An difríocht idir athruithe ar: "An Rómáinis"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: pnb:رومانی
No edit summary
Líne 14: Líne 14:
[[Teangacha Rómánsacha|Teanga Rómánsach]] í an '''Rómáinis''' agus í ina teanga oifigiúil sa [[An Rómáin|Rómáin]]. Cosúil leis na teangacha Rómánsacha eile, d'fhorbair sí as an Laidin, ach fuair sí cuid mhaith focal iasachta ó na teangacha Slavacha a labhraítear sna tíortha ina timpeall.

Tugtar "Moldóivis" ar an Rómáinis a labhraítear sa Mholdóiv, ach is í an teanga chéanna í, go bunúsach, a fhad agus atá an caighdeán scríofa i gceist. Nuair a d'fhorghabh na trúpaí Sóivéadacha an Mholdóiv sa bhliain 1940, cuireadh na litreacha Coireallacha i bhfeidhm ar an Rómáinis a bhí á labhairt ansin, agus gaireadh teanga neamhspleách - Moldóivis - di. Ar dtús, rinne na teangeolaithe Sóivéadacha iarracht tréithe na gcanúintí áitiúla a thabhairt isteach sa chaighdeán scríofa, ach de réir a chéile, d'éirigh siad as an obair seo, agus ghlac siad leis mar phrionsabal go raibh sé ní ba chiallmhaire cloí le norm na Rómáine féin, cé gur mhair na litreacha Coireallacha in úsáid oifigiúil go dtí gur bhain an Mholdóiv amach neamhspleáchas sa bhliain 1989.
Tugtar "Moldóivis" ar an Rómáinis a labhraítear sa Mholdóiv, ach is í an teanga chéanna í, go bunúsach, a fhad agus atá an caighdeán scríofa i gceist. Nuair a d'fhorghabh na trúpaí Sóivéadacha an Mholdóiv sa bhliain 1940, cuireadh na litreacha Coireallacha i bhfeidhm ar an Rómáinis a bhí á labhairt ansin, agus gaireadh teanga neamhspleách - Moldóivis - di. Ar dtús, rinne na teangeolaithe Sóivéadacha iarracht tréithe na gcanúintí áitiúla a thabhairt isteach sa chaighdeán scríofa, ach de réir a chéile, d'éirigh siad as an obair seo, agus ghlac siad leis mar phrionsabal go raibh sé ní ba chiallmhaire cloí le norm na Rómáine féin, cé gur mhair na litreacha Coireallacha in úsáid oifigiúil go dtí gur bhain an Mholdóiv amach neamhspleáchas sa bhliain 1989. An chanúint a labhraítear sa Mholdóiv, níl mórán difríochta idir í agus an Rómáinis a chluinfeá sa Rómáin féin, agus is ionann í agus an chanúint sa chuid is cóngaraí don Mholdóiv den Rómáin. Is í an difríocht is mó ná go bhfanann a lán focal Rúisise in úsáid sa teanga labhartha sa Mholdóiv.

Scéal eile ar fad go bhfuil dreamanna beaga scaipthe ar fud na mBalcán agus canúintí Rómáinise á labhairt acu atá chomh difriúil leis an teanga chaighdeánach is gur féidir a rá gur teangacha ar leith iad. Is í an Aromúinis, nó an Aromáinis, an ceann is tábhachtaí acu seo, agus í á labhairt sa Ghréig agus sa Mhacadóin. Tá sí chomh breac le hiasachtaí Gréigise is nach féidir leis an Rómánach mórán adhmaid a bhaint aisti. Ní hionann gramadach an dá theanga ach an oiread. Teanga bheo bhríomhar í an Aromúinis i gcónaí, cé nach bhfuil stádas oifigiúil aici ach in aon chathair amháin sa Mhacadóin.

Maidir leis an Rómáinis sa chiall chúng, is minic a thugtar Dáca-Rómáinis uirthi le hí a aithint thar an Aromúinis agus na canúintí beaga scaipthe eile. Tagairt é sin do phroibhinse sean-Rómhánach na Dáicia, proibhinse a bhí suite san áit a bhfuil an Rómáin inniu, a bheag nó a mhór. Teanga shaibhir chultúrtha í inniu, agus stádas oifigiúil aici sa Rómáin, sa Mholdóiv agus i gcúige na Vóvaidíne sa tSeirbia.

Bhí Dáicis - teanga Ind-Eorpach nach bhfuilimid ró-eolach uirthi - á labhairt sa Dáicia sular bhunaigh na Rómhánaigh an proibhinse ansin. An Laidin labhartha as ar fáisceadh an Rómáinis, fuair sé cuid mhaith focal ar iasacht ó theanga na mbundúchasach, agus tá cúpla ceann acu fanta sa Rómáinis inniu féin, ar nós ''brânză'', cáis.

