An difríocht idir athruithe ar: "Liverpool Football Club"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: mk:Ливерпул ФК
Líne 400: Líne 400:


[[Catagóir:Clubanna sacair Shasana|Learpholl]]
[[Catagóir:Clubanna sacair Shasana|Learpholl]]
[[Catagóir:Spórt idirnáisiúnta|Learpholl]]
[[Catagóir:UEFA|Learpholl]]
[[Catagóir:Learpholl]]
[[Catagóir:Learpholl]]



Leagan ó 08:29, 6 Meitheamh 2010

Teimpléad:Club peile bosca eolais Club sacair Sasanach is ea Liverpool Football Club (Club Peile Learphoill as Gaeilge) atá suite i Learpholl.

Stair Liverpool

Bhunaigh fear darbh ainm John Houlding Liverpool F.C. sa mbliain 1892. Bhí an t-uasal Houlding mar thiarna talún ar pháirc peile Anfield agus is ann a bhíodh Club Sacar Everton ag imirt a gcluichí baile go dtí sin. Ach tar éis aighneas a bheith ag an uasal Houlding le Club Sacar Everton, d’fhág an club a n-áit thraenála agus chuaigh siad ag imirt trasna an bhóthair i bPáirc Goodison.

Nuair a d’fhág club sacair Everton Anfield, bhunaigh Houlding Liverpool F.C. chun a n-áit a thógáil in Anfield. Is sa staid seo i lár Learphoill go bhfuil an club fós lonnaithe agus ag imirt sa Premier League.

Chuir an t-uasal Houlding go-leor oibre agus airgead isteach i mbunú an chlub. Tar éis a mbunú, níor thóg sé i bhfad ar an gclub a marc a fhágáil – bhuaigh siad chúig shraith shacar Shasana idir 1900 agus 1947. Ach i 1954 cuireadh siar an club go Roinn 2. Ach idir an bheirt bhainisteoirí cáiliúla ón Albain Bill Shankly agus Bob Paisley, á mbainistiú ó 1959 go 1983, chuir siad an club ar ais ar an bhfód.

Ba bhainisteoir inspioráideach é Bill Shankly agus rinne sé cinnte gur tháinig an club ar ais aníos sa bpríomhroinn sa bhliain 1961. Tá clú agus cáil fós ar an meoin agus ar an bhfealsúnacht a bhí ag Shankly. Ina dhiaidh sin agus ó shin amach, bhuaigh siad corn i ndiaidh coirn, ina measc 5 chorn na hEorpa. Tá ocht gcorn déag i sraith shacair Shasana buaite ag an gclub – curiarracht go dtí an lá atá inniu ann agus tá muintir Learphoill an-bhródúil gur ag a gclub baile atá an curiarracht seo.

Ach bhuail dhá thubaiste thragóideach an club sna hochtóidí – tragóid Heysel i mí na Bealtaine 1985 agus tragóid Hillsborough i mí Aibreáin 1989.

Bhí na 1990idí an-chiúin don gclub agus tháinig roinnt athruithe ar an struchtúr agus tháinig bainisteoirí nua isteach. Níor bhuaigh an club ach dhá chorn sna 1990idí – Corn FA Shasana i 1992 agus Corn na Sraithe i 1995.

Ach nuair a thóg an Francach Gerard Houllier ceannasaíocht orthu mar bhainisteoir tháinig feabhas agus forbairt ar an imirt athuair agus thug sé spreagadh agus misneach do na himreoirí agus lucht tacaíochta an chlub. Sa mbliain 2001, bhuaigh foireann Houllier chúig chorn agus bhí na “glory days” ar ais in Anfield agus i Learpholl.

Le curiarracht 18 sraith Shasana agus cúig Chorn Sacair na hEorpa buaite ag an gclub, bíonn Liverpool i gcónaí san iomaíocht le haghaidh coirn agus duaiseanna.

