An difríocht idir athruithe ar: "Tíotáiniam"

Jump to navigation Jump to search
no edit summary
m (róbat ag mionathrú: fa:تیتانیم)
}}
 
Is [[dúil cheimiceach]] é an '''tíotáiniam'''. Is é dúil uimhir a 22 é, agus is é an tsiombail cheimiceach a thagraíonn dó sna foirmlí ceimiceacha ná '''Ti'''. Miotal trasdultach atá ann, agus é réasúnta éadrom, nó níl sé ach 4.5 oiread níos troime ná an t-uisce. Tá sé liathbhán lonrach ar a chosúlacht, agus níl sé éasca é a thuaslagadh ná a chreimeadh, nó seasann sé idir sháile, ''aqua regia'', agus chlóirín. Úsáidtear sa chóimhiotail é, nó má mheasctar le h[[alúmanam]], le h[[iarann]], le [[vanaidiam]], le [[molaibdéineam]] nó le dúile áirithe eile é, gheofar cóimhiotail láidireláidre éadroma ar féidir úsáid a bhaint asastu i ndéantús na scairdinneall, na ndiúracán is na spásárthaí. Tagann na cóimhiotail isteach áisiúil ina lán earnálacha eile freisin: sna fórsaí cosanta, i bpróisis na tionsclaíochta ceimicí agus peitriceimicí, i ndíshalannú na sáile, i bpróiseáil an laín go páipéar, i ndéantús na ngluaisteán, i dtáirgíocht an bhia, sna próistéisí, sna hionchlannáin ortaipéidice, i ngléasra an fhiaclóra agus araile.
 
[[Íomhá:Martin Heinrich Klaproth.jpg|thumb|left|upright| Bhronn an Gearmánach Martin Heinrich Klaproth an t-ainm "tíotáiniam" ar an miotal.]]

Roghchlár nascleanúna