An difríocht idir athruithe ar: "Faireog thíoróideach"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
m robot Modifying: fa:غده تیروئید
(No difference)

Leagan ó 22:31, 1 Aibreán 2010

An Fhaireog Thíoróideach

Is ceann de na faireoga incríneacha is mó sa chorp í an Fhaireog Thíoróideach. Tá an fhaireog seo suite sa scornach faoi bhun an Úill Bhráid agus a bheag nó a mhór ar an leibhéal céanna leis an loingeán criocóideach. Rialaíonn an fhaireog seo cé chomh gasta is a dhónn an corp fuinneamh, bíonn sí freagrach as próitéiní a dhéanamh agus as leibhéal cheimiceáníogaireacha an choirp do hormóin eile. Glacann an tíoróideach páirt sna próisis seo trí hormóin tíoróideacha a tháirgeadh, ach go háirithe tíorocsaín (T4) agus trí-iadaitíoróinín (T3). Rialaíonn na hormóin seo an bunráta meitibileach agus téann siad i bhfeidhm ar an ráta fáis agus feidhme a lán córas eile sa chorp. Úsáidtear iaidín agus tirisín chun T3 agus T4 araon a dhéanamh. Táirgíonn an fhaireog thíoróideach an hormón cailceatoinin freisin, a ghlacann páirt in hoiméastáis chalciam. Tá an fhaireog thíoróideach rialaithe ag an hipeatalamas agus an piotútach. Faigheann an fhaireog a hainm ón bhfocal Gréigise i gcomhair 'scéithe', toisc an chrutha a bhíonn ar an loingeán tíoróideach a bhíonn idirghaolmhar léi. Is iad an hipirtíoróideach (tíoróideach róghníomhach ) agus an hipeatíoróideacht (tíoróideach gannghníomhach ) na fadhbanna is minicí a bhíonn bainteach leis an bhfaireog thíoróideach.