip de réir an achair i ndiaidh Impireacht na Rúise (621.538 km², nó 239.977 míle chearnach sa bhliain 1905[4]) agus í ar an tríú tír ó thaobh an daonra de (i ndiaidh na Rúise agus Impireacht na Gearmáine). Sa lá atá inniu ann, tá timpeall ar 69 milliún duine ina gcónaí sna tailte a bhain leis an Impireacht lena linn.

Ós impireacht ilnáisiúnta agus mórchumhacht a bhí ann, bhí an Ostair-Ungáir thíos le teacht na ngluaiseachtaí náisiúnta sa naoú haois déag. Cuid lárnach de shaol pholaitiúil na tíre ab ea na héilimh a bhí ag na gluaiseachtaí seo agus na díospóireachtaí a spreag siad.

I gcaidreamh idirnáisiúnta is é an t-ainm a bhí ar an monarcacht ná Österreichisch-Ungarische Monarchie, is é sin, an Mhonarcacht Ostarach-Ungárach, de réir chinneadh an Impire Proinsias Seosamh a hAon ón mbliain 1868. Tagraíonn an t-ainm seo do na Ríochtaí agus na Tailte le hIonadaíocht sa Chomhairle Impiriúil (an Reichsrat) agus Tailte Choróin Stiofáin Naofa in éineacht. Is éard atá i gceist le Stiofán Naofa ná Stiofán a hAon, Rí na hUngáire i dtús na haonú haoise déag, a rinne tír Chríostaí den Ungáir. Duine de naoimh na hEaglaise Caitlicí é Stiofán.

Tailte na hOstaire

Ba iad tailte na hOstaire ná:

  • Ríocht na Boihéime (príomhchathair: Prág, arb í príomhchathair Phoblacht na Seice inniu)
  • Ríocht na Dalmáite (príomhchathair: Zadar, atá suite i ndeisceart na Cróite inniu)
  • Ríocht na Gailíse agus na Lodaiméire (an chuid den Pholainn, go bunúsach, a thit leis an Ostair nuair a chuaigh críochdheighilt ar an tír sin. Ba é Lemberg an phríomhchathair. Inniu, tá Lviv ar Lemberg, agus é suite san Úcráin. Go traidisiúnta, cathair Pholannach a bhí ann, áfach. Is é an t-ainm Polainnise ná Lwów.)
  • Ard-Diúcacht na hOstaire taobh thíos d'Abhainn Enns (príomhchathair: Vín. Is ionann an ard-diúcacht seo, go príomha, agus an Ostair Íochtarach nó Niederösterreich, ceann de stáit fheidearálacha na hOstaire inniu.)
  • Ard-Diúcacht na hOstaire chois Abhainn Enns (príomhchathair: Linz. Is ionann an ard-diúcacht seo, go bunúsach, agus an Ostair Uachtarach nó Oberösterreich, mar a thugtar uirthi inniu.)
  • Diúcacht na Búcaivíne (príomhchathair: Czernowitz, inniu: Chernivtsi/Чернівці san Úcráin.
  • Diúcacht Kärnten (príomhchathair: Klagenfurt. Ceann de stáit fheidearálacha na hOstaire é Kärnten inniu féin.)
  • Diúcacht Krain (príomhchathair: Laibach, inniu: Ljubljana, príomhchathair na Slóivéine. Carniola an t-ainm Laidine agus Béarla ar Krain.)
  • Diúcacht Salzburg (príomhchathair: Salzburg. Ceann de na stáit fheidearálacha san Ostair inniu féin é stát Salzburg.)
  • Diúcacht na Siléise Uachtaraí agus Íochtaraí (príomhchathair: Troppau, inniu: Opava i bPoblacht na Seice)
  • Diúcacht Steiermark (príomhchathair: Graz. Ceann de na stáit fheidearálacha san Ostair inniu féin é Steiermark.)
  • Margrafacht na Moráive (príomhchathair: Brünn. Inniu, tugtar Brno ar Brünn, agus is é an dara cathair is mó i bPoblacht na Seice.)
  • Contae Diúcach na Tioróile (príomhchathair: Innsbruck)
  • Tír an Chósta (is é sin, na tailte timpeall ar Trieste; is leis an Iodáil, leis an tSlóivéin agus leis an gCróit iad inniu. Trieste, nó Triest as Gearmáinis, a bhí ina príomhchathair ar Thír an Chósta.)
  • Vorarlberg (príomhchathair: Bregenz. Ceann de na stáit fheidearálacha é Vorarlberg san Ostair inniu.)

Tailte na hUngáire

  • Ríocht na hUngáire. Tabhair faoi deara go raibh a lán teangacha éagsúla agus náisiúntachtaí éagsúla sa ríocht seo, ach ní raibh stádas ar bith acu san Ungáir. Mar shampla, bhí a ríocht agus a gcoróin féin ag na Seicigh sa Bhoihéim, ach ní raibh aon chineál stáit ná fiú stát soip ag na Slóvacaigh san Ungáir. Ba í Búdaipeist an phríomhchathair, ar ndóigh.
  • Ríocht na Cróite agus na Slavóine. Bhí féinrialtas éigin ag an ríocht seo, agus cineál dáil nó tionól réigiúnach aici - rud neamhghnách san Ungáir. Agram an phríomhchathair - nó Zagreb, mar a thugtar uirthi as Cróitis. Is é Zagreb príomhchathair na Cróite inniu.
  • Fiume - is é sin, an chathair úd Fiume agus na tailte ina timpeall. Inniu, tugtar Rijeka ar Fiume, agus is cuid den Chróit í. Ciallaíonn an dá ainm "abhainn": focal Iodáilise é fiume, agus focal Cróitise é rijeka.

An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin

Sa bhliain 1878, shealbhaigh an Ostair-Ungáir an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, chomh maith le cathair Novi Pazar agus an cúige (Sandžak) a bhain léi ón Tuirc Otamánach. Bhí na tailte seo á rialú mar ghabháltas míleata go dtí an bhliain 1908, nuair a nascghabh an Ostair iad - is é sin, nuair a cuireadh leis an Impireacht iad go hoifigiúil.

Ainm na tíre i dteangacha oifigiúla na hOstair-Ungáire

Ainm na Démhonarcachta i dteangacha oifigiúla a saoránach:

Tagairtí

  1. "Who's Who - Emperor Franz Josef I". First World War.com.
  2. 2.0 2.1 2.2 Britannica 1911
  3. "The kingdom of Hungary desired equal status with the Austrian empire, which was weakened by its defeat in the Austro-Prussian War of 1866. The Austrian emperor Francis Joseph gave Hungary full internal autonomy, together with a responsible ministry, and in return it agreed that the empire should still be a single great state for purposes of war and foreign affairs, thus maintaining its dynastic prestige abroad." - Compromise of 1867, Encyclopædia Britannica, 2007
  4. "Austria-Hungary - LoveToKnow 1911". 1911encyclopedia.org.