An difríocht idir athruithe ar: "Gluaisteán"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: io:Automobilo
m róbat ag suimiú: jv:Montor
Líne 56: Líne 56:
[[it:Autovettura]]
[[it:Autovettura]]
[[ja:自動車]]
[[ja:自動車]]
[[jv:Montor]]
[[ka:ავტომობილი]]
[[ka:ავტომობილი]]
[[kn:ಮೋಟಾರು ವಾಹನ]]
[[kn:ಮೋಟಾರು ವಾಹನ]]

Leagan ó 21:37, 29 Eanáir 2010

Benz Patent-Motorwagen "Velo" - 1894

Is cóir iompair (feithicil, gléas siúil) í an gluaisteán (nó an carr mar atá aithne uirthi chomh maith), agus inneall dócháin inmheánaigh á tiomáint. Baintear úsáid as an ngluaisteáin le paisinéirí agus lastas a iompar, agus í an-áisiúil i gcomhair aistir fhada. Go tipiciúil, tugann an gluaisteán slí do chúigear daoine, ach tá gluaisteáin de chineálacha eile ann. Bíonn ceithre roth faoin ngluaisteán, agus bonn rubair timpeall ar gach roth. Tá tiúb taobh istigh den bhonn a theanntar le haer.

Is é an cineál inneall is mó a úsáidtear leis an ngluaiseacht a thiomáint ná inneall dócháin inmheánaigh. Is iad an peitreal agus an breosla díosail an dá chineál breosla is coitianta. Baintear úsáid as na bithbhreoslaí, as gás leachtaithe agus as breoslaí eile freisin. Tá gluaisteáin leictreacha ann, leis, agus iad á bhfuinnmhiú ag cadhnraí nó ceallraí móra.

Stiúrtar an gluaisteán tríd an roth stiúrtha a chasadh. Thairis sin, is féidir leis an tiománaí troitheáin ar leith a oibriú le coscán a theannadh (troitheán coscáin) nó le tuilleadh luais a chur faoin ngluaisteán (troitheán luasaire). Bíonn crág nó troitheán cráige ann freisin le giar a athrú.

Tá monarchana gluaisteán i dtíortha éagsúla ar fud an domhain, go háirithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an tSeic, Sasana, an Rúis, an tSeapáin, an India, an tSín, Meicsiceo agus an Bhrasaíl.

Teimpléad:Nasc AR