An difríocht idir athruithe ar: "Gaoth Dobhair"
No edit summary |
m gramadach |
||
Líne 12: | Líne 12: | ||
daonra_thuathúil = 3,000 (2002) | |
daonra_thuathúil = 3,000 (2002) | |
||
}} |
}} |
||
'''Gaoth Dobhair''' (''Gweedore'' i m[[Béarla]]): ceantar [[Gaeltacht|Gaeltachta]] i g[[ |
'''Gaoth Dobhair''' (''Gweedore'' i m[[Béarla]]): ceantar [[Gaeltacht|Gaeltachta]] i g[[Contae Dhún na nGall]], [[Éire]]. Anseo, tá seirbhís réigiúnach de chuid [[Raidió na Gaeltachta]] lonnaithe, agus is é Gaoth Dobhair an paróiste Gaeltachta is mó in [[Éirinn]] le daonra do 4,065. Is iad na príomhbhailte fearainn ná Croithlí, Dún Lúiche, An Bun Beag, Doirí Beaga, Cnoc Fola agus suíonn siad faoi scáth [[an Earagail]], an cnoc is airde i gContae Dhún na nGall. |
||
==Ainm== |
==Ainm== |
||
Líne 20: | Líne 20: | ||
==Teanga== |
==Teanga== |
||
Is í [[an Ghaeilge]] príomhtheanga na ndaoine sa pharóiste, ach tuigtear an [[Béarla]] freisin. Meallann an Ghaeilge na mílte turasóirí agus scoláirí gach bliain chuig na coláistí samhraidh, chun tuigbhéal níos fearr a fháil ar an teanga. Faigheann páistí agus déagóirí na háite [[oideachas]] s'acu fríd mheán na Gaeilge, agus bíonn na seirbhísí reiligiúnacha agus fógraí poiblí uilig i n[[Gaeilge]]. Ach, is cosúil go bhfuil |
Is í [[an Ghaeilge]] príomhtheanga na ndaoine sa pharóiste, ach tuigtear an [[Béarla]] freisin. Meallann an Ghaeilge na mílte turasóirí agus scoláirí gach bliain chuig na coláistí samhraidh, chun tuigbhéal níos fearr a fháil ar an teanga. Faigheann páistí agus déagóirí na háite [[oideachas]] s'acu fríd mheán na Gaeilge, agus bíonn na seirbhísí reiligiúnacha agus fógraí poiblí uilig i n[[Gaeilge]]. Ach, is cosúil go bhfuil meath ag teacht ar an Ghaeilge sa cheantar le cúpla bliain anuas. |
||
[[Íomhá:Doiribeaga.jpg|300px|thumb|An bóthar R257 a théann fríd Ghaoth Dobhair, le feiceáil anseo sna Doirí Beaga.]] |
[[Íomhá:Doiribeaga.jpg|300px|thumb|An bóthar R257 a théann fríd Ghaoth Dobhair, le feiceáil anseo sna Doirí Beaga.]] |
||
Siocair go bhfuil an dá theanga ag muintir na háite, is minic a chuireann siad focail Bhéarla isteach sa Ghaeilge agus an mhalairt fosta. Dá bhrí sin tá stór focal neamhghnách forbartha ag muintir Ghaoth Dobhair. Tá aird fhoclóirí á dtarraingt acu dá dheasca seo. Is iad seo leanas cuid de na samplaí de na frásaí agus focail seo: |
|||
*Bammy - aid. 1. Éalárnach; amaideach. 2. Ag |
*Bammy - aid. 1. Éalárnach; amaideach. 2. Ag lériú fearg. [Athrú ar an fhocal Bhéarla - Barmy] |
||
*Shy (ball) - n. Úsáidtear seo in áit an téarma 'throw-in' i sacair [Foinse anaithnid.] |
*Shy (ball) - n. Úsáidtear seo in áit an téarma 'throw-in' i sacair [Foinse anaithnid.] |
||
*Big wow - aid. Ag |
*Big wow - aid. Ag léiriú nach bhfuil rud éigin mórthaibhseach.(Is téarma shearbhasach é.) |
||
