An difríocht idir athruithe ar: "Breandán Ó Buachalla"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Físeán ar YouTube agus catagóir nua.
Líne 26: Líne 26:
==Naisc sheachtracha==
==Naisc sheachtracha==
* [http://www.nd.edu/~irishstu/obuachalla.html Próifíl acadúil Uí Bhuachalla ar shuíomh gréasáin Institiúid Mhic Eochaidh-Uí Neachtain um an Léann Éireannach]
* [http://www.nd.edu/~irishstu/obuachalla.html Próifíl acadúil Uí Bhuachalla ar shuíomh gréasáin Institiúid Mhic Eochaidh-Uí Neachtain um an Léann Éireannach]
* [http://www.youtube.com/watch?v=WzA-VK9wpTg Físeán de Bhreandán Ó Buachalla ar YouTube agus é ag cur síos ar an Aisling]


[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1936|Buachalla, Breandán Ó]]
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1936|Buachalla, Breandán Ó]]
Líne 31: Líne 32:
[[Catagóir:Daoine as Contae Chorcaí|Buachalla, Breandán Ó]]
[[Catagóir:Daoine as Contae Chorcaí|Buachalla, Breandán Ó]]
[[Catagóir:Scríbhneoirí Éireannacha|Buachalla, Breandán Ó]]
[[Catagóir:Scríbhneoirí Éireannacha|Buachalla, Breandán Ó]]
[[Catagóir:Scoláirí Gaeilge|Buachalla, Breandán Ó]]
[[en:Breandán Ó Buachalla]]
[[en:Breandán Ó Buachalla]]

Leagan ó 12:21, 25 Bealtaine 2010

Ba scoláire agus acadóir Gaeilge é Breandán Ó Buachalla (1936 - 20 Bealtaine 2010). Aithnítear é ar dhuine de na scoláirí ba thábhachtaí i léann na Gaeilge sa dara cuid den 20ú haois agus i dtús na haoise seo.[1] Bhí sé ar dhuine de na daoine is mó saineolas ar fhilíocht agus ar scríbhneoireacht na Nua-Ghaeilge Moiche.

Óige

Rugadh Breandán Ó Buachalla i gCathair Chorcaí sa bhliain 1936. Oileadh é i Scoil Neasáin agus i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, áit ar bhain sé bunchéim amach sa Léann Ceilteach.

Gairmréim mar acadóir

Chaith sé tréimhse ina léachtóir Gaeilge i gOllscoil na Banríona, Béal Feirste ar dtús, sular thug sé aghaidh ar München na Gearmáine chun staidéar a dhéanamh ar fhocleolaíocht agus ar theangeolaíocht faoi oiliúint Julius Pokorny.[2] Bhí sé ina Ollamh le Gaeilge i Scoil an Léinn Cheiltigh in Institiúid Bhaile Átha Cliath um Ardoideachas ó 1973 go dtí 1978, chomh maith le bheith ina Ollamh le Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath ó 1978 go dtí 1996. Anuas air sin, bhí sé ina ollamh ar cuairt i gColáiste Bhostún agus Ollscoil Nua-Eabhrac. Bhí sé ina ollamh (mar an gcéad "Thomas J. and Kathleen O'Donnell Chair of Irish Language and Literature") sa Roinn Theanga agus Litríocht na Gaeilge in Ollscoil Notre Dame ó 2003 ar aghaidh.

Saol pearsanta

Bhí an Buachailleach pósta le hAingeal agus bhí triúr clainne acu, mar atá, Bríd Óg, Clíona agus Traolach, agus triúr garmhac leo, Marcus, Cuán agus Seán Óg. Tá cáil áirithe bainte amach ag a pháistí dóibh féin ag obair sna meáin chumarsáide, go háirithe i meáin chumarsáide na Gaeilge.

Leabhair

  • Clár Lámhscríbhinní Gaeilge sa Leabharlann Phoiblí i mBéal Feirste (1962)
  • I mBéal Feirste Cois Cuain (1968)
  • Peadar Ó Doirnín: Amhráin (1969)
  • Nua-Dhuanaire I agus II (1972 agus 1976)
  • Cathal Buí: Amhráin (1975)
  • Aisling Ghéar: na Stíobhartaigh agus an tAos Léinn 1603-1788 (1996)
  • An Caoine agus An Chaointeoireacht (1998)
  • The Crown of Ireland (2006)
  • Aogán Ó Rathaille (2007)

Tagairtí

  1. http://www.gaelport.com/sonrai-nuachta?NewsItemID=4438
  2. Welch, Robert (eag.), Oxford Concise Companion to Irish Literature, (Oxford 1996/2000) lth. 264

Naisc sheachtracha