An difríocht idir athruithe ar: "Diego Maradona"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
Líne 110: Líne 110:
[[sw:Diego Maradona]]
[[sw:Diego Maradona]]
[[ta:டீகோ மரடோனா]]
[[ta:டீகோ மரடோனா]]
[[th:ดีเอโก มาราโดนา]]
[[th:เดียโก มาราโดนา]]
[[tr:Diego Maradona]]
[[tr:Diego Maradona]]
[[uk:Дієго Марадона]]
[[uk:Дієго Марадона]]

Leagan ó 09:29, 13 Iúil 2010

Teimpléad:Bosca sonraí peileadóir

Is iar-imreoir agus traenálaí peile ón Airgintín é Diego Armando Maradona, a rugadh i mBuenos Aires ar an 30 Deireadh Fómhair, 1960). Tá sé ar dhuine de na himreoirí is fearr agus is cáiliúla riamh, a bhí ina chaptaen nuair a bhuaigh an fhoireann náisiúnta Corn an Domhain sa bhliain 1986.

Tús a shaoil

Tháinig Diego Maradona chun saoil sa chathair Lanús, ach tógadh i Villa Fiorito é - sluma ar imeall theas Bhuenos Aires. Is eisean an chéad de triúr mac agus triúr iníon a rugadh le tuismitheoirí bochta, arbh as Cúige Corrientes dóibh ó dhúchas. Bhí a bheirt dheartháir, Hugo (nó el Turco mar atá aithne air) agus Eduardo (Lalo) - ina bpeileadóirí gairmiúla chomh maith.

Agus é deich mbliana d'aois, tugadh faoi deara ag scabhta é agus é ag imirt le club a chomharsanachta Estrella Roja. Bhuaigh sé ait rialta i bhfoireann sóisir de chuid Argentinos Juniors as Bhuenos Aires, Los Cebollitas ('Na hOinniúin Beaga') mar a ghlaoitear orthu. Bhíodh sé de nós aige, mar bhuachaill liathróide óg dhá bhliain d'aois, a chumas agus chleasacha peile a thaispeáint don lucht féachana ag leath ama sna chluichí móra.

Gairm chlub

Íomhá:Maradona y la copa - Mundial Juvenil 1979 - Gente sept 1979.jpg
Maradona ag imirt leis an Airgintín sa bhliain 1979.

Thiar sa bhliain 1976 a thosaigh Maradona ag imirt le Argentina Juniors, sular bhog sé ar aghaidh chuig Boca Juniors, áit inar bhuaigh sé craobh sa bhliain 1980. Thóg sé céim an-mhór sa bhliain 1981 nuair a d'aistrigh sé go F.C. Barcelona sa Spáinn. Bhain sé an Copa del Rey amach le Barça, ach chuir gortuithe go mór as dó, agus níor éirigh ró-mhaith leis ann. Sa bhliain 1984, shínigh sé le Napoli, club Iodálach gan bhua in aon chomórtas le seasca bliain. Is ansin a shroich Maradona bhuaic a ghairmréime, ag buachan an scudetto Iodálach dhá uair, i 1986-1987 agus 1989-1990, an Corn UEFA i 1989, an Coppa Italia i 1987 agus an Supercopa Italiana i 1990. D'fhág sé an Iodáil i 1991, ag dul go Sevilla FC sa Spáinn. I 1993 d'fhill sé ar an Airgintín, ag imirt le Newell's Old Boys, roimh dul ar ais go Boca Juniors, áit a d'éirigh sé as an bpeil ar 30 Deireadh Fómhair 1997.

Teimpléad:Nasc AR