(Úsáidtear na téarmaí seo i n[[Glaschú]]. Chuaigh na léir daoine as an cheantar seo go h[[Albain]] blianta ó shin, agus tá cuid mhór nascanna idir an dá thír fós.) |
(Úsáidtear na téarmaí seo i n[[Glaschú]]. Chuaigh na léir daoine as an cheantar seo go h[[Albain]] blianta ó shin, agus tá cuid mhór nascanna idir an dá thír fós.) |
||
* |
*áilte nó eáilte - Gaelú ar bhriathra Bhéarla: wreckáilte - tuirseach. |
||
==Stair an cheantair== |
==Stair an cheantair== |
||
Chuir [[Plandáil Uladh]] casadh ar stair an pharóiste sa bhliain [[1609]]. B'éigean do dhaoine Ghaelacha talamh thorthúil s'acu a fhágáil sa Lagáin agus imeacht go dtí iarthar [[Contae Dhún na nGall|Dhún na nGall]], agus shroich cuid mhaith acu Gaoth Dobhair. Ag an am chéanna thosaigh lonnaitheoirí [[Sasana|Shasanacha]] agus [[Albain|Albanacha]] ag teacht, agus d'athraigh siad an talamh go barúntachtaí. De réir cosúlachta ní raibh mórán de dhaonra sa pharóiste suas go dtí an [[17ú haois]]. Chónaigh na daoine ar na hoileáin agus ar imeall na farraige i |
Chuir [[Plandáil Uladh]] casadh ar stair an pharóiste sa bhliain [[1609]]. B'éigean do dhaoine Ghaelacha talamh thorthúil s'acu a fhágáil sa Lagáin agus imeacht go dtí iarthar [[Contae Dhún na nGall|Dhún na nGall]], agus shroich cuid mhaith acu Gaoth Dobhair. Ag an am chéanna thosaigh lonnaitheoirí [[Sasana|Shasanacha]] agus [[Albain|Albanacha]] ag teacht, agus d'athraigh siad an talamh go barúntachtaí. De réir cosúlachta ní raibh mórán de dhaonra sa pharóiste suas go dtí an [[17ú haois]]. Chónaigh na daoine ar na hoileáin agus ar imeall na farraige i ngráigeanna, thóg siad na tithe in aice a chéile i bpócaí bheaga. |
||
Ní raibh daonra mór ann suas go dtí an [[19ú haois]] agus tuigtear go raibh caidreamh measartha maith idir na tionóntaí agus na tiarnaí talún. Tháinig laghdú mór ar chaighdeán an tsaoil le linn theacht na dtiarnaí talún úra san [[19ú haois]], go háirithe An Tiarna George Hill (1801-1879) agus a mhac Arthur. Threoir an |
Ní raibh daonra mór ann suas go dtí an [[19ú haois]] agus tuigtear go raibh caidreamh measartha maith idir na tionóntaí agus na tiarnaí talún. Tháinig laghdú mór ar chaighdeán an tsaoil le linn theacht na dtiarnaí talún úra san [[19ú haois]], go háirithe An Tiarna George Hill (1801-1879) agus a mhac Arthur. Threoir an sagart Seán Mac Pháidín muintir na háite agus iad ag troid leis na tiarnaí talún seo nuair a bunaíodh [[Conradh na Talún]] agus an Plean Feachtais. Is é eachtra ''Marú an Mháirtínigh'' (An Cigire Dúiche William Martin) taobh amuigh de theach an phobail [[Dhoirí Beaga]] buaicphointe Chogadh na Talún i nGaoth Dobhair. |
||
Tá na léir leabhair staire foilsithe faoi stair Ghaoth Dobhair. Ba í Cáit Nic Giolla Bhríde (nach maireann) ceann de na |
Tá na léir leabhair staire foilsithe faoi stair Ghaoth Dobhair. Ba í Cáit Nic Giolla Bhríde (nach maireann) ceann de na staraithe ba chlúiteacha sa cheantar. |
||
==Eacnamaíocht== |
