An difríocht idir athruithe ar: "Vicipéid:Cúrsaí reatha"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
mNo edit summary
Std width
Líne 5: Líne 5:
[[{{CURRENTYEAR}}]]
[[{{CURRENTYEAR}}]]
</div>
</div>
[[File:Arrivals board, Heathrow T5, April 16 2010.JPG|250px|thumb|[[Aerfort Londain-Heathrow]], 16 Aibreán 2010]]
[[File:Arrivals board, Heathrow T5, April 16 2010.JPG|220px|thumb|[[Aerfort Londain-Heathrow]], 16 Aibreán 2010]]


==[[14 Aibreán]] [[2010]]==
==[[14 Aibreán]] [[2010]]==

Leagan ó 10:42, 29 Aibreán 2010

Am: 16:34 UTC   |   Dáta: 23 Aibreán   |   Féach freisin ar: 2024

Aerfort Londain-Heathrow, 16 Aibreán 2010
  • Stopadh eitiltí thart timpeall na hEorpa nuair a phléasc bolcán Eyjafjallajökull san Íoslainn.
Baile Átha Cliath, 17 Márta 2010
  • Bhain an tÉireannach Richard Baneham gradam Oscar as a bheith páirteach i ndéanamh na n-éifeachtaí speisialta don scannán Avatar.
  • Maraíodh na céadta duine mar thoradh ar chíréibeacha gar do Jos na Nigéire.
Vancouver, Ceanada, 12 Feabhra 2010
  • D’éirigh Willie O'Dea as a phost mar Aire Cosanta i ndiaidh é a bheith curtha ina leith ag páirtí freasúra gur thug sé fianaise bhréige i gcás clúmhillte in Ardchúirt na hÉireann, rud a shéanann sé. Ghlac an Taoiseach Brian Cowen dualgaisí na hAireachta Cosanta chuige féin.
  • Dúirt ball de rialtas na Fraince go bhfuil sé fós mar sprioc do rialtas Nicolas Sarkozy cosc iomlán a chur ar chaitheamh an burqa, an ball éadaigh a chaitheann mná Moslamacha, sa tír.
  • Phléasc eitleán de chuid Ethiopian Airlines cúig nóiméad tar éis Béiriút a fhágáil. Maraíodh gach de na nócha duine a bhí ar bord, an chuid is mó dóibh ón Liobáin agus an Aetóip.
  • Craoladh teachtaireacht ar Al Jazeera ina mhaíonn Osama bin Laden go raibh a ghrúpa freagrach as an iarracht buama a rinneadh ar Lá Nollag 2009.
Port-au-Prince, Háítí, 19 Eanáir 2010
  • Toghadh Scott Brown, ball den Pháirtí Poblachtach, mar sheanadóir i Massachusetts i SAM, rud a scriosann smacht iomlán an Pháirtí Dhaonlathaigh ar an Seanad agus a thugann dúshlán don Uachtarán Obama agus a chlár reachtaithe.
  • Gabhadh fear i mBaile Átha Cliath agus tá sé á cheistiú ag na nGardaí maidir le lámhach beirte in árasán ar Shráid an Phiarsaigh i lár na cathrach ag an deireadh seachtaine. Creideann na Gardaí go bhfuil baint ag an bhfear, arbh as Fionnghlas dó, le dúnmharú eile in Ard Aidhin sa bhliain 2008.
  • Bhuail crith talún deisceart Háití, an phríomhchathair Port-au-Prince san áireamh. Maraíodh na scórtha míle duine sa tubaiste. Thit cuid mhaith den Phalás Náisiúnta, oifigí rialtais, an t-ardeaglais Chaitliceach, scoileanna, ospidéil, agus foirgnimh eile.
Espoo, an Fhionlainn, 31 Nollaig 2009
  • Lámhachadh seisear chun báis, ceathrar díobh in ionad siopadóireachta, in Espoo na Fionlainne.
  • Fuair an Cairdinéal Cathal Ó Dálaigh bás de bharr taom croí i mBéal Feirste, in aois 92 bliana dó.
  • Rinne paisinéir ar bord Eitilt 253 de chuid Delta Northwest Airlines ón Ollainn go dtí Detroit iarracht ábhar buama a phléascadh.
  • D'éirigh Eamonn Olivier Walsh agus Raymond Field as mar easpaig chúnta i mBaile Átha Cliath.
Cóbanhávan, 12 Nollaig 2009
  • Maraíodh ar a laghad 127 duine agus gortaíodh 448 nuair a phléasc buamaí i mBagdad.
  • Mharaigh tine 140 duine ar a laghad i gclub oíche i bPerm na Rúise.
  • Dúirt an Taoiseach go mbeadh rialtas na hÉireann ag cur cúnaimh ar fáil do na ceantracha is measa a bhí buailte ag na drochthuilte i gContae Chorcaí, i gContae na Gaillimhe agus srl.
Íomhá:Tsunami 2009 Pago Pago.jpg
Samó Meiriceánach, 29 Meán Fómhair 2009
Baile Átha Cliath, 3 Lúnasa 2009
Hollywood Boulevard, California, 29 Meitheamh 2009
  • Tháinig deireadh leis an nuachtán Foinse nuair a foilsíodh an t-eagrán deireanach.
  • Fuair an t-amhránaí cáiliúil Michael Jackson bás mar gheall ar stad cairdiach.
  • Tá deireadh tagtha leis an gcogadh cathartha i Srí Lanca.
Cathair Mheicsiceo, 24 Aibreán 2009
  • Bhuaigh rialtas Shead Cath Am Dam.
  • Fógraíodh go bhfuil Roy Keane ag glacadh le poist mar bhainisteoir ar an bhfoireann sacair Sasanach, Ipswich Town.
  • Cailleadh níos mó ná 250 agus gortaíodh 1,000 i gcrith talún i L'Aquila na hIodáile.
  • Thug uachtarán SAM Barack Obama a chéad chuairt ar thír Mhoslamach. Bhí Obama sa Tuirc ar an chuid dheiridh dá chamchuairt san Eoraip.
Washington DC, SAM, 17 Márta, 2009
  • Gortaíodh suas le 100 agus maraíodh fiche nuair a d'ionsaigh gunnadóirí Acadamh na bPéas i Lahore, sa Phacastáin.
  • Maraíodh ochtar agus gortaíodh go leor eile nuair a thosaigh gunnadóir ag scaoileadh leis i dteach seandaoine i North Carolina, SAM.
  • D'éirigh Gerald McCarthy as a phost mar bhainisteoir iománaíochta Chorcaí, tar éis imreoirí na bliana 2008 a bheith ar stailc le cúpla mí anuas.
  • Cailleadh Frank Stockwell, laoch peile agus duine de "Terrible Twins" na Gaillimhe.
Amstardam (AMS), an Ísiltír, 25 Feabhra, 2009
  • Tá €4 milliún as an €7.5 milliún a goideadh ó Bhanc na hÉireann inné aimsithe ag Gardaí i mBaile Atha Cliath.
Londain, Sasana, 2 Feabhra 2009
  • Fógraíodh go bhfuil an t-imreoir sacair Éireannach Robbie Keane ag filleadh ar Tottenham, tar éis tréimhse ghearr le Learpholl.
  • Thosaigh cruinniú an World Economic Forum i nDavos san Eilbhéis.
Washington D.C., SAM, 20 Eanáir 2009
  • D'éirigh Geir Haarde as a phost mar phríomh-aire na hÍoslainne.
  • Shínigh uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Ghiolla Íosa, reachtaíocht éigeandála chun Anglo-Irish Bank a chur i seilbh an stáit.
Abhainn an Hudson, SAM, 15 Eanáir 2009
  • D'fhógair Hamas sos comhraic go gceann seachtaine.
