An difríocht idir athruithe ar: "Abhacphláinéad"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Gerakibot (plé | dréachtaí)
m róbat ag suimiú: pnb:بونا سیارہ
m róbat ag suimiú: bar:Zweagplanet
Líne 21: Líne 21:
[[ar:كوكب قزم]]
[[ar:كوكب قزم]]
[[ast:Planeta nanu]]
[[ast:Planeta nanu]]
[[bar:Zweagplanet]]
[[be-x-old:Карлікавая плянэта]]
[[be-x-old:Карлікавая плянэта]]
[[bg:Планета-джудже]]
[[bg:Планета-джудже]]

Leagan ó 23:58, 15 Meitheamh 2010

Ceres
Eris

Tugtar abhacphláinéad ar rinn neimhe a shásaíonn na coinníollacha seo thíos:

  • tá sí ag fithisiú na Gréine
  • tá sí chomh trom téagartha is go bhfuil sí tar éis fórsaí an choirp righin a shárú, ionas go bhfuil cothromaíocht hidreastatach sroichte aici, agus í ar déanamh liathróide a bheag nó a mhór - is é sin, beagnach sféarúil ina cosúlacht
  • níl sí in ann timpeallacht a fithise a ghlanadh, is é sin, tá reanna neimhe eile ag timpeallú na Gréine in aice a fithise
  • gealach de chuid aon phláinéid í.

Tugadh an téarma seo isteach sa bhliain 2006. Bhítí tar éis teacht ar astaróidigh mhóra a bhí ar aon mhéid le Plútón, nó níos mó ná é fós, sna réigiúin den spás atá taobh thiar de Neiptiún (Crios Kuiper agus Scamall Oort), agus bhí gá le haicmiú nua. Inniu, glactar leis go bhfuil cúig abhacphláinéad ann, mar atá, Ceres, Plútón, Makemake, Haumea, agus Eris. Réadanna tras-Neiptiúnacha iad Plútón agus Eris, ach tá Ceres ag fithisiú na Gréine i gcrios na n-astaróideach idir Mars agus Iúpatar.

Teimpléad:Nasc AR