==Eacnamaíocht== |
||
[[Íomhá:Cnocfola.jpg|left|300px|thumb|Íomhá lánléargais do Ghaoth Dobhair ó Chnoc Fola.]] |
[[Íomhá:Cnocfola.jpg|left|300px|thumb|Íomhá lánléargais do Ghaoth Dobhair ó Chnoc Fola.]] |
||
Bunaíodh cuid mhór monarchana i nGaoth Dobhair sna [[1970idí]], [[1980idí]] agus sna [[1990idí]], nuair a chuir coiste áitiúil brú ar na húdaráis gníomh dearfach a dhéanamh mar chomóradh ar [[Éirí Amach na Cásca]]. Ach dhruid an chuid is mó acu seo sa bhliain [[2001]] mar gheall ar tháirgíocht níos saoire in [[Oirthear na hEorpa]], agus bhuail seo buille an-olc ar |
Bunaíodh cuid mhór monarchana i nGaoth Dobhair sna [[1970idí]], [[1980idí]] agus sna [[1990idí]], nuair a chuir coiste áitiúil brú ar na húdaráis gníomh dearfach a dhéanamh mar chomóradh ar [[Éirí Amach na Cásca]]. Ach dhruid an chuid is mó acu seo sa bhliain [[2001]] mar gheall ar tháirgíocht níos saoire in [[Oirthear na hEorpa]], agus bhuail seo buille an-olc ar gheilleagar na háite agus na gceantar máguaird. Táthar ag táirgeadh bábóga phoirceallán i nGaoth Dobhair ó 1939 faoin ainm ''Bábógaí Chroichshlí'' nó ''Crolly Dolls''. Cé nach bhfuil ionad uirbeach ar bith ann tá dlús daonra an-ard i nGaoth Dobhair le blianta fada, agus chuaigh daoine ar imirce séasúrach go hAlbain ar feadh na mblianta. Le fás na tionsclaíochta agus na turasóireachta tógadh na céadta teach úr ar fud an cheantair, iad uilig spréite amach ar fud an pharóiste. |
||
Athainmníodh an eastát tionsclaíoch go dtí ''Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair'' in [[2003]], agus chuir [[Údarás na Gaeltachta]] feachtas ar bun chun níos mó comhlachtaí a mhealladh go dtí an ceantar. D'éirigh go measartha leis an |
Athainmníodh an eastát tionsclaíoch go dtí ''Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair'' in [[2003]], agus chuir [[Údarás na Gaeltachta]] feachtas ar bun chun níos mó comhlachtaí a mhealladh go dtí an ceantar. D'éirigh go measartha leis an fheachtas seo. Sa cheantar anois tá roinnt ollmhargaí, siopaí áise, sciamheolaithe, gruagairí, conraitheoirí, garáistí, poitigéirí, tithe leana, caifí, agus seisear teach ósta. |
||
==Oideachas== |
==Oideachas== |
||
Líne 63: | Líne 63: | ||
==Na healaíona== |
==Na healaíona== |
||
Tá aird [[An Domhan|an domhain]] |
Tá aird [[An Domhan|an domhain]] tarraingthe ag ceoltóirí Ghaoth Dobhair ar an pharóiste. Cruthaíodh an grúpa ceoil [[Clannad]] sa bhliain [[1970]], agus ó shin tá breis agus 20 milliún ceirnín díolta acu. Thosaigh an grúpa [[Altan]] i nGaoth Dobhair fosta, agus tagann an príomhamhránaí [[Mairéad Ní Mhaonaigh]] ó Chois Claidí. Is dócha gurb í Eithne Ní Bhraonáin, nó [[Enya]] ab fhearr aithne uirthi, an ceoltóir is clúití ó Ghaoth Dobhair, thosaigh sí ar stáitse Amharclann Ghaoth Dobhair le linn a hóige agus anois tá níos mó ná 75 milliún ceirnín díolta aici. Tá clú agus cáil ar cheoltóirí