Tá na teangacha Balcánacha go léir sách cosúil le chéile - is é an téarma a úsáideann na teangeolaithe go minic ná ''Sprachbund'', focal Gearmáinise a chiallaíonn "comhghuaillíocht teangacha". Cé nach bhfuil dlúthghaol ach ag cuid de na teangacha seo le chéile, is féidir cosúlachtaí a aithint ar ghramadach na dteangacha seo go léir de thoradh an tionchair a bhí acu ar a chéile i rith na gcéadta bliain. "Balcánachas" den chineál seo atá i gceist le saintréithe áirithe gramadúla a aithnítear ar an Rómáinis freisin: cuirtear an t-alt deimhneach le deireadh an fhocail mar a bheadh iarmhír ann: ''codru'' "coill, foraois", ''codrul'' "an choill, an fhoraois".

Leagan ó 11:29, 3 Iúil 2010

Teimpléad:Teanga

Teanga Rómánsach í an Rómáinis agus í ina teanga oifigiúil sa Rómáin. Cosúil leis na teangacha Rómánsacha eile, d'fhorbair sí as an Laidin, ach fuair sí cuid mhaith focal iasachta ó na teangacha Slavacha a labhraítear sna tíortha ina timpeall.

Tugtar "Moldóivis" ar an Rómáinis a labhraítear sa Mholdóiv, ach is í an teanga chéanna í, go bunúsach, a fhad agus atá an caighdeán scríofa i gceist. Nuair a d'fhorghabh na trúpaí Sóivéadacha an Mholdóiv sa bhliain 1940, cuireadh na litreacha Coireallacha i bhfeidhm ar an Rómáinis a bhí á labhairt ansin, agus gaireadh teanga neamhspleách - Moldóivis - di. Ar dtús, rinne na teangeolaithe Sóivéadacha iarracht tréithe na gcanúintí áitiúla a thabhairt isteach sa chaighdeán scríofa, ach de réir a chéile, d'éirigh siad as an obair seo, agus ghlac siad leis mar phrionsabal go raibh sé ní ba chiallmhaire cloí le norm na Rómáine féin, cé gur mhair na litreacha Coireallacha in úsáid oifigiúil go dtí gur bhain an Mholdóiv amach neamhspleáchas sa bhliain 1989. An chanúint a labhraítear sa Mholdóiv, níl mórán difríochta idir í agus an Rómáinis a chluinfeá sa Rómáin féin, agus is ionann í agus an chanúint sa chuid is cóngaraí don Mholdóiv den Rómáin. Is í an difríocht is mó ná go bhfanann a lán focal Rúisise in úsáid sa teanga labhartha sa Mholdóiv.

Scéal eile ar fad go bhfuil dreamanna beaga scaipthe ar fud na mBalcán agus canúintí Rómáinise á labhairt acu atá chomh difriúil leis an teanga chaighdeánach is gur féidir a rá gur teangacha ar leith iad. Is í an Aromúinis, nó an Aromáinis, an ceann is tábhachtaí acu seo, agus í á labhairt sa Ghréig agus sa Mhacadóin. Tá sí chomh breac le hiasachtaí Gréigise is nach féidir leis an Rómánach mórán adhmaid a bhaint aisti. Ní hionann gramadach an dá theanga ach an oiread. Teanga bheo bhríomhar í an Aromúinis i gcónaí, cé nach bhfuil stádas oifigiúil aici ach in aon chathair amháin sa Mhacadóin.

Maidir leis an Rómáinis sa chiall chúng, is minic a thugtar Dáca-Rómáinis uirthi le hí a aithint thar an Aromúinis agus na canúintí beaga scaipthe eile. Tagairt é sin do phroibhinse sean-Rómhánach na Dáicia, proibhinse a bhí suite san áit a bhfuil an Rómáin inniu, a bheag nó a mhór. Teanga shaibhir chultúrtha í inniu, agus stádas oifigiúil aici sa Rómáin, sa Mholdóiv agus i gcúige na Vóvaidíne sa tSeirbia.

Bhí Dáicis - teanga Ind-Eorpach nach bhfuilimid ró-eolach uirthi - á labhairt sa Dáicia sular bhunaigh na Rómhánaigh an proibhinse ansin. An Laidin labhartha as ar fáisceadh an Rómáinis, fuair sé cuid mhaith focal ar iasacht ó theanga na mbundúchasach, agus tá cúpla ceann acu fanta sa Rómáinis inniu féin, ar nós brânză, cáis.

Tá na teangacha Balcánacha go léir sách cosúil le chéile - is é an téarma a úsáideann na teangeolaithe go minic ná Sprachbund, focal Gearmáinise a chiallaíonn "comhghuaillíocht teangacha". Cé nach bhfuil dlúthghaol ach ag cuid de na teangacha seo le chéile, is féidir cosúlachtaí a aithint ar ghramadach na dteangacha seo go léir de thoradh an tionchair a bhí acu ar a chéile i rith na gcéadta bliain. "Balcánachas" den chineál seo atá i gceist le saintréithe áirithe gramadúla a aithnítear ar an Rómáinis freisin: cuirtear an t-alt deimhneach le deireadh an fhocail mar a bheadh iarmhír ann: codru "coill, foraois", codrul "an choill, an fhoraois".

An Rómáinis
Vicipéid le fáil as An Rómáinis freisin

Teimpléad:Nasc AR