An difríocht idir athruithe ar: "An Adyghe"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: af:Adigies
m róbat ag suimiú: es:Idioma adigué
Líne 40: Líne 40:
[[en:Adyghe language]]
[[en:Adyghe language]]
[[eo:Adigea lingvo]]
[[eo:Adigea lingvo]]
[[es:Idioma adigué]]
[[fi:Adygen kieli]]
[[fi:Adygen kieli]]
[[fr:Adyguéen (langue)]]
[[fr:Adyguéen (langue)]]

Leagan ó 23:24, 25 Iúil 2010

Teimpléad:Teanga Tá an teanga Adyghe (адыгэбзэ adygebze, adəgăbză) ar ceann den dá theanga oifigiúil i bPoblacht Adygea sa Rúis. Labhraíonn treibheanna éagsúla na náisiúntachta Adyghe í: Shapsugh, Bzedugh, Abzekh, Kemirgoy, Hakuchi, agus roinnt eile freisin. Tugann an mhuintir AdyghadzeAdyghabza ar a dteanga féin.

Tá an teanga Adyghe ó dhúchas ag thart ar 125,000 duine sa Rúis. Ar fud an domhain, tá sí ag 300,000 duine, agus an chuid is mó acu ina gcónaí sa Tuirc.

Baineann an teanga Adyghe le fine na dteangacha Cugasacha Thiar Thuaidh. Tá gaol dlúth aici le teangacha ar nós na Cabairdínise, na teanga Ubykh, na hAbchásaise agus na teanga Abaza.

Caighdeánaíodh an teanga i ndiaidh Réabhlóid Dheireadh Fómhair. Sa bhliain 1938, cuireadh an aibítir Choireallach i bhfeidhm ar an teanga, cosúil le cuid mhór teangacha eile san Aontas Sóivéadach. Roimhe sin, b'iad aibítir na hAraibise agus an aibítir Laidineach a bhí in úsáid.

Gramadach

Tá abairtí bunúsacha na teanga Adyghe, cosúil leis na teangacha Cugasacha Thiar Thuaidh eile, bunaithe ar an ordú ainmní-cuspóir-briathar, agus an briathar ag éileamh an tuisil oibrígh.

Naisc sheachtracha