eile on pharóiste, is iad [[Aoife Ní Fhearraigh]], Brídín Brennan, Maria McCool, Gearóidín Breathnach, [[Na Casaidigh]], Proinsias Ó Maonaigh, agus Seamus McGee. Bhí nasc mór ag Gaoth Dobhair leis an ghrúpa [[Skara Brae]] fosta. Tá dhá chór ghníomhacha sa pharóiste, Cór Mhuire Dhoirí Beaga (á stiúradh ag Máire 'Baba' Bn. Uí Bhroanáin agus Eibhlín Nic Suibhne) agus Cór Thaobh a' Leithid (á stiúradh ag Doimnic Mac Giolla Bhríde). Tá albaim eisithe ag an dá dhream. |
||
Bíonn ''Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy'' ar siúl gach bliain úr i nGaoth Dobhair in ómós don cheoltóir aithnidiúil Frankie Kennedy ó [[Bhéal Feirste]] ó dhúchas, a bhí pósta ar [[Mhairéad Ní Mhaonaigh]] go dtí go bhfuair sé bás le hailse in [[1994]]. |
Bíonn ''Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy'' ar siúl gach bliain úr i nGaoth Dobhair in ómós don cheoltóir aithnidiúil Frankie Kennedy ó [[Bhéal Feirste]] ó dhúchas, a bhí pósta ar [[Mhairéad Ní Mhaonaigh]] go dtí go bhfuair sé bás le hailse in [[1994]]. |
||
Líne 69: | Líne 69: | ||
Scríobh Phroinsias Ó Maonaigh an t-amhrán "''[[Gleanntáin Ghlas' Ghaoth Dobhair]]''", atá anois ina aintiún do mhuintir na háite sa bhaile agus i gcéin. |
Scríobh Phroinsias Ó Maonaigh an t-amhrán "''[[Gleanntáin Ghlas' Ghaoth Dobhair]]''", atá anois ina aintiún do mhuintir na háite sa bhaile agus i gcéin. |
||
Tá traidisiún fada aisteoireachta sa phobal agus bhí an-cháil ar |
Tá traidisiún fada aisteoireachta sa phobal agus bhí an-cháil ar Aisteoirí Ghaoth Dobhair agus ar Amharclann Ghaoth Dobhair ar feadh na mblianta. |
||
==Daoine clúiteacha as Gaoth Dobhair== |
==Daoine clúiteacha as Gaoth Dobhair== |
Leagan ó 15:21, 18 Iúil 2010
Teimpléad:Ie baile infobox Gaoth Dobhair (Gweedore i mBéarla): ceantar Gaeltachta i gContae Dhún na nGall, Éire. Anseo, tá seirbhís réigiúnach de chuid Raidió na Gaeltachta lonnaithe, agus is é Gaoth Dobhair an paróiste Gaeltachta is mó in Éirinn le daonra do 4,065. Is iad na príomhbhailte fearainn ná Croithlí, Dún Lúiche, An Bun Beag, Doirí Beaga, Cnoc Fola agus suíonn siad faoi scáth an Earagail, an cnoc is airde i gContae Dhún na nGall.
Ainm
An Ghaoth an t-ainm atá ar ghóilín atá ag bun Abhainn Chroithlí atá ina theorainn idir Gaoth Dobhair agus na Rosa. Is seanfhocal é Dobhar fá choinne uisce. Inbhear uisciúil an chiall bhunúsach atá leis an ainm Gaoth Dobhair.[1]
Teanga
Is í an Ghaeilge príomhtheanga na ndaoine sa pharóiste, ach tuigtear an Béarla freisin. Meallann an Ghaeilge na mílte turasóirí agus scoláirí gach bliain chuig na coláistí samhraidh, chun tuigbhéal níos fearr a fháil ar an teanga. Faigheann páistí agus déagóirí na háite oideachas s'acu fríd mheán na Gaeilge, agus bíonn na seirbhísí reiligiúnacha agus fógraí poiblí uilig i nGaeilge. Ach, is cosúil go bhfuil meath ag teacht ar an Ghaeilge sa cheantar le cúpla bliain anuas.
