An difríocht idir athruithe ar: "Asgard (luamh)"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
(No difference)

Leagan ó 15:46, 26 Deireadh Fómhair 2004

Asgard Tógadh an luamh seo i 19905 agus tugadh é mar bhronntanas pósta óna tuismitheoirí do Mhary Osgood a phós Erskine Childers, údar an leabhar Riddle of the Sands. Ar an 26ú Iúil 1914 thug Erskine agus Mary, agus ceathrar eile, lastas airm leo as Hamburg na Gearmáine go Beann Éadair, tar éis dóibh turas garbh a chur díobh tríd an Mhuir Thuaidh agus Muir Éireann. Dhíol bean Childers an Asgard i 1926 agus bhí úinéirí éagsúla aige go dtí gur cheannaigh Rialtas na hÉireann é i 1961 le húsáid mar bhád traenála. Bunaíodh Coiste an Asgard i 1968 agus leanadh ar aghaidh dá úsáid chun an tseoltóireacht a theagasc do dhaoine óga na hÉireann go dtí 1974. Cuireadh an seanbhád ar taispeáint in Iarsmalann Stairiúil Phríosún Chill Mhaighneáin i 1979.

Tá bád eile anois ag Coiste an Asgard, ar a dtugtar an Asgard II a coimisiúnaíodh i 1981.