An difríocht idir athruithe ar: "Gerry Ryan"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
'Bás', ceannteidil eile agus catagóir nua.
Catagóirí nua
Líne 33: Líne 33:
[[Catagóir:Básanna i 2010]]
[[Catagóir:Básanna i 2010]]
[[Catagóir:Láithreoirí teilifíse]]
[[Catagóir:Láithreoirí teilifíse]]
[[Catagóir:Láithreoirí teilifíse Éireannacha]]
[[Catagóir:Láithreoirí raidió Éireannacha]]
[[Catagóir:Daoine as Baile Átha Cliath]]
[[Catagóir:Daoine as Baile Átha Cliath]]



Leagan ó 17:27, 1 Bealtaine 2010

Teimpléad:Bosca Sonraí Duine

Ba chraoltóir raidió agus teilifíse Éireannach é Gerard "Gerry" Ryan (4 Meitheamh 195630 Aibreán 2010). Bhí sé ar dhuine de na craoltóirí ba rathúla agus ba chonspóidí in Éirinn agus ba é The Gerry Ryan Show ar RTÉ 2fm an clár ba mhó a thuill clú dó. Bhíodh sé le cloisteáil gach maidin ar an gclár sin ó Luan go hAoine idir a naoi a chlog ar maidin agus meán lae, ó 1988 go lá a bháis. Fuarthas a chorp ina árasán ar Shráid Líosain Uachtarach i mBaile Átha Cliath sa bhliain 2010.

Óige

Gairmréim

Bás

Chuir Gerry Ryan glaoch ar a fhostóirí in RTÉ oíche Dhéardaoin 29 Aibreán 2010, le rá go raibh sé in ísle brí agus nach mbeadh sé in ann a chlár raidió a chur i láthair an lá dar gcionn agus fuarthas Fiona Looney, iriseoir, chun an dualgas sin a chur i gcrích ar a shon. D'éirigh Melanie Verwoerd, a pháirtí, buartha nuair a chuala sí nach mbeadh an clár á chur i láthair aige agus toisc nach raibh a fhón á fhreagairt aige ach an oiread. Thug sí cuairt ar a árasán agus nuair nár éirigh léi tabhairt air an doras a oscailt, fuair sé cúnamh ó oibrí tógála chun an doras a bhriseadh isteach. Fuarthas corp Uí Riain ina sheomra codlata agus é ina luí ar an urlár in aice lena leapa. Dearbhaíodh é a bheith marbh ar an láthair. Ceaptar go raibh taom croí mar thrúig bháis.

Tagairtí

Naisc sheachtracha