Siocair go bhfuil an dá theanga ag muintir na háite, is minic a chuireann siad focail Bhéarla isteach sa Ghaeilge agus an mhalairt fosta. Dá bhrí sin tá stór focal neamhghnách forbartha ag muintir Ghaoth Dobhair. Tá aird fhoclóirí á dtarraingt acu dá dheasca seo. Is iad seo leanas cuid de na samplaí de na frásaí agus focail seo:
- Bammy - aid. 1. Éalárnach; amaideach. 2. Ag lériú fearg. [Athrú ar an fhocal Bhéarla - Barmy]
- Shy (ball) - n. Úsáidtear seo in áit an téarma 'throw-in' i sacair [Foinse anaithnid.]
- Big wow - aid. Ag léiriú nach bhfuil rud éigin mórthaibhseach.(Is téarma shearbhasach é.)
(Úsáidtear na téarmaí seo i nGlaschú. Chuaigh na léir daoine as an cheantar seo go hAlbain blianta ó shin, agus tá cuid mhór nascanna idir an dá thír fós.)
- áilte nó eáilte - Gaelú ar bhriathra Bhéarla: wreckáilte - tuirseach.
Stair an cheantair
Chuir Plandáil Uladh casadh ar stair an pharóiste sa bhliain 1609. B'éigean do dhaoine Ghaelacha talamh thorthúil s'acu a fhágáil sa Lagáin agus imeacht go dtí iarthar Dhún na nGall, agus shroich cuid mhaith acu Gaoth Dobhair. Ag an am chéanna thosaigh lonnaitheoirí Shasanacha agus Albanacha ag teacht, agus d'athraigh siad an talamh go barúntachtaí. De réir cosúlachta ní raibh mórán de dhaonra sa pharóiste suas go dtí an 17ú haois. Chónaigh na daoine ar na hoileáin agus ar imeall na farraige i ngráigeanna, thóg siad na tithe in aice a chéile i bpócaí bheaga.
Ní raibh daonra mór ann suas go dtí an 19ú haois agus tuigtear go raibh caidreamh measartha maith idir na tionóntaí agus na tiarnaí talún. Tháinig laghdú mór ar chaighdeán an tsaoil le linn theacht na dtiarnaí talún úra san 19ú haois, go háirithe An Tiarna George Hill (1801-1879) agus a mhac Arthur. Threoir an sagart Seán Mac Pháidín muintir na háite agus iad ag troid leis na tiarnaí talún seo nuair a bunaíodh Conradh na Talún agus an Plean Feachtais. Is é eachtra Marú an Mháirtínigh (An Cigire Dúiche William Martin) taobh amuigh de theach an phobail Dhoirí Beaga buaicphointe Chogadh na Talún i nGaoth Dobhair.
Tá na léir leabhair staire foilsithe faoi stair Ghaoth Dobhair. Ba í Cáit Nic Giolla Bhríde (nach maireann) ceann de na staraithe ba chlúiteacha sa cheantar.
Eacnamaíocht
Bunaíodh cuid mhór monarchana i nGaoth Dobhair sna 1970idí, 1980idí agus sna 1990idí, nuair a chuir coiste áitiúil brú ar na húdaráis gníomh dearfach a dhéanamh mar chomóradh ar Éirí Amach na Cásca. Ach dhruid an chuid is mó acu seo sa bhliain 2001 mar gheall ar tháirgíocht níos saoire in Oirthear na hEorpa, agus bhuail seo buille an-olc ar gheilleagar na háite agus na gceantar máguaird. Táthar ag táirgeadh bábóga phoirceallán i nGaoth Dobhair ó 1939 faoin ainm Bábógaí Chroichshlí nó Crolly Dolls. Cé nach bhfuil ionad uirbeach ar bith ann tá dlús daonra an-ard i nGaoth Dobhair le blianta fada, agus chuaigh daoine ar imirce séasúrach go hAlbain ar feadh na mblianta. Le fás na tionsclaíochta agus na turasóireachta tógadh na céadta teach úr ar fud an cheantair, iad uilig spréite amach ar fud an pharóiste.
Athainmníodh an eastát tionsclaíoch go dtí Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair in 2003, agus chuir Údarás na Gaeltachta feachtas ar bun chun níos mó comhlachtaí a mhealladh go dtí an ceantar. D'éirigh go measartha leis an fheachtas seo. Sa cheantar anois tá roinnt ollmhargaí, siopaí áise, sciamheolaithe, gruagairí, conraitheoirí, garáistí, poitigéirí, tithe leana, caifí, agus seisear teach ósta.
Oideachas
Tá cúigear bunscoil i nGaoth Dobhair, sna bailte fearainn seo a leanas: Doirí Beaga, An Bun Beag, Mín an Chladaigh, Dobhar agus Luinneach. Ba ea Pobalscoil Ghaoth Dobhair an t-aon meánscoil sa pharóiste a bunaíodh sa bhliain 1977 i Luinneach, agus is é Noel Ó Gallchóir an príomhoide atá ann. Cuirtear an oideachas seo uilig ar fáil fríd mheán na Gaeilge agus déanann na mic léinn na scrúduithe stáit i nGaeilge. Sa bhlian 2004 d'oscail Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ionad Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge chun oideachas tríú leibhéal a chur ar fáil fríd mheán na Gaeilge do mhuintir na háite.[2]
Gnéithe fisiceacha
Tá Gaoth Dobhair cáiliúil mar gheall ar áilleacht mara agus tíre atá le feiceáil ann. Is dócha gurbh é an Earagail an ghné is so-aitheantaí sa cheantar, an cnoc is airde i gContae Dhún na nGall, agus atá suite os cionn Loch Dhún Lúiche. Thart ar Ghaoth Dobhair tá gleanntáin fhairsinge, ina measc tá Gleann Nimhe, Caisleán Ghleann Bheatha agus Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha, an páirc náisiúnta is mó sa tír. Radharc suntasach eile i nGaoth Dobhair ná 'Bád Eddie', bád iascaigh a chuaigh ar ancaire i mbá Mhachaire Chlochair sna 1970idí agus a bhfuil ann go fóill.
Ar chósta Ghaoth Dobhair tá cuid mhór tráigheanna agus aillte le fáil, chomh maith le hoileáin cosúil le Toraí agus Gabhla agus na caoráin atá forleathan timpeall na háite.
Iompar
D'oscail stáisiún traenach i nGaoth Dobhair ar 9 Márta 1903, dúnadh é mar sheirbhís do phaisinéirí ar 3 Meitheamh 1940, agus dúnadh é go hiomlán ar 6 Eanáir 1947. Tá roinnt cóistí a théann ó Ghaoth Dobhair go háiteanna ar nós Gaillimh, Béal Feirste agus Baile Átha Cliath ann freisin. Chuir Comhlacht Iarnród Loch tSúillí (Lough Swilly Railway Company) seirbhísí bhusanna ar fáil don cheantar ar feadh na blianta fada.
Spórt
Tá tábhacht mhór ag spórt i saol an pharóiste, mar shampla peil Ghaelach, sacar, galf agus a leithéidí. Tá CLG Ghaoth Dobhair ann a thugann áiseanna peile Gaelaí ar fáil do dhaoine sa cheantar, agus tá na clubanna sacair Ceiltigh Ghaoth Dobhair, Gaoth Dobhair Aontaithe agus Ceiltigh Dhún Lúiche. Tá neart peileadóirí iomráiteacha sa cheantar ar nós Hugh Rua Gallagher, Niall Ó Gallchóir, Jack Phaddy Óig, Jim Mc Fadden, Kevin Cassidy, Antoin Carroll, Hiúdaí Beag Ó Gallchóir agus Hughie Tim Boyle. Is as Gaoth Dobhair máthair agus seanmháthair na peileadóirí Albanacha Pat Crerand agus Aiden McGeady.
Na healaíona
Tá aird an domhain tarraingthe ag ceoltóirí Ghaoth Dobhair ar an pharóiste. Cruthaíodh an grúpa ceoil Clannad sa bhliain 1970, agus ó shin tá breis agus 20 milliún ceirnín díolta acu. Thosaigh an grúpa Altan i nGaoth Dobhair fosta, agus tagann an príomhamhránaí Mairéad Ní Mhaonaigh ó Chois Claidí. Is dócha gurb í Eithne Ní Bhraonáin, nó Enya ab fhearr aithne uirthi, an ceoltóir is clúití ó Ghaoth Dobhair, thosaigh sí ar stáitse Amharclann Ghaoth Dobhair le linn a hóige agus anois tá níos mó ná 75 milliún ceirnín díolta aici. Tá clú agus cáil ar cheoltóirí eile on pharóiste, is iad Aoife Ní Fhearraigh, Brídín Brennan, Maria McCool, Gearóidín Breathnach, Na Casaidigh, Proinsias Ó Maonaigh, agus Seamus McGee. Bhí nasc mór ag Gaoth Dobhair leis an ghrúpa Skara Brae fosta. Tá dhá chór ghníomhacha sa pharóiste, Cór Mhuire Dhoirí Beaga (á stiúradh ag Máire 'Baba' Bn. Uí Bhroanáin agus Eibhlín Nic Suibhne) agus Cór Thaobh a' Leithid (á stiúradh ag Doimnic Mac Giolla Bhríde). Tá albaim eisithe ag an dá dhream.
Bíonn Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy ar siúl gach bliain úr i nGaoth Dobhair in ómós don cheoltóir aithnidiúil Frankie Kennedy ó Bhéal Feirste ó dhúchas, a bhí pósta ar Mhairéad Ní Mhaonaigh go dtí go bhfuair sé bás le hailse in 1994.
Scríobh Phroinsias Ó Maonaigh an t-amhrán "Gleanntáin Ghlas' Ghaoth Dobhair", atá anois ina aintiún do mhuintir na háite sa bhaile agus i gcéin.
Tá traidisiún fada aisteoireachta sa phobal agus bhí an-cháil ar Aisteoirí Ghaoth Dobhair agus ar Amharclann Ghaoth Dobhair ar feadh na mblianta.
Daoine clúiteacha as Gaoth Dobhair
- Aoife Ní Fhearraigh, amhránaí
- Áine Ní Churráin, pearsantacht raidió
- Breandán de Gallaí, rinceoir
- Bríd Rodgers, polaiteoir
- Clannad, banna ceoil
- Cormac Breslin, iar-TD agus Ceann Comhairle
- Dinny McGinley, TD
- Enya, ceoltóir
- James Duffy, faighteoir bonn Victoria Cross
- Mad Dog Coll, coirpeach Meiriceánach
- Mairéad Ní Mhaonaigh, ceoltóir
- Moya Brennan, ceoltóir
- Pearse Doherty, seanadóir
- Pádraig Ó Domhnaill, ball don Invincibles
- Proinsias Ó Maonaigh, ceoltóir
- Seán 'ac Fhionnlaoich, scríbhneoir
- Tarlach Mac Suibhne, An Píobaire Mór
Logainmneacha i nGaoth Dobhair
- Ard na gCeapairí
- Baile an Droichid
- Baile Lár
- An Bun Beag
- Bun an Leaca
- Cnoc Fola
- Cnoc an Stolaire
- An Charraic
- Carraig an tSeascain
- Coitín nó An Choiteann
- Croithshlí nó Croithlí
- Na Doirí Beaga nó Doire Beag
- Dobhar
- Dún Lúiche
- Glaiseach nó An Ghlaisigh
- Glaisear Chú nó Glais Dobhar Chú
- Gleann Tornáin
- Luinneach
- Machaire Chlochair
- Machaire Gathlán
- Mín an Chladaigh
- Mín na Cuinge
- Mín an Iolair
- Srath na Corcra
- Srath Máirtín
Oileáin
- Inis Sionnaigh
- Gabhla
- Inis Meáin
- Inis Oirthear