An difríocht idir athruithe ar: "Páirc an Chrócaigh"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 12: Líne 12:
|disciplín =[[Na Cluichí Gaelacha|Cluichí Gaelacha]]
|disciplín =[[Na Cluichí Gaelacha|Cluichí Gaelacha]]
|tionóntaí =[[Cumann Lúthchleas Gael]]
|tionóntaí =[[Cumann Lúthchleas Gael]]
|suíocháin =82,500
|suíocháin =73,300
|seasamh =9,000
}}
}}



Leagan ó 01:16, 18 Bealtaine 2010

Teimpléad:Bosca Sonraí staid

Is í Páirc an Chrócaigh ceanncheathrú Chumann Lúthchleas Gael. Tá sí suite i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath in Éirinn i mbruachbhaile Chluain Life. Sa lá atá inniu ann, is í an staid is mó in Éirinn, agus í ar ceann de na staidiaim is mó san Eoraip féin. Inniu, is féidir 82,500 duine a thoilleadh ansin, tar éis na hatógála a rinneadh ar Chnoc 16, an t-aon chuid den staidiam inar féidir seasamh anois. Tá an pháirc lonnaithe idir líne traenach ar thaobh amháin agus an Chanáil Ríoga ar an taobh eile.

Stair

Páirc lúthchleasaíochta a bhí san áit fiú sular tógadh an staidiam, agus is é an t-ainm a bhí air ná Jones Road Sportsground. I ndiaidh bhunú Chumann Lúthchleas na nGael sa bhliain 1884, thosaigh lucht an chumainn ag baint úsáide as an bpáirc seo go tráthrialta le cluichí Gaelacha a imirt agus le liathróid a bhualadh. B'anseo a himríodh an dá chluich ceannais uile-Éireannach sa bhliain 1896 mar chlabhsúr ar chraobh na bliana 1895. Sna blianta sin, bhí an CLG ag síorfhás, agus tábhacht na páirce ag dul i méid dá réir. Tuigeadh do Phroinsias Ó Duinnín, ball den ChLG a bhí ina iriseoir, cé chomh tábhachtach agus a bhí an pháirc ag na lúthchleasaithe Gaelacha, agus cheannaigh sé í luach £3,250 sa bhliain 1908. Dhíol seisean an pháirc leis an gCumann sa bhliain 1913, agus b'ansin a fuair an áit an t-ainm atá uirthi inniu, is é sin, Páirc an Chrócaigh, in onóir phátrún an Chumainn, an t-Ard-Easpag Thomas Croke.

Páirc an Chrócaigh tar éis a cuid athchóirithe, le linn Chluiche Ceannais Peile na hÉireann i 2004.

Sa bhliain 1913, ní raibh ach dhá ardán ar an taobh den pháirc a bhfuil Ardán Uí Ógáin inniu. Sa bhliain 1917, baineadh úsáid as brablach ón Éirí Amach an bhliain roimhe sin chun Cnoc 16 a thógáil.

Ar an 20 Samhain 1920, tharla sléacht ann faoi lámh na bpóilíní cúnta inar maraíodh triúr duine déag, beirt imreoir ina measc ón gcluiche peile a bhí ar siúl idir Baile Átha Cliath agus Tiobraid Árann ar an lá, Séamus Ó hAogáin agus Mícheál Ó hÓgáin. Tugtar Domhnach na Fola ar an eachtra seo. Bhí an Cogadh Angla-Éireannach faoi lán seol san am agus ní ba luaithe ar an lá céanna, mharaigh scuad Mhícheál Uí Choileáin ceathrar oifigeach faisnéise déag de chuid Shasana, agus cineál díoltas ab ea é an t-ionsaí a rinneadh ar Pháirc an Chrócaigh.

Sna fichidí, thosaigh an CLG ar staidiam mhór a thógáil. Tógadh Ardán Uí Chíosóig sa bhliain 1927, agus é ainmnithe as Mícheál Ó Cíosóig ón gClár, duine de bhunaitheoirí an Chumainn. Sa bhliain 1952 tógadh Ardán Nally, agus é ainmnithe i ndilchuimhne ar dhuine eile de na bunaitheoirí, P.W.Nally.

Inniu

Foireann náisiúnta rugbaí na hÉireann ag imirt rugbaí i bPáirc an Chrócaigh.

Ó thaobh an spóirt de, úsáidtear an staid le haghaidh cluichí Gaelacha ach baineadh úsáid aisti freisin le haghaidh cheolchoirmeacha móra agus ócáidí ar nós na Cluichí Oilimpeacha Speisialta, a osclaíodh agus a dúnadh ann i 2003.

Chluichí Iasachta

Um Cháisc 2005, i gComhdháil Bhliantúil Chumann Lúthchleas Gael, socraíodh go mbeadh an CLG sásta go n-imreofaí sacar agus rugbaí sa Pháirc fad is a bheadh an staid ag Bóthar Lansdúin dúnta agus obair tógála ar siúl ann. Ba é Riail a 42 de chuid an Chumainn a bhí ina chnámh spairne le fada. Rinne siad leasú ar an riail, ach beidh an coisc iomlán ar ais ag deireadh an obair ar an "Staid Aviva"

Bhí an tinreamh is mó do chluiche rugbaí club riamh san domhain i Páirc an Chrócaigh ar an 2 Bealtaine 2009 nuair a d'imir Laighean agus Mumhain ós comhair 82,208 daoine[1]

Liathróid Láimhe

pinniúr breá liathróid láimhe i bPáirc an Chrócaigh agus imrítear go leor cluichí ann. Tá sé suite díreach amach ó príomh doirse Cnoc 16, agus tá dhá pinniúr ann, ceann amháin 60x30 agus ceann eile 40x20. Imrítear anois agus arís an pinniúr mór mar pinniúr balla amháin. Tá caint leanúnach faoi ionad nua náisiúnta Liathróid Láimhe a tógáil in áit an sean ionad[2]

Bhí an pinniúr san staid, díreach faoi Cnoc 16 sular thóg siad an ionad Socialta [3]

Conspóid

Biléog faoi agóid an ionad Sóisialta agus Liathróid Láimhe.

Tá neart conspóid ag baint leis an ionad Liathróid Láimhe thar na bliana, bhí trioblóid faoi ceadúnas máil an ionad, nuair a rinne an CLG iarracht stop a chur leis [4]. Bhí an taoiseach Bertie Ahern, Enda Kenny an neart daoine cáiliúil eile páirteach san réiteach.

Rinne bainistíocht Páirc an Chrócaigh iarracht fáil réigh le ceadúnas máil an ionad[5], bhí agóid ag an grúpa "Croke Park Streets Committee" i rith comhdháil an CLG, mar ní raibh siad sásta le seo. Bhí plean acu stailc ocras a úsáid chun an ionad a chosaint.

Naisc sheachtracha

Tagairtí:

  1. http://news.bbc.co.uk/sport2/hi/rugby_union/8030912.stm
  2. http://archives.tcm.ie/roscommonherald/2006/12/13/story5132.asp
  3. http://irishhandballalley.blogspot.com/2009/01/croke-park-site-of-demolished-alley.html
  4. http://www.hoganstand.com/handball/ArticleForm.aspx?ID=56709
  5. http://www.independent.ie/national-news/residents-plan-hunger-strike-to-save-community-centre-264629.html