An difríocht idir athruithe ar: "An Choirnis"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: fy:Kornysk
m róbat ag suimiú: cv:Корн чĕлхи
Líne 73: Líne 73:
[[ca:Còrnic]]
[[ca:Còrnic]]
[[cs:Kornština]]
[[cs:Kornština]]
[[cv:Корн чĕлхи]]
[[cy:Cernyweg]]
[[cy:Cernyweg]]
[[da:Kornisk]]
[[da:Kornisk]]

Leagan ó 15:49, 15 Márta 2010

Teimpléad:Teanga

Is teanga Cheilteach í an Choirnis i ngrúpa na dteangacha Breatnacha. D'éag sí san ochtú haois déag ach tháinig gluaiseacht athbheochana ar an bhfód san fhichiú haois. Sa lá atá inniu ann, tá meánleibhéal Coirnise ag thart ar 3,500 duine agus tá Coirnis líofa ag tuairim is 300-400 duine.

Leac chuimhneacháin Éirí Amach an Leabhair Urnaithe , gar do Choláiste Glasney, Pennrynn, Corn na Breataine

Stair agus Dul i Léig

Tugadh buille tubaisteach don teanga sa bhlian 1549, nuair a rinne Rialtas Éadbhard VI Shasana iarracht úsáid Leabhar na hUrnaí Coitinne as Béarla a chur i bhfeidhm i gCorn na Breataine, in ainneoin nach raibh Béarla ag cuid mhaith de na daoine ansin. Thosaigh éirí amach i gcoinne an rialtais agus cuireadh faoi chois é go brúidiúil. Maraíodh suas le 22% de dhaonra fireann Chorn na Breataine le linn na gcaismirtí, rud a chuir dlús mór le meath na teanga sa cheantar sin.

Meastar gurbh é Cheston Marchant ó Gwithian an cainteoir dúchais Coirnise aonteangach deireanach, fear a fuair bás sa bhliain 1665.[1] Creidtear gurbh í Dorothy Pentreath an cainteoir dúchais deireanach agus d'éag sí siúd sa bhliain 1777.

Léarscáil ar a léirítear dul i léig na teanga i gCorn na Breataine de réir na mblianta

Athbheochan

Níl muintir Chorn na Breataine ar aon bharúil ar an gcineál Coirnise ab fhearr a athbheochan, áfach. Tá trí leagan den Choirnis athbheoite á n-úsáid inniu, mar atá, an Choirnis Choitianta (Kernewek Kemmyn), an Choirnis Aonchineálaithe nó Kernewek Unys, agus an Choirnis Chomhaimseartha. Is í an Choirnis Aonchineálaithe an leagan is sine acu, agus é bunaithe ar Choirnis na ndrámaí mistéireacha ón gcúigiú agus ón séú haois déag. Maidir leis an gCoirnis Chomhaimseartha, tarraingíonn sí ar theanga na gcainteoirí deireanacha dúchais, agus í drogallach go maith roimh fhocail nuachumtha.

Is í an Choirnis Choitianta an ceann is deireanaí acu. Tá sí bunaithe ar theanga na ndrámaí céanna agus an Choirnis Aonchineálaithe, ach in áit úsáid a bhaint as an litriú comhaimseartha, tá litriú dá cuid féin ag an gCoirnis Choitianta atá bunaithe ar an bhfuaimniú, de réir mar a thuigeann cumadóir na Coirnise Coitianta é. Mar sin, is é an litriú an difríocht is suntasaí idir an dá chineál Coirnise seo.

Tháinig an Choirnis Choitianta in úsáid go forleathan i ngluaiseacht athbheochana na Coirnise sna 1990idí, ach san am céanna, is iomaí locht a fuair teangeolaithe oilte uirthi. Inniu, tá Nicholas Williams, an teangeolaí Sasanach atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus é ina fhile Coirnise sular tharraing sé Gaeilge líofa air féin, ar an duine is mó a dhéanann tromaíocht ar an gCoirnis Choitianta. Is é a bharúil féin ná gur fearr an Choirnis Aonchineálaithe a fhorbairt agus a fheabhsú, ós rud é go bhfuil sí bunaithe ar an litriú traidisiúnta. Dar leis, ba chóir don ghluaiseacht athbheochana díriú ar an teanga thraidisiúnta, seachas teanga shaorga dá cuid féin - agus is é an meas atá aige ar an gCoirnis Choitianta gur teanga shaorga atá ann.

Tá Williams tar éis a leagan féin den Choirnis Aonchineálaithe - an Choirnis Aonchineálaithe Leasaithe, nó Kernowek Unys Amendys, a chur ar fáil ina chuid téacsleabhar (ar nós Clappya Kernowek, a foilsíodh an chéad uair sa bhliain 1997) agus foclóirí (go háirithe Gerlyver Sawsnek-Kernowek, a tháinig i gcló sa bhliain 2000). Níl an Choirnis seo ródhifriúil leis an gCoirnis Aonchineálaithe, ach is minic a roghnaíonn sí focail iasachta ón mBéarla a bhí in úsáid sa teanga thraidisiúnta, in áit na bhfocal sean-Choirnise nó fiú Breatnaise a úsáideann lucht athbheochana na teanga go minic leis an mBéarlachas a sheachaint. Sa bhreis ar an téacsleabhar agus ar an bhfoclóir, tá aistriúchán Bíobla foilsithe ag Williams lena leagan féin den Choirnis a chraobhscaoileadh.

Caighdeán Scríofa Nua

Ar 9 Bealtaine 2008, glacadh le caighdeán scríofa nua don Choirnis ag cruinniú de chuid Pháirtíocht Theanga na Coirnise.[2] Foireann teangeolaithe a d'fhorbair an caighdeán seo, agus an teangeolaí Ioruach, Trond Trosterud, i gceannas orthu. Rinneadh an obair seo faoi choimirce Pháirtíocht Theanga na Coirnise.[3]

Tagairtí

Naisc Sheachtracha


An Choirnis
Vicipéid le fáil as An Choirnis freisin
v · t · e Teangacha Ceilteacha
canol
Teangacha Gaelacha
(Q-Cheilteach)
Teangacha Breatnacha
(P-Cheilteach)
canolcanolcanolcanolcanolcanol
Gaeilge ·Gaeilge Mhanann ·Gaeilge na hAlban |Briotáinis ·Coirnis ·Breatnais
canol
Féach: Teangeolaíocht · Na Ceiltigh