An difríocht idir athruithe ar: "Sraithchomórtas Peile Náisiúnta"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
Gramadach
Líne 119: Líne 119:




[[Catagóir:Craobhacha Pheile Gaelacha]]
[[Catagóir:Craobhacha peile Gaelaí]]


[[en:National Football League (Ireland)]]
[[en:National Football League (Ireland)]]

Leagan ó 11:40, 30 Bealtaine 2010

Teimpléad:Comórtas CLG bosca eolais Comórtas peile Éireannach is ea Sraithchomórtas Peile Náisiúnta (Béarla: National Football League), a eagraíonn Cumann Lúthchleas Gael go bliantúil san Earrach (Feabhra - Aibreán). Níl an tsraith chomh tábhachtach is atá Craobh Peile na hÉireann,[1] rud atá fíor maidir leis an gcomórtas iomána freisin. Ar an taobh eile, tá stair fhada bhródúil ag na sraitheanna náisiúnta. Craoltar cluichí beo ar TG4 agus Setanta Sports.

Is é Allianz an t-urraitheoir faoi láthair.

Stair

Cuireadh an chéad chomórtas ar siúl i rith an gheimhridh 1925-1926, mar a bhí an nós suas go dtí an bhliain 2002 nuair a bogadh é go dtí an tEarrach. Bhuaigh Laois an chéad chomórtas. Bhí suim ag na foirne go léir sa chomórtas ón tús, ach bhaintí úsáid as den chuid is mó chun cleachtas a fháil sular thosaigh Craobh na hÉireann sa tsamhradh.

Buaiteoirí

Foireann Buaiteoirí Dara háit Blianta
Ciarraí 19 4 1928, 1929, 1931, 1932, 1959,1961, 1963, 1969, 1971, 1972, 1973, 1974, 1977, 1982, 1984, 1997, 2004, 2006, 2009
Maigh Eo 11 5 1934, 1935, 1936, 1937, 1938, 1939, 1941, 1949, 1954, 1970, 2001
Baile Átha Claith 9 11 1953, 1955, 1958, 1964, 1976, 1978, 1987, 1991, 1993
An Mhí 7 9 1933, 1946, 1951, 1975, 1988, 1990, 1994
An Doire 6 5 1947, 1992, 1995, 1996, 2000, 2008
Corcaigh 6 5 1952, 1956, 1980, 1989, 1999, 2010
An Dún 4 4 1960, 1962, 1968, 1983
Gaillimh 4 5 1957, 1965, 1967, 1981
Laois 2 1 1926, 1986
An Cabhán 2 5 1948, 1950
Tír Eoghain 2 1 2002, 2003
Ard Mhacha 1 3 2005
An Longfort 1 0 1966
Muineachán 1 1 1985
Ros Comáin 1 2 1979
Uíbh Fhailí 1 2 1998

Tagairtí

Naisc sheachtracha