Baile Átha Cliath, 3 Eanáir, 2009
  • Táthar ag iarraidh eadráin a dhéanamh chun deireadh a chur leis an troid i limistéar Ghása.[3]
An Aithin, An Ghréig, 14 Nollaig, 2008
An Veinéis, An Iodáil, 1 Nollaig, 2008
  • Dúirt an tÚdarás um Sláinte Bhia go raibh cuid de mhuiceoil na hÉireann truaillithe ag an dé-ocsain PCB.
  • Maraíodh 381 duine de bharr círéibeacha i Jos sa Nigéir.
  • Maraíodh 195 duine nuair a d'ionsaigh sceimhlitheoirí Mumbai.
Santa Barbara, California, SAM, 13 Samhain, 2008
  • Bhuaigh Barack Obama toghchán uachtaránachta Mheiriceá. Is é Obama an t-aon duine gorm a toghadh mar uachtarán na Stát Aontaithe.
  • Mharagh crith talún 215 duine ar a laghad sa Phacastáin.
Osló, 10 Deireadh Fómhair, 2008 (Martti Ahtisaari, an fear a bhuaigh Duais Nobel na Síochána 2008)
  • Rinneadh rátaí úis a laghdú san Eoraip, sna Stáit Aontaithe agus sa Bhreatain le dul i ngleic leis an ngéarchéim airgeadais. Laghdú 0.5% atá i gceist.
Abington, Pennsylvania, SAM, 3 Deireadh Fómhair, 2008
  • Deir Banc Ceannais na hÉireann nach borradh ach a mhalairt a bheidh faoin eacnamaíocht i mbliana agus an bhliain seo chugainn.
  • Léiríonn figiúirí ón bPríomh-Oifig Staidrimh nach de bhunadh na hÉireann breis agus 40,000 duine den 240,000 duine a bhí gan obair sa tír an mhí seo caite.
  • Tá Coimisinéir Trádála an Aontais Eorpaigh, Peter Mandelson, le bheith ina Rúnaí Gnó i rialtas na Breataine. Fógraíodh é seo ar maidin mar chuid de na hathruithe rialtais atá déanta ag Príomh-Aire na Breataine, Gordon Brown.
  • Tá an Asgard II, a chuaigh go tóin poill amach ó chósta na Fraince, slán go fóill ach amháin go bhfuil sí 80m faoi uisce.
  • Tá an Bille Um Fhorais Chreidmheasa (Tacaíocht Airgeadais) 2008 le síniú ag an Uachtarán inniu.
  • D'ardaigh luach scaireanna ar an stocmhalartán anseo inniu. Tháinig méadú 6% ar an innéacs ISEQ. Is iad scaireanna na n-institiúidí airgeadais is mó a d'ardaigh.
  • Tá plean tarrthála ar fiú seacht gcéad míle milliún dollar é ceadaithe ag Seanad Mheiriceá le dul i ngleic le fadhbanna airgeadais na tíre. Caithfidh an Chomhdháil vótáil ar an bplean anois sula gcuirtear i bhfeidhm é.
  • Tá Comhairle Contae Lú ag iniúchadh uisce phoiblí i roinnt áiteanna de bharr a bhfuarthas de luaidhe ann.
  • Tá Coimisinéir Iomaíochta an Aontais Eorpaigh ag impí ar bhallstáit dul i dteagmháil leis an gCoimisiún má bhíonn siad ag brath cúnamh stáit a thabhairt d'institiúidí airgeadais.
  • Tháinig borradh faoi stocmhalartáin na hEorpa ar maidin toisc go mbeidh Seanad Mheiriceá ag déanamh athbhreithniú ar an mbeartas tarrthála sna Stáit.
  • Amach san oíche a réiteofar an bille le hinstitiúidí airgeadais a ráthú.
  • Chuir bainistíocht Aer Lingus feidhmeannaigh SIPTU ar an eolas inniu faoi dheacrachtaí airgid na haerlíne.
  • Tá stocmhalartán na hÉireann sásta le cinneadh an rialtais taiscí i mBanc na hÉireann a ráthú go ceann dhá bhliain eile.
