An difríocht idir athruithe ar: "Linseáil"
Luckas-bot (plé | dréachtaí) m róbat ag suimiú: ca:Linxament |
Luckas-bot (plé | dréachtaí) m róbat ag suimiú: br:Lynching |
||
Líne 14: | Líne 14: | ||
[[ar:إعدام دون محاكمة]] |
[[ar:إعدام دون محاكمة]] |
||
[[arz:لنشيه]] |
[[arz:لنشيه]] |
||
[[br:Lynching]] |
|||
[[ca:Linxament]] |
[[ca:Linxament]] |
||
[[cs:Lynčování]] |
[[cs:Lynčování]] |
Leagan ó 13:10, 14 Bealtaine 2010
Is éard is linseáil ann ná pionós báis gan triail gan chúirt, agus é curtha i gcrích ag slua gramaisce. Go coitianta, samhlaítear an téarma leis an gciníochas sna Stáit Aontaithe, agus an dóigh a mbítí ag linseáil daoine gorma ansin sna laethanta a bhí, go háirithe sna blianta 1860-1890. Go tipiciúil, chrochtaí na híobartaigh den chrann, ach ar ndóigh, is féidir linseáil a thabhairt ar dhúnmharú ar bith, ar acht is gur slua de dhaoine corraithe a rinne é.
Tá an téarma bunaithe ar shloinne an réabhlóidí Mheiriceánaigh Charles Lynch. Bhí an Loingseach seo i gceannas ar chúirt mhírialta i Virginia le linn cogadh réabhlóideach Mheiriceá, agus é ag imirt phionóis ar na dílseoirí Meiriceánacha - is é sin, na Meiriceánaigh a bhí ag tacú le cúis Shasana in aghaidh na réabhlóidithe Meiriceánacha.
Leagan Gaeilge eile é dlí Uí Loingsigh. Seo an leagan a bhí ag Cosslett Ó Cuinn san aistriúchán Gaeilge a rinne sé ar an úrscéal buachaillí bó le Federico Mediante Noceda, Peores que Lobos ("Níos measa ná na mic thíre féin" - ach is é "An Ridire Dubh" an teideal Gaeilge). Mar sin, is ionann "duine a linseáil" agus "dlí Uí Loingsigh a imirt ar dhuine".
Linseáil is ábhar don amhrán clúiteach le hAbel Meeropol (ainm cleite: Lewis Allan), Strange Fruit, a bhí á chanadh ag Billie Holiday, an t-amhránaí cáiliúil blues, ar fud na mblianta le súil an tsaoil mhóir a tharraingt ar an gcinedheighilt i nDeisceart na Stát Aontaithe.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |