An difríocht idir athruithe ar: "Dara Cogadh na mBórach"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: hu:Második búr háború
Líne 45: Líne 45:
[[fi:Toinen buurisota]]
[[fi:Toinen buurisota]]
[[fr:Seconde Guerre des Boers]]
[[fr:Seconde Guerre des Boers]]
[[hu:Második búr háború]]
[[it:Seconda guerra boera]]
[[it:Seconda guerra boera]]
[[ko:제2차 보어 전쟁]]
[[ko:제2차 보어 전쟁]]

Leagan ó 19:26, 23 Bealtaine 2010

B'é Dara Cogadh na mBórach an cogadh a chuir an Bhreatain Mhór ar na Bóraigh ón 11ú lá de Mhí Dheireadh Fómhair, 1899, go dtí an 31ú lá de Mhí na Bealtaine, 1902. Bhí dhá phoblacht neamhspleách ag na Bóraigh, mar atá, an Saorstát Oráisteach agus Poblacht Transvaal (Poblacht na hAfraice Theas) a bhí mar naimhde ag an Impireacht Bhriotanach. I ndiaidh cath fada faidréiseach a chur ar na Sasanaigh, chaill na poblachtaí seo an cogadh, agus rinneadh cuid den Impireacht díobh.

Cúlra an Chogaidh

Íomhá:Afrikaner commandos.JPG
Treallchogaithe Bóracha le linn an chogaidh

Nuair a thángthas ar ór in Transvaal, thonn na mílte de Shasanaigh isteach thar an teorainn ó Choilíneacht na Rinne. D'fhás cathair Johannesburg as an talamh thar oíche mar a bheadh sluma ann, agus na huitlanders (na strainséirí), mar a thugadh na Bóraigh orthu ina dteanga féin, ag socrú síos in aice le foinsí an óir. I ndiaidh tamaill, fuair na Bóraigh iad féin ina mionlach i gcroílár a bpoblachta féin. Ní raibh siad sásta leis an bhforbairt seo, agus le deachú na lonnaitheoireachta a ghearradh de na huitlanders, d'éiligh siad cánacha arda ar thionsclaíocht an óir. Mar sin, thosaigh na huitlanders ag lorg cabhrach ón rialtas Briotanach, agus iad den tuairim gur chóir poblacht Transvaal a chur de dhroim an tsaoil. Sa bhliain 1895, bhain Cecil Rhodes triail as, agus é ag maoiniú coup d'état i bpoblacht Transvaal. Theip ar an iarracht seo, áfach, siúd is go raibh fórsa armtha mar chúltaca léi.

Ghlac na Bóraigh leis an iarracht sin - "Ruathar Jameson", ainmnithe as Leander Starr Jameson - mar thús le cogadh. Thosaigh Paul Kruger (Uachtarán an tSaorstáit Oráistigh) agus Martinus Theunis Steyn ag déanamh téisclime don chogadh sin, nó i dtús na bliana 1896, d'ordaigh siad raidhfilí Mauser le haghaidh a n-airm. San am céanna, bhí Impireacht na Breataine Móire go léir ag dul chun cogúlachta, agus ceannairí na gcoilíneachtaí go léir ag éileamh go nascghabhfaí na poblachtaí neamhspleácha Bóracha.

Chuaigh Gobharnóir Choilíneacht na Rinne, Sior Alfred Milner, i ndáil chomhairle leis an mbeirt Uachtarán Bórach i mBloemfontein i ndeireadh Mhí Bealtaine 1899. Bhí Paul Kruger sásta a lán a ghéilleadh do na Sasanaigh leis an gcogadh a sheachaint, ach ní raibh gar ann. Tháinig deireadh leis na comhchainteanna go gasta. I Mí Mheán Fómhair, chuir Joseph Chamberlain, Rúnaí Coilíneach na Breataine Móire (is é sin, an t-aire rialtais a bhí freagrach as cúrsaí na gcoilíneachtaí) fógra deiridh chuig na hUachtaráin ag éileamh cearta iomlána saoránachta do na Briotanaigh i bPoblacht Transvaal.

Tuigeadh do Kruger nach seachnófaí an cogadh a thuilleadh. Chuir sé a fhógra deiridh féin chuig Chamberlain ina ndúirt sé go mbeadh dhá lá ag an mBreatain Mhór a cuid trúpaí a tharraingt siar ó theorainneacha Phoblacht Transvaal, agus mura dtarraingeodh, rachadh an dá phoblacht Bhóracha chun cogaidh.

Níor ghlac na Sasanaigh an fógra deiridh seo i ndáiríre ar aon nós. Cúis gháire dóibh a bhí ann. Bhí siad inbharúla go raibh na Bóraigh ag síleadh an dúrud díobh féin, agus iad ag bagairt ar an impireacht ba mhó ar an domhan, an dá phoblacht bheaga acu. Maidir leis an bhfreagra, áfach, bhí na nuachtáin Shasanacha agus na polaiteoirí ar aon fhocal: má bhí an cogadh ag teastáil chomh géar sin ó na Bóraigh, bhuel, ní dhiúltódh an Impireacht faoina mian iad.

Tús an Chogaidh: na Bóraigh ag Ionsaí (Deireadh Fómhair go Mí na Nollag 1899)

Thosaigh an cogadh ar an 11ú Deireadh Fómhair 1899, agus ar dtús, b'iad na Bóraigh a d'ionsaigh Coilíneacht Natal agus Coilíneacht na Rinne idir Deireadh Fómhair 1899 agus Eanáir 1900. Bhí na Sasanaigh scaipthe go tanaí, agus na Bóraigh ag cúngú orthu go bagrach. Chuir siad na cathracha Mafeking agus Kimberley faoi léigear, agus ansin, d'fhág siad an chuid ba mhó de na trúpaí Sasanacha imshuite i Ladysmith. Bhí cuid mhaith sibhialaigh fágtha sna cathracha sin, agus iad ag fulaingt go mór mór faoin mbombardú airtléire agus de cheal bia.

An Chéad Bheart Eile: na Sasanaigh ag Ionsaí (ó Eanáir go Meán Fómhair 1900)

An Treallchogaíocht (Meán Fómhair 1900 go Bealtaine 1902)

Laethanta Deireanacha an Chogaidh

Na Sluachampaí Géibhinn

Deireadh an Chogaidh

Nascanna inmheánacha

Teimpléad:Nasc AR