  • Déanfaidh George W. Bush ráiteas sula n-osclaíonn margaí na Stát Aontaithe inniu tar éis theip an bheart tarrthála aréir.
  • D'ardaigh scaireanna san Eoraip de bharr scéala go mb’fhéidir go nglacfadh Comhdháil SA leis an mbeart tarrthála.
  • Ní rómhaith atá ag éirí le margaí na hEorpa ar maidin agus bainc na hEorpa an-lag.
  • Tá an Taoiseach i nDún Éideann inniu chun dul chun cainte le Chéad Aire agus le Leas-Chéad Aire an Tuaiscirt.
  • Na cainteanna ar bhilliúin dollar a chur isteach i Wall Street rachaidh siad ar aghaidh inniu.
  • Lámhachadh agus maraíodh deichniúr i ngairmscoil i gKauhajoki, baile in iarthar na Fionlainne. Matti Juhani Saari ab ainm don ghunnadóir, dalta de chuid na scoile céanna a chuir lámh ina bhás féin tar éis an ionsaí.
Fairfax, Virginia, SAM, 10 Meán Fómhair, 2008
Tskhinvali, An Oiséit Theas, 24 Lúnasa, 2008
  • Dúirt Uachtarán na Siombáibe, Robert Mugabe, go raibh gach dealramh air go ndéanfadh páirtithe polaitiúla uile na tíre comhréiteach faoi roinnt na cumhachta. Chruinnigh Parlaimint na tíre go hoifigiúil ar maidin cúig mhí tar éis thoghchán na hUachtaránachta, rud a tharraing an-chonspóide.
Béising, 16 Lúnasa, 2008
  • Tá cainteanna ar chomhaontú trádála domhanda i sáinn sa Ghinéiv. Iad ar siúl le naoi lá anuas.
RBGC, Southport, Sasana, 15 Iúil, 2008
  • Chealaigh Cúirt Uachtarach na Spáinne ciontú ceathrar fear a daoradh faoi bhuamáil Madrid ceithre bliana ó shin.
  • Is gearr go mbeidh táillí páirceála le híoc ag daoine a fhágann a gcarr ag stáisiúin thraenach i gContae Bhaile Átha Cliath.
  • Rialaigh an Chúirt Uachtarach gur cheart deireadh a chur le scéim chúitimh an rialtais d’árachas sláinte, scéim a bhfaigheann an VHI na milliúin euro dá réir ó chomhlachtaí atá in iomaíocht leis toisc breis custaiméirí aosta a bheith aige.
  • Tá na mílte oibrí rialtais i dTuaisceart Éireann i mbun stailce inniu mar chuid dá bhfeachtas ar mhaithe le hardú pá.
  • Thit luach na scaireanna arís inniu ar mhargaí na hEorpa. Chaill an ISEQ i mBaile Átha Cliath suas le 5% ar an meán.
  • Bua na Spáinne sa chluiche ceannais i gCraobh Sacair na hEorpa.
  • Vótáil in Éirinn maidir leis an mBille um an Ochtú Leasú is Fiche ar an mBunreacht 2008, Conradh Liospóin.
Akihabara, Tóiceo, 8 Meitheamh, 2008
  • Bua na Mumhan i gCorn Rugbaí na hEorpa i gcoinne Toulouse.
Londain (LHR), an Ríocht Aontaithe, 17 Eanáir, 2008
Bagdad, An Iaráic, 16 Meitheamh, 2007
  • Olltoghchán in Éirinn chun an 30ú Dáil a thoghadh.
Grayrigg, Iarthuaisceart Shasana, 26 Feabhra, 2007
  • Tús shos cogaidh ETA.
New Orleans, Louisiana, 29 Lúnasa 2005
  • Bua Michelle Bachelet, iarrthóir sóisialach, i dtoghcháin uachtaránachta naSile. Is í an chéad bhean a toghadh ina huachtarán ar an tír. [7]

Tagairtí