An difríocht idir athruithe ar: "Idirnáisiúntas Sóisialach"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: hu:Szocialista Internacionálé
Líne 31: Líne 31:
[[he:האינטרנציונל הסוציאליסטי]]
[[he:האינטרנציונל הסוציאליסטי]]
[[hr:Socijalistička Internacionala]]
[[hr:Socijalistička Internacionala]]
[[hu:Szocialista Internacionálé]]
[[id:Sosialis Internasional]]
[[id:Sosialis Internasional]]
[[it:Internazionale Socialista]]
[[it:Internazionale Socialista]]

Leagan ó 18:11, 28 Feabhra 2010

Is éard is an tIdirnáisiúntas Sóisialach (nó IS) ná eagraíocht idirnáisiúnta de pháirtithe polaitíochta a sheasann don daonlathas sóisialach agus don tsóisialachas daonlathach. Tá foireann rúnaíochta an Idirnáisiúntais lonnaithe i Londain. I measc a chuid ballpháirtithe tá Páirtí Lucht Oibre na Breataine Móire, Páirtí Sóisialta Daonlathach an Lucht Oibre (Tuaisceart Éireann), Páirtí Lucht Oibre Phoblacht na hÉireann, Páirtí Sóisialta Daonlathach na Gearmáine, Sóisialaigh Dhaonlathacha na Stát Aontaithe, Páirtí Lucht Oibre na hAstráile, Páirtí Nua Daonlathach Cheanada, agus go leor eile.

Stair

Téann stair an Idirnáisiúntais Shóisialaigh ar ais go dtí bunú an Dara hIdirnáisiúntas, sa bhliain 1889. Tháinig scoilt ar an Idirnáisiúntán seo nuair a phléasc an Chéad Chogadh Domhanda amach, agus hathbhunaíodh, mar Idirnáisiúntán na Sóisialach agus an Lucht Oibre, sa bhliain 1923 é. Le linn an Dara Cogadh Domhanda, cuireadh cuid mhaith de bhallpháirtithe an Idirnáisiúntáin seo faoi chois, agus tháinig sé le chéile arís i ndiaidh an chogaidh. B'ansin a fuair sé an t-ainm atá ar an eagraíocht inniu.

Sna blianta i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, chuidigh an tIdirnáisiúntán Sóisialach le bunú nó athbhunú páirtithe daonlathacha sóisialacha i dtíortha a bhí ag teacht chucu arís i ndiaidh tréimhse fhada a chaitheamh ina ndeachtóireachtaí, ar nós na Portaingéile agus na Spáinne. Sna hochtóidí, bhí cuid mhór de bhallpháirtithe an Idirnáisiúntais ag tacú leis na Saindinistithe i Nicearagua, agus an páirtí seo i ndiaidh naimhdeas na Stát Aontaithe a tharraingt air lena chuid polasaithe cléacha. Idir an dá linn, d'fháiltigh an tIdirnáisiúntas an páirtí Saindinistíoch mar bhallpháirtí, maille le páirtithe áirithe iar-Chumannacha, ar nós na nDaonlathach Clé ón Iodáil agus FRELIMO ó Mhósaimbíc.

Fo-bhalleagraíocht de chuid an Idirnáisiúntais Shóisialaigh is ea é Páirtí na Sóisialaithe Eorpacha, is é sin, faicsean na sóisialaithe daonlathacha ar an bPairlimint Eorpach.

Sa bhliain 2006, is é Giorgos Papandreou, cathaoirleach Ghluaiseacht Pan-Heilléineach na Sóisialaithe, atá i gceannas ar an Idirnáisiúntas Sóisialach. Tháinig sé i gcomharbas ar António Guterres, an Sóisialach Portaingéileach a bhí san oifig chéanna ón mbliain 1999 ar aghaidh.

Nasc seachtrach