An difríocht idir athruithe ar: "Platanam"
m róbat ag mionathrú: myv:Ашо киве |
m róbat ag suimiú: war:Platinum |
||
Líne 101: | Líne 101: | ||
[[ur:پلاٹینیم]] |
[[ur:پلاٹینیم]] |
||
[[vi:Bạch kim]] |
[[vi:Bạch kim]] |
||
[[war:Platinum]] |
|||
[[yo:Platinum]] |
[[yo:Platinum]] |
||
[[zh:铂]] |
[[zh:铂]] |
Leagan ó 08:43, 17 Eanáir 2010
Teimpléad:Dúil cheimiceach bosca eolais
Is é an platanam dúil a 78 i dtábla peiriadach na ndúl, agus is é an tsiombail a sheasann dó i bhfoirmlí ceimiceacha ná Pt. Fuair sé a ainm ó na conquistadores Spáinneacha a bhí ag creachadh Mheiriceá Theas ar lorg óir agus airgid ghil, agus ba nós leo platina nó "airgidín", "airgead beag" a thabhairt air. Ar dtús, níor thuig siad gur miotal luachmhar a bhí ann. Inniu, áfach, tá an-ráchairt ar an bplatanam, nó tá sé chomh húsáideach agus atá sé tearc sa dúlra. Úsáidtear é i ndéantús na soithí saotharlainne agus i gcatalú na n-imoibrithe ceimiceacha. Thairis sin, tá sé níos oiriúnaí don tseodóireacht ná miotail eile an ghrúpa.
Miotal geal é an platanam, agus is furasta é a shaoirsiniú, cosúil leis an ór. Ar nós na miotal platanamchosúil go léir, tá sé iontach trom, 21.45 g/cm3 ar dlús. Tá sé díonta go leor ar a lán ocsaídeoirí, ach tuaslagann an aqua regia (meascán an aigéid nítrigh agus an aigéid hiodraclóraigh) é, mar a thuaslagann sé an t-ór. Nuair a imoibreoidh an platanam leis an aqua regia, déanfar ian coimpléascach, heicseaclóraphlatanáit, de (PtCl62-) - is í an uimhir ocsaídiúcháin atá ag an bplatanam san ian seo ná +4.
Tá an platanam nádúrtha comhdhéanta as sé iseatóp: Pt-190 (0.014 % de phlatanam an dúlra), Pt-192 (0.782 %), Pt-194 (32.967 %), Pt-195 (33.832 %), Pt-196 (25.242 %), agus Pt-198 (7.163). Raidiseatóp é Pt-190, an ceann is teirce acu, nó tagann alfa-mheath air, agus é ag claochlú go hoismiam. Tá leathré chomh fada aige agus gur féidir neamhshuim a dhéanamh dá radaighníomhaíocht - 650,000,000,000 bliain. Le fírinne, is dócha go bhfuil Pt-198 radaighníomhach freisin, ach tá a leathré i bhfad níos faide fós, ionas gur féidir dearcadh air mar núiclíd chobhsaí.
Is iad na huimhreacha ocsaídiúcháin is tábhachtaí ná +2 agus +4.