Bhí dlúth-bhaint ag na Ceiltigh – Éireannaigh, Albanaigh agus imreoirí na Breataine Bige leis an gclub i gcónaí. Tá clú agus cáil ar an seastán atá taobh thiar de cheann de na cúil in Anfield – An Kop – atá ainmnithe i ndiaidh chnoic san Afraic ina raibh [[Dara Cogadh na mBórach] ann i 1914.

Níor bhuaigh Liverpool Sraith Shasana ó séasúr 1989-90 agus síleann lucht tacaíochta an chlub go bhfuil sé in am ag an mbainisteoir agus na himreoirí é seo a chur ina ceart.

I mí na Bealtaine 2005, bhuaigh Liverpool Corn na hEorpa don chúigiú uaire. Ciallaíonn sé seo go gcoinníonn siad an Corn agus tá sé le feiceáil inniu in iarsmalann an chlub.

Tá croí, anam agus spiorad sa gclub seo agus is minic a chloistear mana an chlub You’ll Never Walk Alone á chasadh le creideamh agus dúthracht atá deacair le sárú.

Imreoirí don séasúr 2008/09

 

Foireann bhainistíochta don séasúr 2008/09

  • Rafael Benitez - Bainisteoir
  • Sammy Lee - Leasbhainisteoir
  • Alex Miller - Traenáilí
  • Gary Ablett - Traenáilí na foirne ionadaí
  • Xavi Valero - Traenáilí an chúl báire
  • Hughie McAuley - Traenáilí na foirne ionadaí

Onóracha

  • 1901: Craobhchomórtas Sraithe Peile (bainisteoir: T. Watson)
  • 1906: Craobhchomórtas Sraithe Peile (bainisteoir: T. Watson)
  • 1922: Craobhchomórtas Sraithe Peile (bainisteoir: D. Ashworth)
  • 1923: Craobhchomórtas Sraithe Peile (bainisteoir: M. McQueen)
  • 1947: Craobhchomórtas Sraithe Peile (bainisteoir: G. Kay)
  • 1964: Craobhchomórtas Sraithe Peile (bainisteoir: B. Shankly)
  • 1965: Corn FA (bainisteoir: B. Shankly)
  • 1966: Craobhchomórtas Sraithe Peile (bainisteoir: B. Shankly)
  • 1973: Corn UEFA , Craobhchomórtas Sraithe Peile(bainisteoir: B. Shankly)
  • 1974: Corn FA (bainisteoir: B. Shankly)
  • 1976: Corn UEFA, Football League Championship (bainisteoir: B. Paisley)
  • 1977: Corn Eorpa UEFA, Football League Championship (bainisteoir: B. Paisley)
  • 1978: Corn Eorpa UEFA (bainisteoir: B. Paisley)
  • 1979: Craobhchomórtas Sraithe Peile (bainisteoir: B. Paisley)
  • 1980: Craobhchomórtas Sraithe Peile (bainisteoir: B. Paisley)
  • 1981: Corn Eorpa UEFA, Corn Sraithe Peile (bainisteoir: B. Paisley)
  • 1982: Craobhchomórtas Sraithe Peile, Corn Sraithe Peile (bainisteoir: B. Paisley)
  • 1983: Craobhchomórtas Sraithe Peile, Corn Sraithe Peile (bainisteoir: B. Paisley)
  • 1984: Corn Eorpa UEFA, Craobhchomórtas Sraithe Peile, Corn Sraithe Peile (bainisteoir: J. Fagan)
  • 1986: Craobhchomórtas Sraithe Peile, FA Cup (bainisteoir: K. Dalglish)
  • 1988: Craobhchomórtas Sraithe Peile (bainisteoir: K. Dalglish)
  • 1989: Corn FA (bainisteoir: K. Dalglish)
  • 1990: Craobhchomórtas Sraithe Peile (bainisteoir: K. Dalglish)
  • 1992: Corn FA (bainisteoir: Souness)
  • 1995: Corn Sraithe Peile(bainisteoir: R. Evans)
  • 2001: Corn UEFA ,Corn FA , Corn Sraithe Peile (bainisteoir: G. Houllier)
  • 2003: Corn Sraithe Peile (bainisteoir: G. Houllier)
  • 2006: Corn FA (bainisteoir: R. Benitez)

