An difríocht idir athruithe ar: "Linseáil"
No edit summary |
No edit summary |
||
Líne 6: | Líne 6: | ||
Leagan [[Gaeilge]] eile é '''dlí Uí Loingsigh'''. Seo an leagan a bhí ag [[Cosslett Ó Cuinn]] san aistriúchán Gaeilge a rinne sé ar an [[úrscéal]] buachaillí bó le [[Federico Mediante Noceda]], ''Peores que Lobos'' ("Níos measa ná na mic thíre féin" - ach is é "An Ridire Dubh" an teideal Gaeilge). Mar sin, is ionann "duine a linseáil" agus "dlí Uí Loingsigh a imirt ar dhuine". |
Leagan [[Gaeilge]] eile é '''dlí Uí Loingsigh'''. Seo an leagan a bhí ag [[Cosslett Ó Cuinn]] san aistriúchán Gaeilge a rinne sé ar an [[úrscéal]] buachaillí bó le [[Federico Mediante Noceda]], ''Peores que Lobos'' ("Níos measa ná na mic thíre féin" - ach is é "An Ridire Dubh" an teideal Gaeilge). Mar sin, is ionann "duine a linseáil" agus "dlí Uí Loingsigh a imirt ar dhuine". |
||
Linseáil is ábhar don amhrán |
Linseáil is ábhar don amhrán chlúiteach le hAbel Meeropol (ainm cleite: Lewis Allan), ''Strange Fruit'', a bhí á chanadh ag [[Billie Holiday]], an t-amhránaí cáiliúil ''blues'', ar fud na mblianta le súil an tsaoil mhóir a tharraingt ar an gcinedheighilt i nDeisceart na Stát Aontaithe agus ar chruachás na nGormach. Tagraíonn na focail ''strange fruit'' - "toradh aisteach" - do na daoine linseáilte agus iad ar crochadh de na crainn mar a bheadh torthaí ann. |
||
{{commonscat|Lynchings|Linseáil}} |
{{commonscat|Lynchings|Linseáil}} |
Leagan ó 21:54, 22 Lúnasa 2010
Is éard is linseáil ann ná pionós báis gan triail gan chúirt, agus é curtha i gcrích ag slua gramaisce. Go coitianta, samhlaítear an téarma leis an gciníochas sna Stáit Aontaithe, agus an dóigh a mbítí ag linseáil daoine gorma ansin sna laethanta a bhí, go háirithe sna blianta 1860-1890. Go tipiciúil, chrochtaí na híobartaigh den chrann, ach ar ndóigh, is féidir linseáil a thabhairt ar dhúnmharú ar bith, ar acht is gur slua de dhaoine corraithe a rinne é.
Tá an téarma bunaithe ar shloinne an réabhlóidí Mheiriceánaigh Charles Lynch. Bhí an Loingseach seo i gceannas ar chúirt mhírialta i Virginia le linn cogadh réabhlóideach Mheiriceá, agus é ag imirt phionóis ar na dílseoirí Meiriceánacha - is é sin, na Meiriceánaigh a bhí ag tacú le cúis Shasana in aghaidh na réabhlóidithe Meiriceánacha.
Leagan Gaeilge eile é dlí Uí Loingsigh. Seo an leagan a bhí ag Cosslett Ó Cuinn san aistriúchán Gaeilge a rinne sé ar an úrscéal buachaillí bó le Federico Mediante Noceda, Peores que Lobos ("Níos measa ná na mic thíre féin" - ach is é "An Ridire Dubh" an teideal Gaeilge). Mar sin, is ionann "duine a linseáil" agus "dlí Uí Loingsigh a imirt ar dhuine".
Linseáil is ábhar don amhrán chlúiteach le hAbel Meeropol (ainm cleite: Lewis Allan), Strange Fruit, a bhí á chanadh ag Billie Holiday, an t-amhránaí cáiliúil blues, ar fud na mblianta le súil an tsaoil mhóir a tharraingt ar an gcinedheighilt i nDeisceart na Stát Aontaithe agus ar chruachás na nGormach. Tagraíonn na focail strange fruit - "toradh aisteach" - do na daoine linseáilte agus iad ar crochadh de na crainn mar a bheadh torthaí ann.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |