An difríocht idir athruithe ar: "Martin Luther"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m róbat ag mionathrú: arz:مارتين لوثر; cosmetic changes
m róbat ag suimiú: hsb:Martin Luther
Líne 82: Líne 82:
[[hif:Martin Luther]]
[[hif:Martin Luther]]
[[hr:Martin Luther]]
[[hr:Martin Luther]]
[[hsb:Martin Luther]]
[[hu:Luther Márton]]
[[hu:Luther Márton]]
[[hy:Մարտին Լյութեր]]
[[hy:Մարտին Լյութեր]]

Leagan ó 19:18, 15 Lúnasa 2010

Teimpléad:Bosca Sonraí Duine

B'é Máirtín Liútar (Gearmáinis: Martin LutherMartin Luder, Laidin: Martinus Lutherus. 10 Samhain 1483 - 18 Feabhra 1546) a chuir tús leis an Athleasú Creidimh sa bhliain 1530, nuair a ghreamaigh sé na Cúig Théis Déag is Ceithre Scór de dhoras na hArd-Eaglaise i Wittenberg na Gearmáine. B'eisean athair an Reifirméisin sa Ghearmáin agus ar an domhan go léir.

Óige Mhairtín Liútair

Tháinig Máirtín Liútar chun saoil in Eisleben ar an 10 lá de Mhí na Samhna sa bhliain 1483. B'é Hans Luder a athair, agus Margaretha Lindemann a bhí ar a mháthair. Baisteadh an buachaill ar fhéile Naomh Máirtín ó Tours, agus b'as an naomh seo a d'ainmnigh a thuismitheoirí é. Bhí a athair ina mháistir i bpoll mianaigh i Mansfeld, áit a rabhthas ag baint copair as an talamh, agus é in ann bia agus beatha a choinneáil lena theaghlach ionas nach raibh siad in aon chruachás. Theastaigh ó Hans státseirbhíseach a dhéanamh as a mhac, agus chuir sé ar scoil é. Fuair Máirtín a chuid scolaíochta i Mansfeld, Magdeburg agus Eisenach.

In aois a sheacht mbliana déag, sa bhliain 1501, chuaigh Máirtín ag staidéar in Ollscoil Erfurt. Bhain sé amach céim an bhaitsiléara sa bhliain 1502 agus céim an mháistir sa bhliain 1505. Is é an cineál léinn a roghnaigh sé san ollscoil ná an dlí, mar a theastaigh óna athair.

I samhradh na bliana 1505, áfach, chuir cith tóirní cor ina chinniúint. Bhuail splanc thóirní an talamh in aice leis, díreach nuair a bhí sé ag dul chun na scoile. "A Naomh Áine", a sciorr air a rá, "cuidigh liom! Rachaidh mé sna manaigh!" [Brecht, vol. 1, p. 48]. Ó shíl sé gurb í Naomh Áine a tháinig chun tarrthála dó an lá áirithe sin, chomhlíon sé an gheallúint a bhí tugtha aige, nó d'éirigh sé as an dlí agus chuaigh sé sna manaigh.

Nuair a bhí sé ina mhanach Agaistíneach, agus é ag obair ina ollamh le diagacht, thosaigh sé ag éirí míshásta leis an Eaglais Chaitliceach. Fuair sé locht ar éilliú agus ar lobhadh na hEaglaise Caitlicí, agus é ag éileamh go bhfillfeadh an Eaglais ar ais ar na foinsí agus ar bhunteagasc Íosa Críost. Theastaigh uaidh briathar Dé a scaipeadh i measc na ndaoine ina dteanga féin, agus mar sin, chuir sé Gearmáinis ar an mBíobla. Bhí an-tábhacht leis an aistriúchán a rinne sé, nó bhí stíl líofa thíriúil dá chuid féin aige a chuir cor i gcinniúint na Gearmáinise mar theanga liteartha. Ina ainneoin féin, chuir Liútar tús le scoilt na hEaglaise Caitlicí agus le forbairt na hEaglaise Liútaránaí, arb í an chéad mhóreaglais Phrotastúnach a tháinig ar an bhfód.

Sa Ghaeilge, is gnách "Clann Liútair" a thabhairt, mar leasainm díspeagúil, ar na Protastúnaigh go léir, na Preispitéirigh Ultacha ach go háirithe. Is féidir samplaí den úsáid seo a fháil ag na hamhránaithe Seacaibíteacha agus ag Micí Mac Gabhann araon.

Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR