An difríocht idir athruithe ar: "Mearcair (dúil)"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: mhr:Майдар
m róbat ag suimiú: tl:Asoge
Líne 106: Líne 106:
[[ta:பாதரசம்]]
[[ta:பாதரசம்]]
[[th:ปรอท]]
[[th:ปรอท]]
[[tl:Asoge]]
[[tr:Cıva]]
[[tr:Cıva]]
[[uk:Ртуть]]
[[uk:Ртуть]]

Leagan ó 08:15, 1 Márta 2010

Teimpléad:Dúil cheimiceach bosca eolais Dúil cheimiceach is ea an mearcair nó an t-airgead beo, agus is í an uimhir adamhach atá aige sa tábla peiriadach ná 80. Tá sé 200.59 g/mol ar mheáchan adamhach, agus cuirtear in iúl é sna foirmlí ceimiceacha leis an ngiorrúchán Hg, atá bunaithe ar an bhfocal Laidne hydrargyrum. Is é an mearcair an t-aon mhiotal amháin atá ina leacht le teocht agus brú an tseomra, agus is dúil nimhiúil é nach féidir leis an gcolainn dhaonna aon úsáid ná leas a bhaint aisti.

Tá seacht n-iseatóp nádúrtha ag an mearcair, mar atá, 196Hg (0.15 % de mhearcair an dúlra), 198Hg (9.97 % de mhearcair an dúlra), 199Hg (16.87 %), 200Hg (23.1 %), 201Hg (13.18 %), 202Hg (29.86 % - an t-iseatóp is flúirsí), agus 204Hg (6.87 %).

Tá mearcair ar fáil ar fud an domhain, go háirithe i bhfoirm cionnabair, is é sin, suilfíd mhearcair nó HgS. Cosúil leis na comhdhúile mearcair go léir, is nimh dhainséarach é an cionnabar, ach mar sin féin, baintear úsáid as mar ábhar datha (dathlí) i bhfoirm phúdraithe ar a dtugtar flanndearg. Is féidir leas a bhaint as an miotal féin agus as a chuid comhdhúl ar a lán bealaí eile. Mar sin, úsáidtear mearcair miotalach i dteirmiméadair, i mbaraiméadair, i manaiméadair agus i sfigmeamanaiméadair - is é sin, i ngléasanna a thomhaiseann teocht nó brú. Tugtar malgaim ar chóimhiotail a bhfuil mearcair iontu, agus cuirtear malgam sna fiacla, mar shampla, leis na bearnaí a líonadh. Inniu, áfach, táthar buartha brónach faoi chomh dainséarach is atá an mearcair don duine, agus dá réir sin, táthar ag éirí as úsáid an mhearcair a fhad agus is féidir.

Is dual don mhearcair meascadh tríd na miotail eile agus cóimhiotail - malgaim - a dhéanamh leo. Tá an t-iarann ar an mbeagán miotal nach malgamaítear, agus mar sin, is gnách mearcair a choinneáil i gcoimeádáin iarainn.

Triathmhiotal é an mearcair. Is é sin, ní féidir leis na gnáthaigéid é a chreimeadh. Teastaíonn aigéad nítreach nó sulfarach leis an mearcair a ocsaídiú.

Tá dhá uimhir ocsaídiúcháin ag an mearcair, mar atá, +1 (na comhdhúile mearcarúla) agus +2 (na comhdhúile mearcaracha).