An difríocht idir athruithe ar: "Vitoria-Gasteiz"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Is í príomhchathair chúige Araba i dTír na mBascach í '''Vitoria-Gasteiz''' le daonra 235,661. Is í Gasteiz an t-ainm as Bascais, agus Vitoria as [[Spái...'
(No difference)

Leagan ó 00:36, 8 Aibreán 2010

Is í príomhchathair chúige Araba i dTír na mBascach í Vitoria-Gasteiz le daonra 235,661. Is í Gasteiz an t-ainm as Bascais, agus Vitoria as Spáinnis.

Stair

Sa bhliain 581 bhunaigh rí Viseagotach Liuvigild cathair Victoriacum. Sa bhliain 1813, le linn Chogadh na Leithinse, bhí bua ag Diúc Wellington i gcoinne na bhFrancach i gCath Victoria. Tá séadchomhartha lonnaithe i bpríomhchearnóg na cathrach, Monumento a la Independencia, mar chomóradh ar an gcath.

Ar 20 Bealtaine, 1980, thiontaigh Parlaimint na mBascach ar Vitoria mar phríomhchathair réigiún féinrialaitheach Thír na mBascach.

Sean-bhaile

el casco viejo ardeaglais ghotach Santa María Museo Fournier de Naipes ensanche ón 19ú haois Ajuria Enea (áir chónaithe na Lehendakari), Iarsmalann na nEalaíon, Museo de la Armería (airm)


Eacnamaíocht agus déimeagrafaic

Tá eacnamaíocht ilghnéitheach i Vitoria-Gasteiz, agus tá go leor comhlachtaí déantúsaíochta le oibríochtaí ann, ina measc Mercedes-Benz, Michelin, Gamesa [1] agus Heraclio Fournier, an ceann deireanach lena cheanncheathrú sa chathair. Sa bhliain 2009 rangaíodh an chathair sa dara háit ó thaobh chaighdeán maireachtála de i measc chathracha na Spáinne, agus sa chéad áit maidir le ceantair glasa agus áiteanna cultúracha in aghaidh an duine.

Tá seirbhís aerfoirt lonnaithe gar don chathair in Aerfort Vitoria. Faoi láthair níl ach aon aerlíne amháin ann le seirbhísí rialta, Iberia, á riaradh ag Air Nostrum le eitiltí go Maidrid agus Barcelona.

Cuireadh deireadh le seirbhís Ryanair go Stansted, Londain agus Baile Átha Cliath i nDeireadh Fómhair 2007.

Tá seirbhísí ag an aerlíne feidhmiúcháin NordJet [2] ó Vitoria-Gasteiz.