Foinsí: Suíomh oifigiúl Liverpool, www.liverpoolfc.tv

Staitisticí ó chluichí de chuid an chlub

  • 'Sé Sraith Lancashire an chéad chluiche comórtais inar ghlac Liverpool páirt i gcoinne Higher Walton. Bhuaigh siad an cluiche 8-0. Ní raibh imreoir Sasanach ar bith ag imirt leo.
  • Céad Urraim: Seaimpíní Roinn 2 i séasúr 1893/94
  • Nollaig 1909 Newcastle United chun tosaigh 5-2 ag Anfield, ach sháraigh fir na léinte dearga iad ag an deireadh leis an mbua 6-5.
  • Is ag Roger Hunt atá an líon is mó cúil d'aon séasúr amháin - d'aimsigh sé 41 chúl i séasúr 1961/62.
  • Céad Chluiche Eorpach: Lúnasa 17 1964 d'imir siad i gcoinne KR Reykjavik, An Íoslainn, do Chorn na hEorpa, agus bhí an bua acu 5-0 as baile.
  • Níor úsáideadh ach 14 imreoir de chuid na céad foirne sa séasúr 1965/66, nuair a d'éirigh le Liverpool an Sraith a bhuachaint.
  • Is ag Ian Rush atá an churiarracht don mhéid is mó cúil sna comórtais uilig in aon séasúr amháin i gClub Sacair Learphoill - d'aimsigh sé 47 chúil i séasúr 1983/84.
  • Líon is mó tréchleas le linn a chuid imeartha: Gordon Hodgson 17 (1926-36)
  • Tréchleas - trí i ndiaidh a chéile: Jack Balmer 1946-7 (na cinn amháin a fuair sé)
  • D'aimsigh Xabi Alonso an cúl is faide do Learpholl, 65 slat ón chúl

Tuilleadh eolais Liverpool F.C. - Statistics

Pointí Spéisiúla

1978:

  • Bua ag an mBreatain Bheag sa Grand Slam sa Rugbaí
  • Cailleadh an Pápa (Beannacht Dé lena anam)
  • Chaill Liverpool i gCraobh Corn na Sraithe i gcoinne na Seaimpíní iarmhartacha [Forest]
  • Ghnóthaigh Liverpool Corn na hEorpa

1981

  • Phós Prince Charles .
  • Phós Ken agus Deidre i Corrie.
  • Tháinig Doctor Who nua ar an aer.
  • Ghnóthaigh Liverpool Corn na hEorpa

2005

  • Bua ag an mBreatain Bheag sa Grand Slam sa Rugbaí
  • Cailleadh an Pápa (Beannacht Dé lena anam)
  • Chaill Liverpool i gCraobh Corn na Sraithe i gcoinne na Seaimpíní iarmhartacha [Chelsea]
  • Phós Prince Charles
  • Phós Ken agus Deidre i Corrie.
  • Ghnóthaigh Liverpool Corn na hEorpa


  • Chaith Liverpool léinte dearga chuile uair ar éirí leo Corn na hEorpa a bhaint amach i gcoinne foirne a chaith léinte bána!

Foinse eolais:uk.sport.football.clubs.liverpool

Imreoirí cáiliúla

1892 to 1959:

1960 go 1990

1990 go dtí an lae inniu

Foinse eolais: Wikipedia Liverpool Football Club (English)

Taispeántas sa Premier League

Séasúr Pointí Bainte Amach Áit
2004/05
58
2003/04
60
2002/03
64
2001/02
80
2ra
2000/01
69
1999/2000
67
1998/99
54
1997/98
65
1996/97
68
1995/96
71
1994/95
74
1993/94
60
1992/93
59

Naisc sheachtracha

Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR