An difríocht idir athruithe ar: "An Bhútáin"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
mNo edit summary
Liam n (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 51: Líne 51:
Go stairiúil, tugadh an-chuid ainmneacha éagsúla ar an mBútáin, cosúil le "Lho Mon" (talamh theas an dorchadais), Lho Tsendenjong (talamh theas na cufróige), "Lhomen Khazhi" (talamh theas na ceithre rochtain) agus "Lho Men Jong" (talamh theas na luibheanna míochaine).[7]

== Staire ==

Tá fiannaise ann ó a léithéid d'uirlisí clocha, d'airm, de chnámha eilifintí agus d'iarsmaí de structúir déanta de chlocha mhóra gur lonnaigh daoine sa Bhútáin chomh luath le 2000 R.C., cé ná maireann aon taifid scríofa ón ré sin.

Níl móran eolas againn maidir le luathstair na Bútáine ach an oiread ós rud é gur milleadh an chuid is mó de na taifid scríofa a bhain léi i dtine mhór sa phríomhchathair Punakka sa bhlian 1827 [12]. 'Sé turas an Budaí noafa, Padma Sambhava, sa bhliain 747, an eachtra is luaithe sa Bhútáin go bhfuil trácht againn air. [11].

Faoín 10ú aoise, bhí dlúthcheangil idir forbairti polaitaíocta na tíre agus an reiligúin. D'eascair fosheicteanna Búdaíochta faoí choimirce thaoiseach éagsúla mhongólacha. Tar éis imeacht na mongólach san 14ú aoise, chuaigh na fosheicteanna in iomaíocht lena chéile agus faoí 16ú aoise, ba iad na Drukpa, ceann des na fo-sheicteanna so, a chuaigh i gcinsealacht.

Chomhaontaigh an láma Tibéideach agus ceanaire airm Shabdrung Ngawang Namgyal limistéar na Bútáine san 17ú aoise. Bhí sé féin ag teitheadh ó ghéarleanúint reiligiúin sa Tibéid. Chun na tíre a chosaint ó ionsaithe ón Tibéid, Thóg Namgyal sraith dzong (nó dúnfort) láidir agus agus d'fhógair sé córas dlíthe chun smact a chur ar na tiarnaí áitiúla. Tá cuid mhaith des na dzong fós le feiscint agus úsáidtear iad mar lárionaid reiligiúin agus mar lárionaid riaracháin do ceantair éagsúla.

Timpeall 1627, Ba iad Estêvão Cacella ,an tÍosánach Portaingéalach agus sagart eile na chéad Eorpaigh atá ar taifead a tháinig chun na Bútáine agus iad ar a slí chun na Tíbéide. Bhuaileadar le Ngawang Namgyal . Bhronnadar airm, púdar agus teileascóp air agus thairgaíodar fónamh a dhéanmh dó in aghaidh na Tibéideach, rud a dhiúltaigh sé.

Leagan ó 17:32, 3 Bealtaine 2010

Teimpléad:Bosca Sonraí Tíre Is tír talamhiata í Ríocht na Bútáine san Áise Theas, atá suite ag an taobh oirthear de na Himiléithe. Tá Poblacht na hIndia teorainn ar theorainn léi sa deisceart, san oirthear agus san iarthar agus tá an tSín teorainn ar theorainn léi sa tuaisceart. Tugann muintir na Bútáine Druk Yul (Dzongkha: འབྲུག་ཡུལ་ 'drug yul) ar an tír. Ciallaíonn sé seo "Talamh Toirneach an Dragúin".

Bhíodh An Bhútáin ceann des na tíortha ba iargúlta ar domhan ach de réir a chéile, le teacht forbairtí cosúil leis an aerthaisteal idirnáisiúnta, an idirlíon, eangaigh fón póca agus teilifís chábla, tháinig cruth na haimsire seo ar ceanntracha uirbeacha na tíre. Ag an am gcéanna, deineadh iarracht gan mhilleadh cultúr ársa agus traidisiún na tíre. Chuige sin, agus ionas go mbeadh cothromaíocht ann idir an fhorbairt agus an caomhnú, d'fhorbair an rialtas a fhealsúnacht féin gur tugadh "OllSonas Náisiúnta" nó sa Bhéarla "Gross National Happiness" uirthe. D'éirigh leo ollscriosadh na timpeallachta a sheachaint agus cuirtear béim faoi leith ar chaomhnú cultúr, céannacht agus timpeallacht na tíre. Tuairiscíodh san iris Newsweek sa bhliain 2006 gurbh iad na daoine ba shonasaí ar domhain iad na Bútánaigh. Sin de réir suirbhé a dhein Ollscoil Leicester sa bhliain céanna agus gur tugadh "World Map of Happiness" air.

Síneann tírdreacht na Bútáine ó mhánna fothrópaiceacha sa deisceart go dtí arda na Himiléithe sa tuaisceart, áit go n-éirionn cuid des na beanna ós cionn 7,000 méadar (23,000 troigh). Is é an Búdachas Vajrayana, reiligiún an stáit, agus is Búdaithe iad formhór den daonra de 691,141. Is i an Hiondúchas an tarna reiligiún is mó sa tír. Is í Thimphu í príomhchathair na tíre agus an chathair is mó sa tír chomh maith. Tar éis na céadta bliain faoi stiúir monarcacht absalóideach vótáil muintir na tíre sa chéad toghchán daonlathach i mí Márta 2008. Tá An Bhútáin mar bhall de na Stáit Aontaithe agus SAARC i measc cumainn idirnáisiúnta eile. 38,394 ciliméadar cearnaithe (nó 14,824 míle cearnaithe) limistéar na tíre ar fad.

Ainm

De réir teoirice amháin, tagann ainm na tíre ón bhfocal Sanscrait "Bhu-Utthan" (भू-उत्थान; garbhchríoch). De réir teoirice eile, tagann sé ó "Bhoṭa-anta" (भोट-अन्त) a chiallaíonn, "ag ceann na Tibéide" ós rud é go bhfuil An Bhútáin suite díreach ó dheas den Tibéid.

Go stairiúil, tugadh an-chuid ainmneacha éagsúla ar an mBútáin, cosúil le "Lho Mon" (talamh theas an dorchadais), Lho Tsendenjong (talamh theas na cufróige), "Lhomen Khazhi" (talamh theas na ceithre rochtain) agus "Lho Men Jong" (talamh theas na luibheanna míochaine).[7]

Staire

Tá fiannaise ann ó a léithéid d'uirlisí clocha, d'airm, de chnámha eilifintí agus d'iarsmaí de structúir déanta de chlocha mhóra gur lonnaigh daoine sa Bhútáin chomh luath le 2000 R.C., cé ná maireann aon taifid scríofa ón ré sin.

Níl móran eolas againn maidir le luathstair na Bútáine ach an oiread ós rud é gur milleadh an chuid is mó de na taifid scríofa a bhain léi i dtine mhór sa phríomhchathair Punakka sa bhlian 1827 [12]. 'Sé turas an Budaí noafa, Padma Sambhava, sa bhliain 747, an eachtra is luaithe sa Bhútáin go bhfuil trácht againn air. [11].

Faoín 10ú aoise, bhí dlúthcheangil idir forbairti polaitaíocta na tíre agus an reiligúin. D'eascair fosheicteanna Búdaíochta faoí choimirce thaoiseach éagsúla mhongólacha. Tar éis imeacht na mongólach san 14ú aoise, chuaigh na fosheicteanna in iomaíocht lena chéile agus faoí 16ú aoise, ba iad na Drukpa, ceann des na fo-sheicteanna so, a chuaigh i gcinsealacht.

Chomhaontaigh an láma Tibéideach agus ceanaire airm Shabdrung Ngawang Namgyal limistéar na Bútáine san 17ú aoise. Bhí sé féin ag teitheadh ó ghéarleanúint reiligiúin sa Tibéid. Chun na tíre a chosaint ó ionsaithe ón Tibéid, Thóg Namgyal sraith dzong (nó dúnfort) láidir agus agus d'fhógair sé córas dlíthe chun smact a chur ar na tiarnaí áitiúla. Tá cuid mhaith des na dzong fós le feiscint agus úsáidtear iad mar lárionaid reiligiúin agus mar lárionaid riaracháin do ceantair éagsúla.

Timpeall 1627, Ba iad Estêvão Cacella ,an tÍosánach Portaingéalach agus sagart eile na chéad Eorpaigh atá ar taifead a tháinig chun na Bútáine agus iad ar a slí chun na Tíbéide. Bhuaileadar le Ngawang Namgyal . Bhronnadar airm, púdar agus teileascóp air agus thairgaíodar fónamh a dhéanmh dó in aghaidh na Tibéideach, rud a dhiúltaigh sé.

Teimpléad:Nasc AR