An difríocht idir athruithe ar: "Óglaigh na hÉireann"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Eolas tógtha ón alt faoin IRA
(No difference)

Leagan ó 09:58, 12 Feabhra 2010

Is iomaí eagraíocht a thugann "Óglaigh na hÉireann" uirthi féin.

Óglaigh na hÉireann, nó an tIRA

Tugtar (nó thugtaí) an t-ainm IRA (Irish Republican Army as Béarla) ar roinnt grúpaí paraimíleata in Éirinn atá ag iarraidh aon stát amháin a bhunú ar oileán na hÉireann nach mbeadh aon bhaint aige leis an Ríocht Aontaithe. Is é an t-ainm is fearr leis na grúpaí seo a úsáid as GaeilgeÓglaigh na hÉireann. Sin é an t-ainm oifigiúil atá ar fhórsaí cosanta seasta Phoblacht na hÉireann freisin, áfach. Tá gach ceann de na grúpaí sin ag maíomh ginealais ar an gcéad IRA, airm na poblachta Éireannaí a d'fhóghraigh Dáil Éireann sa bhliain 1919.

Óglaigh na hÉireann 1969-inniu

  • An tIRA Sealadach - bunaíodh sa bhliain 1969 é. Tá clú ar an ngrúpa mar gheall ar na hionsaithe paraimíleata ó na 1970í anuas go dtí na 1980í. Leis an ngrúpa seo is mó a shamhlaítear an téarma 'IRA' inniu, ós é an tIRA is mó sa lá atá inniu ann.
  • An tIRA Oifigiúil - an chuid eile den IRA, an chuid a fágadh nuair a scoilt an tIRA Sealadach ón ngrúpa bunúsach sa bhliain 1969. De réir dealraimh, d'éirigh an grúpa seo as an ngleic armtha, nó roghnaigh an ceannaire, Cathal Goulding, dul le polaitíocht.
  • An tIRA Leanúnach - Scoilt an grúpa seo ón IRA Sealadach sna 1980í, mar gheall ar shocruithe polaitiúla Shinn Féin.
  • An Fíor-IRA - Scoilt an grúpa seo ón IRA Sealadach sna 1990í nuair a staon an grúpa sin ón bhforéigean.