An difríocht idir athruithe ar: "Teangacha Atapascacha Deisceartacha"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m robot Adding: pt:Língua apache
m róbat ag suimiú: qu:Apachi rimaykuna
Líne 38: Líne 38:
[[lt:Pietų atapaskų kalbos]]
[[lt:Pietų atapaskų kalbos]]
[[pt:Língua apache]]
[[pt:Língua apache]]
[[qu:Apachi rimaykuna]]
[[zh:阿帕切语]]
[[zh:阿帕切语]]

Leagan ó 19:26, 12 Márta 2010

Na Teangacha Atapascacha Deisceartacha

Is foghrúpa de chuid na dteangacha Atapascacha iad na teangacha Atapascacha Deisceartacha nó na teangacha Apaiseacha, agus iad á labhairt in iardheisceart na Stát Aontaithe, i stáit Arizona, Nua-Mheicsiceo, Colorado agus Utah), chomh maith le grúpaí eile in Oklahoma agus i dTexas. Tá na teangacha seo ag na hApaisigh agus ag na Navachóigh. Le fírinne, is cuid den chontanóid chéanna canúintí iad an Apaisis - nó na canúintí is na teangacha éagsúla a dtugtar Apaisis orthu - agus an Navachóis, agus is deacair a rá, an bhfuil aon chúis eile ach cleachtas an Bhéarla ann leis an Navachóis a scaradh ó na teangacha Apaiseacha eile.

Tugann na hApaisigh Iartharacha Nnee biyáti’Ndee biyáti’ ar a dteanga féin. Tugann na Navachóigh Diné bizaad ar a dteangasan. Níl sé deacair gaol na dteangacha a aithint ar an sampla seo.

An duine is cáiliúla a raibh teanga Atapascach Dheisceartach aige ná Geronimo (Goyaałé), a raibh an chanúint Chiricahua aige. Ceann de na canúintí Apaisise atá ann.

Dealaítear na teangacha Atapascacha Deisceartacha ina dtrí fhochraobh, mar atá:

  • Apaisis na Machairí Móra - níl ach aon teanga san fhochraobh seo, is é sin, Apaisis na Machairí Móra, nó Apaisis Kiowa. An dream a raibh an cineál seo Apaisise acu, bhí siad ag fánaíocht timpeall na machairí móra in éineacht leis an treibh Kiowa, agus ghlactaí leo mar fhoghrúpa den treibh seo. An chuid eile den treibh, áfach, bhí siad ag labhairt na teanga Kiowa, ceann de na teangacha Kiowa-Tanoa, nach bhfuil lúb ghaoil ar bith aici leis an Apaisis ná leis na teangacha Atapascacha.
  • An Apaisis Thiar. Tá trí theanga san fhochraobh seo, mar atá, Apaisis Chiricahua-Mescalero, an Navachóis, agus Apaisis an Iarthair, nó Apaisis Coyotero. Dhá chanúint éagsúla iad Apaisis Chiricahua agus Apaisis Mescalero, ach tá siad an-chosúil le chéile.
  • An Apaisis Thoir. Aithnítear dhá theanga, nó dhá chanúint, san fhoghrúpa seo: Apaisis Jicarilla agus Apaisis Lipan.

Stádas na dTeangacha

Is follasach gur teangacha neamhfhorleathana iad na teangacha Apaiseacha go léir inniu. Níl Apaisis na Machairí Móra ó dhúchas ach ag cupla duine. Tá Apaisis Chiricahua-Mescalero ag trí chéad duine ó dhúchas, ach thairis sin, rinne an teangeolaí Harry Hoijer doiciméadú cuimsitheach uirthi sna tríochaidí atá ar fáil ar an Idirlíon[1].

Tá an Navachóis níos fearr as, nó tá sí á labhairt ag céad agus seachtó míle duine ar fad, ach mar sin féin, níl sé cinnte go mbeidh sí slán thar ghlúin eile. Le linn an Dara Cogadh Domhanda, bhain Cabhlach Cogaidh na Stát Aontaithe leas as na Navachóigh le craolacháin mhíleata an chabhlaigh a chódú. Go simplí, b'í an Navachóis an cód, agus na cainteoirí dúchais á labhairt ar an raidió le chéile le teachtaireachtaí rúnda a sheachadadh. Níor thuig na Seapánaigh an teanga, agus mar sin, ní raibh siad in ann bun ná barr a dhéanamh de na teachtaireachtaí. Is léir gur chuir an fiúntas míleata seo le stádas na Navachóise ar feadh tamaill, ach inniu, táthar buartha faoin meath atá ag teacht ar an Navachóis mar theanga liteartha: tá líon na leabhar nuafhoilsithe ag dul i laghad, agus an Béarla ar an t-aon teanga amháin atá le feiceáil go poiblí i gcaomhnuithe na Navachóch[2].